Focail chosúla :

if

conjunctioncónasc 1 talking about sth that might happen► (in the affirmative)  cmu if it's too late má tá sé ródhéanach if it's a problem más fadhb é if he calls má ghlaonn sé if you change your mind má athraíonn tú d'intinn, más rud é go n-athraíonn tú d'intinn, sa chás go n-athraíonn tú d'intinn if you want (also if you like) más mian leat, más maith leat, má theastaíonn uait, má tá tú ag iarraidh if so más ea, más mar sin atá, más mar sin é, más amhlaidh atá if necessary más gá, má theastaíonn sé if possible más féidir it's too early to say if and when work will begin tá sé róluath a rá cén uair a thosóidh an obair nó an dtosóidh sí ar chor ar bith► (in the negative) mura cmu if it isn't too late mura bhfuil sé ródhéanach if it isn't a problem mura fadhb é if he doesn't call mura nglaonn sé Call in if you can. If not, ring me. Buail isteach más féidir leat. Mura féidir, glaoigh orm. 2 providing► (in the affirmative)  cmumás rud é go you can go there if you get the points féadfaidh tú dul ann má fhaigheann tú na pointí you can go only if you're 18 or over ní féidir leat dul ann ach amháin má tá tú 18 nó os a chionn they take it back if, and only if, you have the receipt ní thógfaidh siad ar ais é ach amháin má tá an admháil agat► (in the negative) mura cmu you'll be fine if you don't do anything silly beidh tú i gceart mura ndéanann tú aon rud amaideach you can stay here if you don't touch anything féadfaidh tú fanacht anseo mura mbaineann tú d'aon rud 3 talking about unlikely possibility► (in the affirmative)  cmudá mba rud é go even if ... fiú dá ... what would you do if there were an accident? cad a dhéanfá dá dtarlódh timpiste? I wouldn't go there even if you paid me ní rachainn ann fiú dá n-íocfá mé, ní rachainn ann dá n-íocfá féin mé► (in the negative) mura cmu what would you do if you couldn't go back? cad é a dhéanfá mura dtiocfadh leat dul ar ais?what if? 4 saying what would have happened► (in the affirmative)  cmudá mba rud é go if he'd known at the time, he would have waited dá mbeadh a fhios aige san am, d'fhanfadh sé; dá mba rud é go raibh a fhios aige ag an am, d'fhanfadh sé if you'd told me, I would have kept it for you dá ndéarfá liom, choinneoinn duit é; dá mba rud é go ndúirt tú liom, choimeádfainn duit é► (in the negative) mura cmu what would you have done if you hadn't had the money? cad é a dhéanfá mura mbeadh an t-airgead agat? 5 when, whenever I get really tired if I stay up late éirím an-tuirseach nuair a fhanaim i mo shuí go mall, tagann an-tuirse orm má théim a chodladh déanach if you break the law, you pay the penalty nuair a bhriseann tú an dlí, íocann tú as; má bhriseann tú an dlí, íocann tú as it's better if they don't know bíonn sé níos fearr nuair nach mbíonn a fhios acu, bíonn sé níos fearr mura mbíonn a fhios acu 6 whether I don't know if she's in yet níl a fhios agam an bhfuil sí istigh fós they haven't heard if the meeting is tomorrow or Monday níor chuala siad an amárach nó Dé Luain a bheidh an cruinniú ann, níor chuala siad cé acu amárach nó Dé Luain a bheidh an cruinniú ann I wonder if it can get any worse meas tú an bhféadfadh sé éirí níos measa, níl a fhios agam an dtiocfadh leis éirí níos measa do you know if the meat is organic or not? an bhfuil a fhios agat an feoil orgánach í nó nach ea? 7 expressing feeling about sth it'd be great if you could come and help me bheadh sé iontach dá bhféadfá teacht agus cuidiú liom, bheadh sé iontach dá mba rud é go bhféadfá teacht agus cuidiú liom I'm sorry if I'm annoying you tá brón orm má táim ag cur isteach ort, tá brón orm más rud é go bhfuil mé ag cur isteach ort 8 in polite requests ladies and gentlemen, if you would please stand a dhaoine uaisle, mura miste libh seasamh; a dhaoine uaisle, ar mhiste libh seasamh? if you wouldn't mind mura miste leat, murar mhiste leat, dá bhféadfá, dá dtiocfadh leat if you wouldn't mind handing me that plate murar mhiste leat an pláta sin a shíneadh chugam, an bhféadfá an pláta sin a shíneadh chugam? if it's all right with you (also if you don't mind) mura miste leat, más cuma leat 9 but perhaps the food is good, if a little expensive tá an bia go maith, má tá sé beagán daor féin; tá an bia go maith, cé go bhfuil sé beagán daor 10 qualifying what precedes rarely, if ever, do we get a dry week is annamh a bhíonn seachtain thirim againn, má bhíonn riamh few people, if anyone at all, recognised her is beag duine, má bhí duine ar bith, a d'aithin íif not 11 expressing surprise well if it isn't yourself! bhuel, tú féin atá ann! if he didn't try to make a fool of me ní chreidfeá ach gur thriail sé amadán a dhéanamh díom PhrasesNathanna if anything más dada émá tá a dhath ann the prices are down, if anything más dada é, is amhlaidh atá na praghsanna níos ísle if ever that's a load of old rubbish if ever I heard it! sin seafóid má bhí a leithéid riamh ann!, sin seafóid má chuala mé riamh é! if ever there was one má bhí a leithéid riamh ann, chomh cinnte agus atá cros ar an asal, go cinnte glan an accident waiting to happen if ever there was sin timpiste a bhí réidh le tarlú go cinnte glan if it weren't for (also were it not for) murachmura mbeadhach gurb éach ab é I wouldn't be alive if it weren't for the seatbelt ní bheinn beo murach an crios sábhála, ní bheinn beo ach gurb é an crios sábhála if it weren't for Seán she would have resigned murach Seán d'éireodh sí as, ach ab é Seán d'éireodh sí as if I were you dá mba mise tusadá mbeinnse i do chuid brógdá mbeinn i d'áitse if not chewing gum is difficult if not impossible to clean tá sé deacair, nó fiú dodhéanta, guma coganta a ghlanadh; tá sé deacair, mura bhfuil sé dodhéanta, guma coganta a ghlanadh; tá sé deacair, nó go deimhin féin dodhéanta, guma coganta a ghlanadh if only ... 1 expressing strong desire, longingis mór an trua nach ...faraor nach ...nár mhéanar dá ...is mairg nach ... if only every day could be like this nach mór an trua nach bhféadfadh gach uile lá a bheith mar seo, faraor nach mbíonn gach lá mar seo, nár dheas dá mbeadh gach lá mar seo 2 even if for no other reason thanmura mbeadh ann ach walking is great if only to get out of the house tá an tsiúlóid go hiontach mura mbeadh ann ach imeacht as an teach, tá an tsiúlóid go hiontach fiú más ar mhaithe le himeacht as an teach féin é ifs and buts there's a lot of ifs and buts about this project tá go leor éiginnteachta faoin tionscadal seo it's a big if (also that's a big if) if, and it's a big if, we were to win dá mbuafaimis, agus níl ann ach dá; dá mbainfimis, agus is mór an dá é what if? cuir i gcás ...más rud é go ...abair go ... and what if he doesn't come here? agus mura dtagann sé anseo?, agus cuir i gcás nach dtagann sé anseo?, agus céard a tharlóidh mura dtagann sé anseo? what if she hadn't come yesterday? dá mba rud é nár tháinig sí inné?
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...