Focail chosúla :
Foirm de shall is ea should

should

modal verbbriathar módúil 1 indicating sth advisable, desirable what should I say? cad ba cheart dom a rá?, cad é ba chóir dom a rá? 'I might go.' 'You should.' 'B'fhéidir go rachainn.' 'Ba cheart duit.' it shouldn't be done in a rush níor cheart é a dhéanamh faoi dheifir you shouldn't feel guilty níor chóir go mbeifeá ag mothú ciontach you shouldn't believe everything he says ná creid gach rud a deir sé I don't know if I should níl a fhios agam ar chóir dom, ní fheadar ar cheart dom should I have gone? ar cheart dom dul?, ar chóir dom dul? thank you, you shouldn't have! míle buíochas, ní raibh aon ghá lena leithéid! 2 indicating if only you should see his face dá bhfeicfeá a aghaidh you should hear what she said about you dá gcloisfeá an rud a dúirt sí fút, ní chreidfeá cad a dúirt sí fút 3 indicating obligation, duty, etc they should pay the bill ba cheart dóibh an bille a íoc there should be a record kept of it ba cheart taifead a choinneáil de it should be said that it's difficult ní mór a rá go bhfuil sé deacair, ba cheart a rá go bhfuil sé deacair I should explain that I'm her father ba cheart dom a mhíniú gur mé a hathair she said that I should sit dúirt sí gur chóir dom suí síos, dúirt sí nár mhiste dom suí síos I wasn't sure what I should do ní raibh mé cinnte cad ba chóir dom a dhéanamh I don't see why I should have to ní fheicim cén fáth a mbeadh orm it shouldn't be seen as a failure níor cheart breathnú air mar theip she hates him and so she should tá an ghráin aici air agus cén fáth nach mbeadh?, is fuath léi é agus tá a ábhar aici he shouldn't sign, so he shouldn't níor cheart dó síniú, níor cheart sin 'Forget it.' 'Why should I?' 'Déan dearmad air.' 'Cén fáth a ndéanfainn?' 4 indicating what is expected it should be easy ba cheart go mbeadh sé éasca, ba chóir go mbeadh sé furasta that should be her now déarfainn gur sin í anois it should be possible ba chóir go bhféadfaí é a dhéanamh, ba cheart go mbeadh sé indéanta I should know is agamsa atá a fhios how should I know? cén chaoi a mbeadh a fhios agamsa? I should have known ba cheart go mbeadh a fhios agam, d'fhéad mé fios a bheith agam it worked as it should d'oibrigh sé mar is cóirwho should...but...? 5 indicating what might happen if I were rich I should love to travel dá mbeinn saibhir ba bhreá liom taisteal I'll leave if he should try anything imeoidh mé má thriaileann sé aon ní we'll be in touch should we need more details beimid i dteagmháil má bhíonn a thuilleadh sonraí uainn in order that there should be no misunderstanding chun nach mbeadh aon mhíthuiscint ann 6 indicating attitude I'm appalled that this should be allowed to happen tá alltacht orm go ligfí dó seo tarlú it's strange that they should ask that is ait gur chuir siad an cheist sin 7 in polite request, suggestion, etc I should like to express my thanks ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl I should be pleased to meet them bheinn an-sásta bualadh leo, ba bhreá liom casadh leo 8 in indirect speech I said that I should be delighted to play dúirt mé go mbeadh áthas orm imirt 9 indicating firm belief I should imagine it's easy enough shamhlóinn go bhfuil sé sách éasca, ba dhóigh liom go bhfuil sé éasca go leor it'll be expensive, I should think beidh sé daor, mura bhfuil dul amú orm; beidh sé costasach, déarfainn; beidh sé daor, cheapfainn 'It's not far.' 'I should hope not.' 'Níl sé i bhfad.' 'Tá súil agam nach bhfuil.' PhrasesNathanna who should ... but ... (also what should ... but ...) and who should come along but Seán agus cé a thiocfadh an treo ach Seán who should I see but my father cé a d'fheicfinn ach m'athair, cé a chonaic mé ach m'athair what should they do but tell her cad a rinne siad ach a rá léi
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...