gile
cmu (gen.sg. g.u. gile) 1. An cháilíocht a bhaineann le solas a shoilsíonn go láidir gile na gréine 2. An riocht atá ar scáileán, msh scáileán teilifíse nó scáileán ríomhaire, a bhíonn ag soilsiú go láidir coigeartaigh gile an scáileáin 3. An cháilíocht atá ag dath atá láidir suntasach seachas dorcha gile na mbláthanna 4. An cháilíocht a bhaineann le bheith an-gheal 5. An cháilíocht nó an staid a bhaineann le rud, msh éadach nó fiacla, atá ar dhath an tsneachta nó an bhainne cosnaíonn sé gile do chuid fiacla Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...