ceal
cmu (gen.sg. g.u. ceal) Má tá ceal rud éigin ann, msh ceal airgid nó ceal eolais, níl go leor den rud sin ann. ceal airgid rud a chur ar ceal 1. Má chuirtear rud éigin ar ceal, msh cluiche nó cruinniú, níl sé ar siúl nó ag tarlú a thuilleadh. chuir siad an cruinniú ar ceal tá an cluiche ar ceal 2. commercetráchtáil, financeairgeadasMá chuireann duine a bhfuil údarás acu rud ar ceal, msh doiciméad, polasaí árachais nó fiach, fógraíonn an duine go hoifigiúil nach bhfuil an rud sin bailí níos mó nó nach ann dó a thuilleadh de réir an dlí. cuireadh an t-ordú ar ceal 3. ++ information technologyteicneolaíocht faisnéiseMá chuirtear rud éigin a rinneadh ar ceal, msh ordú ar ríomhaire, scriosadh an rud a bhí déanta nó rinneadh a mhalairt den rud sin. cuireadh an t-athrú ar ceal 4. Má tá éifeacht rud éigin ar ceal, cuireadh bac ar éifeacht an ruda sin nó cuireadh bac ar an rud ó bheith ag obair i gceart. cuireadh an iarmhairt ar ceal de cheal (also nó cheal) Má deir tú nár tharla, nó nach dtarlóidh rud éigin de cheal ama, eolais srl tá tú a rá nach raibh, nó nach mbeidh, dóthain de na rudaí sin ann chun go dtarlóidís. de cheal ama níl an tionscadal ag dul ar aghaidh cheal foirne Loading phrases and examples...