Focail chosúla :

so

adverbdobhriathar 1 for emphasischomh cmu► (with adjective) I've never felt so close to resigning ní raibh mé riamh chomh gar d'éirí as she was so small and weak bhí sí chomh beag agus chomh lag sin sorry it took so long tá brón orm gur thóg sé chomh fada, tá brón orm gur thóg sé an fad sin I'm ever so grateful to you táim fíorbhuíoch díot she was oh so elegant bhí sí fíorghalánta, bhí sí thar a bheith galánta► (with adverb) they worked so hard d'oibrigh siad chomh crua sin she opened it ever so slightly d'oscail sí é oiread na fríde, d'oscail sí é beagán beag bídeach it happened ever so long ago tharla sé na blianta fada ó shin► (with quantifier) why do so few men apply for it? cén fáth a gcuireann a laghad sin fear isteach air?, cén fáth nach gcuireann níos mó fear isteach air? I had so little time and so much to do bhí a laghad sin ama agam agus an oiread sin le déanamh I, like so many others, had never heard of it dála go leor eile, níor chuala mise riamh faoi there are so many things to do tá an oiread sin rudaí le déanamh, tá a liacht rud le déanamh there are oh so many ways to make this easier tá an oiread sin slite ann chun é seo a dhéanamh níos fusa it looks like so much work tá an chuma air go bhfuil go leor oibre ag baint leis► (with negative) I was not so much frightened as curious ba mhó den fhiosracht ná den eagla a bhí orm, fiosracht níos mó ná eagla a bhí orm it was not so much a revolution but rather an evolution ba mhó d'éabhlóid ná de réabhlóid a bhí ann, bhain níos mó den éabhlóid ná den réabhlóid leis, éabhlóid níos mó ná réabhlóid a bhí ann 2 with consequence she was hit but not so hard as to hurt her buaileadh í ach ní raibh sé chomh dona agus gur gortaíodh í the current was so strong I could hardly swim bhí an sruth chomh láidir sin gur ar éigean a bhí mé ábalta snámh the figures are so small that they don't matter tá na figiúirí chomh híseal gur cuma fúthu he was frightened, so much so that he couldn't speak bhí an oiread sin eagla air nach raibh sé in ann labhairt; bhí eagla air, an oiread agus nach raibh sé in ann labhairt 3 to limited extent she can only go so far with her art ní féidir léi dul ach méid áirithe lena cuid ealaíne I can only take so much of your lies ní féidir liom ach oiread áirithe de do chuid bréag a sheasamh, tá mo dhóthain de do chuid bréag cloiste agamso much as 4 particular but unspecified they behaved like so many brutes d'iompair siad iad féin ar nós scata brútaí you get lodgings in return for so many hours' work faigheann tú do lóistín ar oiread áirithe uaireanta oibre the staff get so much in shares for themselves faigheann an fhoireann oiread áirithe scaireanna dóibh féin they got rid of me like so much rubbish fuair siad réidh liom ar nós ladhar bhruscair, fuair siad réidh liom amhail is gur ladhar bhruscair a bhí ionam if you win then so much the better má bhuann tú is amhlaidh is fearr é, má bhuann tú nach sin mar is fearr é if they don't do it, so much the worse for them mura ndéanann siad é, is dóibh féin is measa his promises were just so much hot air ní raibh ina chuid gealltanas ach caint san aer 5 to same extentchomh cmu there are some good bits and some not so good tá píosaí maithe ann agus roinnt nach bhfuil chomh maith sin he was never so strong as he is now ní raibh sé riamh chomh láidir agus atá sé anois the food wasn't nearly so bad as its reputation ní raibh an bia leath chomh dona agus a bhí a cháil the film did well in the States but not nearly so good in Ireland rinne an scannán go maith sna Stáit ach ní dhearna sé leath chomh maith in Éirinn 6 indicated by gesture I need a piece of string about so long teastaíonn píosa de chorda thart ar an bhfad seo uaim, teastaíonn an fad seo de chorda uaim the water was about so high bhí an t-uisce timpeall chomh hard seo, bhí an t-uisce suas go dtí thart air seo 7 informalneamhfhoirmeálta definitely I'm so going tá mé ag imeacht, gan aon agó; mise á rá go bhfuilim ag imeacht; d'fhéadfá a rá go bhfuil mé ag imeacht he's so not married is cinnte nach bhfuil sé pósta, ar m'anam nach bhfuil sé pósta, d'fhéadfá a rá nach bhfuil sé pósta 8 referring back I hope so! tá súil agam é! maybe I'm wrong but I don't think so b'fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach ní dóigh liom é 'Will there be any tea?' 'Yes, I'd say so.' 'An mbeidh aon tae ann?' 'Beidh, déarfainn.' I rang him up and told him so ghlaoigh mé air agus dúirt mé an méid sin leis I told you so nach in é a dúirt mé leat, sin é a dúirt mé leat, dúirt mé leat é 'It's me!' 'So I see.' 'Mise atá ann!' 'Feicim sin.' it's broken and is likely to remain so tá sé briste agus is dóigh go bhfanfaidh sé mar sin if so más ea, más é sin an cás, más mar sin atá, más amhlaidh atá does she have a phone and, if so, where is it? an bhfuil guthán aici agus, má tá, cá bhfuil sé? if so, why do you put up with it? más amhlaidh atá, cén fáth a gcuireann tú suas leis? he'd love us to visit and will pay for the flights if we do so ba bhreá leis dá rachaimis ar cuairt agus íocfaidh sé as na heitiltí má théimid ann, ba bhreá leis muid dul ar cuairt chuige agus íocfaidh sé as na heitiltí má dhéanaimid amhlaidh 'Did he sell it?' 'So they say.' 'Ar dhíol sé é?' 'Sin a deirtear.' everything has a price or so they say tá a phraghas féin ag gach rud, nó sin é atá ráite she's old, so they tell me tá sí críonna, nó sin é a deir siad liom; tá sí aosta, nó sin é a chloisim it'll end soon, or so I understand críochnóidh sé go luath, de réir mar a thuigim; críochnóidh sé go luath, má thuigim i gceart é it's hard to meet people and more so to make friends tá sé deacair bualadh le daoine agus níos deacra fós cairde a dhéanamh it was as bad as last time, if not more so bhí sé chomh hainnis leis an uair dheiridh, mura raibh sé níos measa fós visitors were always welcome, never more so than at Christmas bhíodh fáilte i gcónaí roimh chuairteoirí, ag am Nollag thar aon am eile; bhíodh fáilte i gcónaí roimh chuairteoirí, faoi Nollaig thar am ar bith beo we all hate the heat, none more so than my sister is fuath linn ar fad an brothall, mo dheirfiúr thar aon duine eile; is fuath linn ar fad an teas ach is measa mo dheirfiúr ná duine ar bith some players are good, some less so tá roinnt imreoirí go maith, roinnt nach bhfuil chomh maith céanna; tá imreoirí maithe ann agus imreoirí nach bhfuil chomh maith sin it's frequented by children, less so by adults leanaí is mó a bhíonn ann, ní théann an oiread sin daoine fásta ann; leanaí is mó a bhíonn ann, is lú ná sin daoine fásta a théann ann 'You're interested in the job?' 'Yes, very much so.' 'Tá spéis agat sa phost?' 'Tá go deimhin.'; 'Tá spéis agat sa phost?' 'D'fhéadfá a rá go bhfuil.' it's an interesting city, very much so from an architectural perspective cathair spéisiúil atá inti, go háirithe ó thaobh na hailtireachta de 'I'm very sorry.' 'So you should be.' 'Tá an-bhrón orm.' 'Ba cheart go mbeadh.'; 'Tá an-bhrón orm.' 'Agus cúis agat leis.' you're very proud of this prize and so you should be tá tú an-bhródúil as an duais seo agus a ábhar sin agat, tá tú an-bhródúil as an duais seo agus cén fáth nach mbeifeá that's mine, so it is is liomsa é sin, bíodh a fhios agat they're terrible so they are tá siad uafásach, tá siad sin; tá siad millteanach, tá sin; ambaiste féin, tá siad uafásach 'That's his house there.' 'Aye, so it is!' 'Sin é a theach ansin.' 'Sin é é ceart go leor!' 'It's too hot to play.' 'So it is, much too hot.' 'Tá sé róthe le dul ag imirt.' 'Tá sé ambaiste, i bhfad róthe.'; 'Tá sé róthe le dul ag imirt.' 'M'anam go bhfuil, i bhfad róthe.' if it costs more, so be it níl aon réiteach air má chosnaíonn sé a thuilleadh; má chosnaíonn sé níos mó, níl aon leigheas air they're still not happy but so be it níl siad sásta fós ach sin mar a bhíonn, níl siad sásta fós ach bíodh acuand so onso to speak 9 the case, truth 'I'm going now.' 'Is that so?' 'Tá mé ag imeacht anois.' 'An mar sin é?'; 'Táim ag imeacht anois.' 'An ndeir tú liom é?' I'm not sure but it seems so nílim cinnte ach is cosúil gur mar sin atá, nílim cinnte ach dealraíonn sé gur mar sin atá say it ain't so ná habair gur mar sin atá, abair liom nach bhfuil sé sin fíor she says I did it but that's not so deir sí gur mise a rinne é ach ní mé, deir sí gur mise a rinne é ach ní hamhlaidh atá 10 contradicting negative 'You never told me you did it.' 'I did so!' 'Ní dúirt tú riamh liom gur tusa a rinne é,' 'Dúirt sin!'; 'Ní dúirt tú riamh liom gur tusa a rinne é,' 'Dúirt mé, bhuel!'; 'Ní dúirt tú riamh liom gur tusa a rinne é,' 'Dúirt leoga!' 'He didn't finish it.' 'He did so!' 'Níor chríochnaigh sé é.' 'Chríochnaigh sé sin!'; 'Níor chríochnaigh sé é.' 'Chríochnaigh sé, muise!' you do so have more money tá a thuilleadh airgid agat, cinnte; tá a thuilleadh airgid agat, tá sin; tá, bhuel, níos mó airgid agat 11 referring forward you can come if you so desire is féidir leat teacht más mian leat, féadfaidh tú teacht má theastaíonn uait they can ring me if they so wish glaoidís orm más maith leo, féadfaidh siad glaoch orm más é sin atá uathu I'm fast but it just so happens he's faster táim tapa ach tarlaíonn sé go bhfuil sé siúd níos tapúla she just so happened to be there before me tharla sé go raibh sí ann romham, tharla di a bheith ansin romham and so it was that I found myself on the beach agus b'in mar a ráinigh dom a bheith ar an trá, agus b'in mar a tharla dom a bheith ar an trá so it was that we didn't meet sin mar a tharla sé nár bhuaileamar le chéile, is dá bharr sin nár bhuaileamar le chéile 12 in such manner plus consequencesa chaoisa tslísa dóigh the wall was so built that it could be climbed from one side tógadh an balla sa chaoi go bhféadfaí é a dhreapadh ó thaobh amháin tunnels must be so constructed as to allow easy passage caithfear tolláin a thógáil sa dóigh gur féidir dul tríothu go héasca 13 (also like so) like thismar seo cmu you have to hold the top — so caithfidh tú greim a choinneáil ar an mbarr — mar seo 14 by means stated we had a great summer, so ensuring that we were happy bhí samhradh iontach againn, rud a d'fhág go rabhamar sásta her son hit mine, so beginning the feud bhuail a macsan mo mhacsa, rud a chuir tús leis an achrann; bhuail a macsan mo mhacsa, agus b'in é ba thús leis an achrann 15 and then, and nextmar sin cmu and so to the last singer of the evening agus mar sin ar aghaidh linn go dtí amhránaí deireanach na hoíche so, let's go back to the plan sea más ea, féachaimis ar an bplean arís so, who won in the end? cé a bhuaigh ar deireadh, mar sin? so why do it at all? cén fáth a ndéanfá in aon chor é, mar sin? 16 accordingly, thenmar sin cmu right, so ceart go leor, mar sin will I come along, so? an dtiocfaidh mise in éineacht leat, mar sin? conjunctioncónasc 17 similarly, also 'I'll go!' 'So will I!' 'Rachaidh mise!' 'Rachaidh mise freisin!'; 'Rachaidh mise!' 'Mise leis!'; Rachaidh mise!' 'Rachaidh, agus mise!' I've been here for years and so have my family before me táimse anseo le blianta agus mo mhuintir romham chomh maith he works hard and so do his friends oibríonn sé go crua agus déanann a chairde amhlaidh, oibríonn sé go crua agus is amhlaidh dá chairde if air can escape so can water más féidir le haer éalú is amhlaidh don uisce, má thig le haer éalú tig le huisce chomh maith the young children liked it and so will the teenagers thaitin sé leis na leanaí óga agus taitneoidh sé leis na déagóirí freisin not only were we late but so too were the teachers ní hamháin go rabhamarna mall ach bhí na múinteoirí fosta, ní hamháin go rabhamarna deireanach ach b'amhlaidh do na múinteoirí é 18 correspondingly just as the rain stopped, so did the concert chomh luath agus a stop an bháisteach, stop an cheolchoirm chomh maith; stop an cheolchoirm ag an am céanna leis an mbáisteach 19 (also so that) with the result thationas cmusa chaoi is cmusa tslí is cmusa dóigh is cmu hold it so it can't be seen beir air sa tslí is nach féidir é a fheiceáil, beir air ionas nach féidir é a fheiceáil the curtains were drawn so that they couldn't look out bhí na cuirtíní tarraingthe ionas nach bhféadfaidís féachaint amach, bhí na cuirtíní tarraingthe sa chaoi is nach bhféadfaidís féachaint amach 20 (also so that) with the following purposeionas cmusa chaoisa tslísa dóigh he blindfolded me so I couldn't see where I was going chuir sé púicín orm ionas nach bhfeicfinn cá raibh mé ag dul buy a blanket so you'll be warm at night ceannaigh blaincéad sa chaoi go mbeidh tú te istoíche, ceannaigh pluid le go mbeidh tú te san oícheso as to 21 as consequencemar sin cmudá bhrí sin cmudá bharr sin cmudá thoradh sindá réir sin cmu I was late so I missed the fun bhí mé déanach agus mar sin chaill mé an chraic, bhí mé déanach agus chaill mé an chraic dá bharr they're cutting spending so hospitals will be closed tá siad ag laghdú caiteachais agus dá thoradh sin dúnfar ospidéilso there! 22 introducing deductionmar sin cmudá bhrí sin cmudá réir sin cmu so, you want to keep going? teastaíonn uait leanúint ar aghaidh, mar sin? she was back quickly, so she didn't stay there for long d'fhill sí go tapa, rud a d'fhág nár fhan sí ann rófhada 23 asking for confirmationmar sin cmudá bhrí sin cmudá réir sin cmu so he's dead, is he? tá sé básaithe mar sin, an ndeir tú liom? so, you're going tomorrow but not with me? tá sibh ag imeacht amárach mar sin, ach ní in éineacht liomsa? 24 acknowledging okay, so that's a lie ceart go leor, bréag atá ann sin so I'm not perfect, we can't all be ar ndóigh nílim gan locht, ní féidir linn ar fad a bheith mar sinso what? PhrasesNathanna and so on (also and so forth) agus mar sin deagus araile cmuagus a leithéid he asked me about my friends, school and so on d'fhiafraigh sé díom faoi mo chuid cairde, faoin scoil agus mar sin de you need a driving licence, birth certificate and so on teastaíonn ceadúnas tiomána, teastas breithe agus a leithéid sin uait or so nó mar sinnó thart faoi sin I was there for ten minutes or so chaith mé deich nóiméad nó mar sin ann so as to chun cmuionas cmu drink water so as not to get thirsty ól uisce ionas nach mbeidh tart ort, ól uisce sa chaoi nach mbeidh tart ort I get up early so as to go for a run éirím go moch chun dul ag rith, éirím luath le dul ag rith so much as she didn't so much as speak to me níor labhair sí liom, fiú amháin; ní fiú gur labhair sí liom; an focal amháin féin níor labhair sí liom; níor labhair sí oiread is focal amháin féin liom he never so much as laughed an gáire féin ní dhearna sé, ní dhearna sé gáire féin we haven't had so much as a phone call níor tháinig oiread is glaoch gutháin féin chugainn, ní bhfuaireamar an glaoch gutháin féin I'll kill you if you so much as open your mouth maróidh mé thú má osclaíonn tú do bhéal féin, maróidh mé thú má dhéanann tú oiread agus do bhéal a oscailt, maróidh mé thú má tá i ndán is go dtagann oiread is focal as do bhéal so much for 1 changing topic so much for business, now, tell me, how are the kids? caithimis uainn é mar ghnó, anois, inis dom, conas atá na leanaí?; sin é ár ndóthain faoi chúrsaí gnó, anois, inis dom, cén chaoi a bhfuil na gasúir? 2 dismissing sth so much for fair play! sin agat do chothrom na Féinne! so much for helping me! anois cá bhfuil do chúnamh! so there! sin sinsin a bhfuil le rá faoi I'll do it myself, so there! déanfaidh mé féin é, agus sin sin!; déanfaidh mé féin é, bíodh agat! so to speak (also so to say) mar a déarfámar a dúirt an té a dúirt he looked after me, so to speak thug sé aire dom, mar a déarfá that dog is my baby, so to speak is é an madra sin mo leanbh, mar a dúirt an té a dúirt so what? is cumanach cuma so what if you're tired nach cuma má tá tuirse ort she's famous, so what? tá sí cáiliúil, nach cuma?
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...