Focail chosúla :
Foirm de will is ea would

would

modal verbbriathar módúil 1 saying what is or was true in particular circumstances that would be great bheadh sé sin go hiontach, b'iontach é sin I wouldn't recognise him ní aithneoinn é who ever would have thought of it? cé a chuimhneodh riamh air? who would have believed it? cé a chreidfeadh é? 2 expressing opinion with 'will', in past I never thought it would succeed níor shíl mé riamh go n-éireodh leis he said he wouldn't have done it had he known dúirt sé nach ndéanfadh sé é dá mbeadh a fhios aige 3 expressing intention with 'will', in past she said she'd come with me dúirt sí go dtiocfadh sí liom they decided they'd build a house chinn siad go dtógfaidís teach, shocraigh siad teach a thógáil you promised you'd call me gheall tú go nglaofá orm 4 expressing willingness I'd go anywhere to see a game rachainn áit ar bith le cluiche a fheiceáil, bheinn sásta dul aon áit chun cluiche a fheiceáil I'd been trying to tell you but you wouldn't listen bhí mé ag iarraidh a rá leat ach ní éistfeá liom he agreed that he'd make a contribution d'aontaigh sé go dtabharfadh sé síntiús 5 expressing opinion less directly I've been foolish but I wouldn't change anything bhí mé amaideach ach ní athróinn dada I would say there were about a hundre people there déarfainn go raibh timpeall céad duine ann no, I wouldn't say that ní déarfainn é sin 6 expressing malfunction the car wouldn't start ní thosódh an carr 7 describing past practice, habit she'd go out walking every morning théadh sí amach ag siúl gach maidin, ba ghnách léi dul amach ag siúl gach maidin the shop would only open two nights a week ní osclaítí an siopa ach dhá oíche sa tseachtain, níor ghnách leis an siopa a bheith ar oscailt ach dhá oíche sa tseachtain some would get up early d'éiríodh cuid acu go moch, bhíodh cuid acu ina suí go luath 8 saying what happened after point in past► (verb in past tense) after leaving college she would go on to be a teacher tar éis di an coláiste a fhágáil, chuaigh sí leis an múinteoireacht; i ndiaidh í an coláiste a fhágáil, rinneadh múinteoir di this was the routine we'd get used to ba é sin an gnáthamh a ndeachamar i dtaithí air 9 in hypothetical conditions, with 'if' I would do it if I had the time dhéanfainn é dá mbeadh an t-am agam if I won the lottery, I'd buy a huge house dá mbuafainn an crannchur, cheannóinn teach ollmhór I wouldn't be surprised if they left ní chuirfeadh sé iontas orm dá n-imeoidís, ní chuirfeadh sé iontas orm iad imeacht 10 expressing feelings if you have photos it'd be nice to see them má tá grianghraif agat ba dheas iad a fheiceáil I wish he'd shut up nach trua nach n-éistfeadh sé a bhéal, is mairg nach ndúnfadh sé a chlab if you'd prefer to send us an email, please do so dá mb'fhearr leat r-phost a chur chugainn, déan amhlaidh agus fáilte she wouldn't have wanted that níorbh in a bheadh uaithi, ní hin é an rud a bheadh sí a iarraidhwould that 11 expressing offer, invitation would you care for a drink? ar mhaith leat deoch?, an mbeidh deoch agat? would you like to have a go on my bike? ar mhaith leat geábh ar mo rothar?, an bhfuil tú ag iarraidh seal a bheith agat ar mo rothar? 12 making polite request would you help me lift this? an gcuideofá liom é seo a thógáil?, ar mhiste leat cabhrú liom é seo a ardú? would you put on the kettle, please? ar mhiste leat an citeal a chur síos, más é do thoil é?; cuir síos an citeal, le do thoil would it be all right to visit him? an mbeadh sé ceart go leor cuairt a thabhairt air? 13 giving advice I wouldn't open that door ní osclóinn an doras sin, mholfainn duit gan an doras sin a oscailt PhrasesNathanna would that literaturelitríocht would that I had a million euro nár mhéanar milliún euro a bheith agam, nár bhreá an rud é milliún euro a bheith agam would that I had your sense nach é an trua é nach bhfuilim chomh ciallmhar leatsa
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...