Focail chosúla :

geall

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. gill; nom.pl. ; a.i. geallta; gen.pl. ; g.i. geallta) 1. Suim airgid a chuireann tú ar thoradh rás capall, cluiche peile, nó comórtas eile. Tugann tú an tsuim airgid do dhuine éigin a thugann ar ais duit í agus suim eile lena cois má thuarann tú an toradh ceart. Mura dtuarann, coinníonn an duine eile an t-airgead. chuir sé geall céad euro ar chapall chaill tú do gheall geall a bhaint verbbriathar (pr. láith. geallann; fut. ; fáist. geallfaidh; past ; caite gheall; cond. ; coinn. gheallfadh; vb.n. ; ainm br. gealladh) 2. Má gheallann tú go ndéanfaidh tú rud éigin, deir tú le duine gur cinnte go ndéanfaidh tú é.transitiveaistreach rud a ghealladh do dhuine ní thig liom aon rud a ghealladh gheall sé dúinn go gcuideodh sé linnintransitiveneamhaistreach rinne sí mar a gheall sí PhrasesNathanna mar gheall ar 1. Má tharlaíonn eachtra nó cás mar gheall ar rud éigin, is é an rud sin is cúis leis an eachtra nó cás sin. tháinig imní orthu mar gheall ar an torann chuaigh sí chun na Bruiséile mar gheall ar chúrsaí oibre bhí moill ar an mbus agus chaill mé an cruinniú mar gheall air sin 2. Úsáideann tú mar gheall ar chun a léiriú céard lena mbaineann rud éigin, msh píosa eolais nó leabhar. ceisteanna mar gheall ar do shaol pearsanta leabhar mar gheall ar thuras farraige atá ann geall le bheith Má tá rud éigin geall le bheith fíor nó geall le bheith déanta, mar shampla, tá an rud sin fíor nó déanta den chuid is mó. tá sé geall le bheith dodhéanta a chur i bhfeidhm geall leis Úsáideann tú geall leis chun a rá go bhfuil rud éigin fíor den chuid is mó. bhí mé ag cabhrú léi an lá ar fad, geall leis rud a chur i ngeall financeairgeadasMá chuireann tú rud éigin ar leat féin é i ngeall, fágann tú ag geallbhróicéir é, a thugann airgead ar iasacht duit ar a shon. Is féidir leis an ngeallbhróicéir an rud sin a dhíol mura n-íocann tú an t-airgead ar ais roimh am áirithe.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...