Focail chosúla :

thing

nounAinmfhocal 1 object, itemrud masc3 cmu masc4 cmu try a couple of those other things bain triail as cúpla ceann de na rudaí eile sin, triail cúpla ceann de na nithe eile sin I only need a few small things níl uaim ach dornán rudaí beaga, níl uaim ach roinnt nithe beaga what was that thing your man gave you? cad é an rud sin a thug mo dhuine duit? she was looking at that big red thing bhí sí ag féachaint ar an rud mór dearg sin 2 event, fact, situation, etcfor one thinga good thingthe whole thingrud masc3 cmu the first thing I saw an chéad rud a chonaic mé the last thing I want to see an rud deireanach atá mé ag iarraidh a fheiceáil it's all the same thing is mar a chéile uile é, is é an rud céanna ar fad é, is é an dá mhar a chéile é to do the right thing an rud ceart a dhéanamh, an ceart a dhéanamh, an ní is cóir a dhéanamh she did the sensible thing and had her lunch rinne sí an rud ciallmhar agus d'ith sí a lón it's nice to be able to do this sort of thing tá sé go deas a bheith in ann an cineál seo ruda a dhéanamh, tá sé go deas a bheith in ann an saghas seo ruda a dhéanamh things like ... leithéidí...; rudaí mar...; nithe cosúil le you have to cope with things like work and kids caithfidh tú déileáil le rudaí ar nós obair agus leanaí, caithfidh tú déileáil le leithéidí obair agus leanaí the funniest thing about it is that no one said anything is é an rud is barrúla faoi nach ndúirt aon duine dada the thing that really struck me was how bright it was an rud is mó ar thug mé suntas dó a ghile agus a bhí sé the one thing (also the only thing) an t-aon rud, an t-aon ní, an t-aon rud amháin 3 as opposed to person or abstractionearra masc4 cmurud masc3 cmu she was being treated as if she was just a thing bhíothas ag caitheamh léi amhail is nach raibh inti ach earra, bhíothas ag caitheamh léi amhail is nach raibh inti ach rud life isn't a thing but a process ní earra é an saol ach próiseas, is amhlaidh gur próiseas agus nach earra é an saol 4 pejorativedíspeagúil conveying disapprovalrud masc3 cmu take that thing away tabhair leat an rud sin 5 living creaturecréatúr masc1 cmurud beo cmudúil fem2 cmu we searched for things that lived on the reef bhíomar ag cuardach rudaí beo ar an sceir a living thing rud beo, dúil bheo 6 informalneamhfhoirmeálta significant issue, eventrud masc3 cmu masc4 cmu it's quite a thing to win is rud mór é buachan, is mór an ní buachan to make a thing out of sth (also to make a thing of sth; to make a big thing out of sth) scéal mór a dhéanamh as rud, rud mór a dhéanamh de rud, scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh de rud 7 term of affectioncréatúr masc1 cmurud masc3 cmu poor thing créatúr bocht, créatúirín bocht it was the cutest thing I ever saw ba é an ruidín ba ghleoite é dá bhfaca mé riamh SubformsSainfhoirmeacha → things PhrasesNathanna all good things come to an end (also all good things must come to an end) ní thugann gach rud maith ach a shealní mhaireann an rith maith don each i gcónaí all things ... gach ní a bhaineann le ...gach rud beo a bhaineann le ...gach a mbaineann le ... all things Irish gach a mbaineann le hÉirinn to be all things to all men (also to be all things to all people) bheith in ann gach aon duine a shásamh among other things i measc nithe eilei measc rudaí eilechomh maith le rudaí eile and things (also and things like that) agus a leithéidíagus rudaí mar sinagus nithe dá leithéid to be a bad thing bheith ina dhrochrudbheith ina dhrochní that isn't a bad thing ní haon drochrud é sin to be a good thing bheith ina rud maithbheith ina dhea-rudbheith ina dhea-ní this must be a good thing ní foláir nó gur rud maith é seo to do your own thing informalneamhfhoirmeálta do bhealach féin a leanúintdo chomhairle féin a dhéanamhdo rogha rud a dhéanamh to do your thing informalneamhfhoirmeálta he was doing his thing bhí sé ag déanamh an rud a bhfuil sé go maith chuige to do things to sb informalneamhfhoirmeálta dul i bhfeidhm ar dhuinedul i gcion ar dhuine loneliness does things to you téann an t-uaigneas i bhfeidhm ort first thing 1 (also first thing in the morning) in morningar béal maidinean chéad rud ar maidin I'll be there first thing tomorrow beidh mé ann ar béal maidine, beidh mé ann an chéad rud amárach 2 immediatelyláithreach cmuar an bpointe boise cmu she called me first thing ghlaoigh sí orm ar an bpointe boise, ghlaoigh sí orm lom díreach first thing after lunch cruinn díreach i ndiaidh lóin for one thing ar an gcéad dul síos cmuar an gcéad rud they won't understand it for one thing ar an gcéad dul síos ní thuigfidh siad é to have a thing informalneamhfhoirmeálta ► (romantic relationship) they're having a thing, apparently tá siad ag siúl amach le chéile, de réir dealraimh; tá siad mór le chéile, de réir dealraimh► (sexual relationship) he's having a thing with his boss tá cogar an bhlaincéid idir eisean agus a bhas to have a thing about sb/sth informalneamhfhoirmeálta spéis a bheith agat i nduine/rudsuim a bheith agat i nduine/rudbheith tógtha le duine/rud he has a thing about global warming tá sé an-tógtha faoin téamh domhanda he has a thing about cats is fear mór cat é► (negatively) he has a thing about cats is fuath leis na cait to have a thing for sb/sth informalneamhfhoirmeálta an-spéis a bheith agat i nduine/rudan-suim a bheith agat i nduine/ruddúil mhór a bheith agat i nduine/rud he has a thing for horses tá an-suim aige i gcapaill, tá a chroí istigh sna capaill here's the thing is é an rud faoiéist leis seo they made lots of mistakes, but - here's the thing - it didn't matter rinne siad go leor botún, ach - is é an rud faoi - ba chuma; rinne siad go leor botún, ach - éist leis seo - ba chuma how are things? (also how are things going?) cén chaoi a bhfuil cúrsaí?cén chaoi a bhfuil an saol?conas atá an saol agat?cad é mar atá cúrsaí?conas atá cúrsaí? it's a ... thing informalneamhfhoirmeálta is rud é a bhaineann le I think it's a man thing sílim gur rud é a bhaineann le fir just the thing an rud díreach ceart last thing (also last thing at night) an rud deireanach ar fadan rud is déanaí ar fad switch it off last thing at night múch é i ndeireadh na hoíche ar fad, múch é an rud deireanach istoíche no bad thing that's no bad thing ní haon drochrud é sin not a thing faic na frídefaic na ngrást cmuaon rud faoin spéir she can't do a thing without it ní féidir léi faic na fríde a dhéanamh gan é, ní féidir léi faic na ngrást a dhéanamh dá uireasa that doesn't mean a thing ní chiallaíonn sé sin aon rud faoin spéir, ní mheánn sé sin brobh to not know the first thing about sth (also to not understand the first thing about) informalneamhfhoirmeálta bheith dall ar fad ar rud she didn't know the first thing about film bhí sí dall ar fad ar chúrsaí scannán, ní raibh eolas dá laghad aici ar chúrsaí scannán they didn't understand the first thing about the problem bhí siad dall ar fad ar an bhfadhb, ní raibh tuiscint dá laghad acu ar an bhfadhb not sb's thing informalneamhfhoirmeálta football is not really his thing ní fear mór peile é i ndáiríre, níl aon suim mhór aige sa pheil not the thing (also not quite the thing; not the done thing) especially used humorouslyúsáid ghreannmhar it's not the done thing to spit on the floor ní nós linn a bheith ag caitheamh seilí ar an urlár, ní béas linn a bheith ag caitheamh seilí ar an urlár of all things thar aon rud ar domhanthar aon ní eile they're having, of all things, a midnight party cad é do bharúil ach go bhfuil cóisir mheán oíche á heagrú acu; tá siad ag eagrú, thar aon ní eile, cóisir mheán oíche one of those things (also just one of those things) it's just one of those things sin é an saol; cuid den saol é, sin uile X is one thing, Y is another (also it's one thing to..., it's another to...; X is one thing, but...) reading it is one thing, understanding it is another rud amháin é a léamh ach is rud eile é a thuiscint; aon ní amháin é a léamh, a mhalairt de rud ar fad é a thuiscint; is mór idir é a léamh agus é a thuiscint one thing after another rud amháin sa mhullach ar rud eilemí-ádh i ndiaidh mí-áidhtubaiste ar mhuin tubaiste one thing leads to another de réir a chéile cmutarraingíonn scéal scéal eile one thing lead to another and soon I was spending all my time there de réir a chéile thit sé amach go raibh mé ag caitheamh mo chuid ama ar fad ann there's only one thing for it níl ach réiteach amháin air seoníl an dara suí sa bhuaile againnníl an dara rogha againn to be onto a good thing rud maith a bheith aimsithe agatbheith ar mhuin na muicefáinne óir a bheith ort to be seeing things rudaí a bheith á bhfeiceáil duitsiabhrán a bheith ort cmuspeabhraídí a bheith ort cmu to be hearing things rudaí a bheith á gcloisteáil duit a thing or two informalneamhfhoirmeálta rud nó dhó she could tell you a thing or two about that fellow d'fhéadfadh sí sin rud nó dhó a insint duit faoin mboc sin there's a thing! (also now there's a thing!) also used ironicallyúsáid íorónta féach sinféach air sincad a déarfá leis sin? a thing of beauty díol áilleachtacuid súl it's a thing of beauty díol áilleachta is ea é a thing of the past seanrudrud atá imithe in éagrud a bhfuil a lá thart a thing ... literaturelitríocht mar a bheadh it lay there for years like a thing forgotten bhí sé caite ansin ar feadh blianta mar a bheadh rud a bhí dearmadta ann the thing is (also the thing is this) is é an chaoi a bhfuil séis é an rud é the thing is we haven't enough money is é an chaoi nach bhfuil ár ndóthain airgid againn, is é rud é nach bhfuil go leor airgid againn, is amhlaidh nach bhfuil go leor airgid againn the thing about sb/sth is is é an rud faoi dhuine/rud the thing about dogs is that they're very loyal is é an rud faoi mhadraí ná go bhfuil siad an-dílis what with one thing and another (also with one thing and another) idir é seo agus é siúdidir seo agus siúdidir rud amháin agus rud eileidir seo, siúd agus eile the whole thing (also this whole thing) an rud ar fadan rud uile
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...