Focail chosúla :

keen

adjectiveaidiacht 1 impatient to do sth he's keen to go home tá fonn air dul abhaile, tá sé i bhfách le dul abhaile, tá sé ag iarraidh dul abhaile she's mad keen to start tá sí scafa chun tosú, tá sí ar bís le tosú, is fada léi go dtosóidh sí we're very keen for him to succeed ba mhaith linn go mór go n-éireodh leis, tá súil le Dia againn go n-éireoidh leiskeen as mustard 2 fond of sth/sb she's keen on swimming tá sí an-tógtha leis an snámh, tá an-dúil aici sa snámh, tá tóir ar an snámh aici I'm not that keen on the colour ní maith liom an dath mórán, níl mé róthógtha leis an dath he's not too keen on seafood níl sé róthógtha le bia mara, níl mórán dúile aige i mbia mara, ní fear mór bia mara é, is beag air iasc Síle is very keen on him tá an-spéis ag Síle ann, tá an-nóisean ag Síle dó, tá Síle ardaithe ina dhiaidh 3 follower of hobby, sportdíograiseach adj1  cmu we're keen walkers táimid an-tugtha don siúl, bheimis beo ag siúl 4 ambitioustreallúsach adj1  cmu he's a keen lad is leaid é a bhfuil dul chun cinn ann, is stócach treallúsach é, stócach ligthe é 5 of feeling: strongan- pref  cmumór adj1  cmu he has a keen interest in current affairs tá an-spéis aige i gcúrsaí reatha, tá suim mhór aige i gcúrsaí reatha he has a keen desire to learn Irish tá an-fhonn air Gaeilge a fhoghlaim, tá sé meáite ar Ghaeilge a fhoghlaim they felt a keen disappointment after the competition bhí díomá an domhain orthu i ndiaidh an chomórtais 6 of competition: fiercegéar adj1  cmudian adj  cmu there was a keen contest between them bhí coimhlint ghéar eatarthu, bhí féacháil ghéar eatarthu there's keen competition for places on the team tá iomaíocht ghéar ann chun áit a fháil ar an bhfoireann 7 (of intelligence, look) intensegrinn adj1  cmu she has a keen understanding of his work tá tuiscint ghrinn aici ar a shaothar, tá an-tuiscint aici ar a shaothar he gave her a keen look thug sé amharc grinn uirthi 8 (of senses) powerfulgéar adj1  cmumaith adj1  cmu the dog has a keen sense of smell tá srón ghéar ag an madra, tá an madra géarshrónach, tá an-srón ar an madra, tá boladh láidir ag an madra she has a keen sense of hearing tá cluas ghéar aici you need keen eyesight bíonn súil ghéar ag teastáil, chaithfeá a bheith géarshúileach 9 (of blade) sharp literaturelitríochtgéar adj1  cmufaobhrach adj1  cmu 10 (of wind) cold, biting especiallygo háirithe literaturelitríochtnimhneach adj1  cmufeanntach adj1  cmu there's a keen wind tá gaoth nimhneach ann, tá gaoth bhioranta ann, tá gaoth ropánta ann verbbriathar 11 make lament intransitiveneamhaistreachcaoin verb  cmu they keened over him chaoin siad é transitiveaistreachcaoin verb  cmu to keen the dead na mairbh a chaoineadh nounAinmfhocal 12 lamentcaoineadh masc  cmu PhrasesNathanna as keen as mustard informalneamhfhoirmeáltachomh díbhirceach le beach they're as keen as mustard tá siad ar bís, tá flosc orthu
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...