aonú
an t-aonú ... is ... (also nó an ... is aonú ...) Úsáidtear an t-aonú ... is ... nó an ... is aonú ... le hiolraithe de 10, msh fiche, tríocha, céad, míle, srl, chun tagairt don chéad duine nó rud a chomhaireann tú tar éis an iolraí de 10 sin i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an t-aonú huair is fiche san aonú bliain is caoga ainm an mhíle is aonú custaiméir gan 'an' roimhe aonú cluiche is tríocha an tséasúir / tríocha is aonú cluiche an tséasúir an t-aonú lá is fiche Úsáidtear an t-aonú lá is fiche nuair a bhítear ag tagairt don 21ú lá i mí ar leith mar dháta. an t-aonú lá is fiche d'Eanáir Dé Luain, an t-aonú lá is fiche de Lúnasa tá sí ag teacht ar an aonú lá is fiche tar éis an aonú lá is fiche an t-aonú lá fichead Úsáidtear an t-aonú lá fichead nuair a bhítear ag tagairt don 21ú lá i mí ar leith mar dháta. an t-aonú lá fichead d'Eanáir Dé Luain, an t-aonú lá fichead de Lúnasa tá sí ag teacht ar an aonú lá fichead tar éis an aonú lá fichead an t-aonú lá is tríocha Úsáidtear an t-aonú lá is tríocha nuair a bhítear ag tagairt don 31ú lá i mí ar leith mar dháta. an t-aonú lá is tríocha d'Eanáir Dé Luain, an t-aonú lá is tríocha de Lúnasa tá sí ag teacht ar an aonú lá is tríocha tar éis an aonú lá is tríocha Loading phrases and examples...