Similar words :

  cmu
Personal pronoun, 1st person singularForainm pearsanta, 1ú pearsa uatha Úsáideann tú chun tagairt duit féin sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá mé gnóthach ní thiocfaidh mé ar ais ar thit mé i mo chodladh? b'fhearr leo mé a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair chonaic sé mé ní aithníonn siad mé níor gortaíodh mé nuair a íocfar mé an féidir leat mé a chloisteáil? ba mhaith leo mé a stopadh (C) mar ainmní na copaile is ealaíontóir mé / ealaíontóir is ea mé ní maith leis mé ba as an gceantar céanna mé is mé an t-úinéir ní mé is measa 'An tú an buaiteoir?' 'Is mé.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail is mé a roghnaigh iad is mé a roghnaigh siad ní mé a thosaigh an raic déarfainn gur mé ba chúis leis, ceart go leor nach mé féin a scríobh é? (E) mar chuspóir réamhfhocal nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir mé agus an doras beidh siad go breá gan mé gach duine ach mé
Loading phrases and examples...