aer
cmu (gen.sg. g.u. aeir) An meascán de gháis atá in atmaisféar an Domhain, agus a análaímid isteach ná lig an t-aer fuar isteach aer na farraige aer a chur i rud → aer- caint san aer 1. pejorativedíspeagúilMá thugann tú caint san aer ar an méid a deir nó a scríobhann duine éigin, tá tú ag cáineadh an duine sin mar nach dóigh leat go bhfuil aon phointe soiléir ná tábhachtach sa mhéid atá siad a rá cé go bhfuil a lán le rá acu. ní raibh ann ach caint san aer 2. pejorativedíspeagúilMá thugann tú caint san aer ar an méid a deir nó a scríobhann duine éigin, tá tú ag cáineadh an duine sin mar gur dóigh leat go bhfuil go leor le rá acu ach nach bhfuil sa mhéid a deir siad ach caint agus nach ndéanfaidh siad faic ina thaobh. rud a chaitheamh in aer (also nó rud a chaitheamh san aer) Má chaitheann tú rud éigin in aer, msh rud éigin a bhí ar siúl agat, stadann tú ag gabháil dó. chaith sé na ranganna ceoil in aer faoin aer Is ionann gníomhaíochtaí faoin aer agus gníomhaíochtaí a tharlaíonn taobh amuigh seachas taobh istigh d'fhoirgneamh. ócáid faoin aer spórt amuigh faoin aer ar an aer tv & radioteilifís & raidióI gcúrsaí craoltóireachta, is ionann rud a deirtear nó a tharlaíonn ar an aer agus rud a deirtear nó a tharlaíonn le linn craoladh raidió nó teilifíse. tá sí beo ar an aer faoi láthair níor thuig sé go raibh sé ar an aer Loading phrases and examples...