Focail chosúla :

how

adverbdobhriathar 1 in what waycén chaoi cmuconas cmucén dóigh cmucad é mar how did you break it? cén chaoi ar bhris tú é?, conas a bhris tú é?, cén dóigh ar bhris tú é?, cad é mar a bhris tú é? how does it work? cén chaoi a n-oibríonn sé?, conas a oibríonn sé? how can you do that? cad é mar a thig leat é sin a dhéanamh?, cén dóigh a dtig leat é sin a dhéanamh? I don't know how to open it níl a fhios agam cén chaoi lena oscailt, níl a fhios agam conas é a oscailt, níl a fhios agam cén dóigh le hé a oscailt it tells us how to save a file insíonn sé dúinn an chaoi chun comhad a shábháil, insíonn sé dúinn conas comhad a shábháil, insíonn sé dúinn an bealach le comhad a shábháil here's how it's done seo mar a dhéantar é, seo é an chaoi a ndéantar é, is mar seo a dhéantar é, seo an dóigh a ndéantar é he showed us how the system works thaispeáin sé dúinn conas a oibríonn an córas, thaispeáin sé dúinn an chaoi a n-oibríonn an córas, thaispeáin sé dúinn an tslí a n-oibríonn an córas 2 asking about health, progress, etccén chaoi cmucén dóigh cmuconas cmucad é mar how are you? cén chaoi a bhfuil tú?, conas atá tú?, cad é mar atá tú? how's he getting on? cén chaoi a bhfuil ag éirí leis?, conas atá ag éirí leis?, cad é mar atá ag éirí leis? how was the party? cén chaoi a raibh an chóisir?, conas a bhí an chóisir?, cad é mar a bhí an chóisir? how are things? (also how are you doing?; how's it going?) cén chaoi a bhfuil cúrsaí?, cad é mar atá cúrsaí ag gabháil?, conas atá an saol ag gabháil duit?, cén scéal leat?how do you do? 3 asking about size, amount, extent, etccé chomh cmucad é chomh cmu how often do you go there? cé chomh minic agus a théann tú ansin?, cá mhinice agus a théann tú ansin? how old are you? cén aois thú? how old was he? cén aois a bhí aige?, cé chomh sean agus a bhí sé?, cad é chomh sean agus a bhí sé? how long were you there? cá fhad a bhí tú ansin?, cén t-achar a bhí tú ansin? how much? cá mhéad?, cé mhéad?, cén méid?, an mó? how much time do you need? cá mhéad ama a theastaíonn uait? how much is it? cá mhéad atá air?, cén méid a chosnaíonn sé? did he find out how much was lost? an bhfuair sé amach cá mhéad a cailleadh? she was surprised at how much it cost bhí iontas uirthi cén méid a chosain sé, bhí iontas uirthi cá mhéad a chosain sé how many cá mhéad, cén méid, an mó how many were present? cá mhéad a bhí i láthair?, cén méid a bhí i láthair?, an mó a bhí i láthair? how many drinks did you have? cá mhéad deoch a bhí agat?, an mó deoch a bhí agat?, cén méid deochanna a bhí agat? how many times did you go there? cá mhéad uair a chuaigh tú ann?, an mó uair a chuaigh tú ann?, cén méid uaireanta a chuaigh tú ann? 4 in exclamations how wonderful! iontach!, nach bhfuil sé sin go hiontach! how kind of you to call nach deas uait teacht ar cuairt, nach lách an mhaise duit teacht ar cuairt how lucky am I! nach ormsa atá an t-ádh! how the baby cries! a leithéid de ghol a dhéanann an páiste!, nach ag an bpáiste atá an caoineadh! how they laughed nach iad a rinne an gáire 5 talking about the way sth is, looks, etcan tslí cmuan chaoi cmuan dóigh cmu that's how it should be sin an chaoi ar cheart dó a bheith, sin an dóigh ar chóir dó a bheith, sin mar ba chóir dó a bheith that's how it looks sin an chuma atá air, sin mar a dhealraíonn sé that's how it looks to me sin mar a fheicimse é, sin mar a fheictear domsa é all is not quite how it seems ní mar a shíltear a bhítear conjunctioncónasc 6 the way in whichan chaoi cmuan dóigh cmuan tslí cmu that's how things go sin an chaoi a mbíonn sé, sin an dóigh a mbíonn sé, sin mar a bhíonn it depends how he feels tá sé ag brath ar an gcaoi a n-airíonn seisean, tá sé ag brath ar an dóigh a mothaíonn seisean you know how I hate liars tá a fhios agat an ghráin atá agam ar bhréagadóirí 7 in whatever waycibé caoi cmucibé bealach cmucibé dóigh cmupé slí cmu live your life how you want caith do shaol cibé dóigh is maith leat, caith do shaol mar is maith leatsa, caith do shaol ar do rogha slí you can pay how you like tig leat íoc cibé dóigh atá fóirsteanach duit, is féidir leat íoc pé slí a oireann duit, is féidir leat íoc mar a fheileann duit PhrasesNathanna and how d'fhéadfá a rá!glac uaim é!sin scéal cinnte! you've learned your lesson, and how! d'fhéadfá a rá gur fhoghlaim tú do cheacht; d'fhoghlaim tú do cheacht, sin scéal cinnte how about ... 1 in suggestionscéard faoicad faoicad é faoi how about a cup of tea? céard faoi chupán tae?, cad faoi chupán tae?, cad é faoi chupán tae? how about writing to them? céard faoi scríobh chucu?, cad faoi scríobh chucu?, cad é faoi scríobh chucu? how about it? céard a déarfá?, cad is dóigh leat?, cad a cheapfá?, cad é do bharúil? we need help, so how about it? teastaíonn cúnamh uainn, céard a déarfá? 2 asking about sb/sth elsecéard faoicad faoicad é faoi I'm tired, how about you? táimse tuirseach, céard fútsa? how about that? (also how do you like that?) cad a déarfá leis sin?anois céard a déarfá?cad é do bharúil de sin? how could you? cén chaoi a bhféadfá?cad é mar a thiocfadh leat?conas a d'fhéadfá? how could you say such a thing? cén chaoi a bhféadfá a leithéid de rud a rá?, cad é mar a thiocfadh leat rud mar sin a rá? how come? cén fáth?cad chuige?cad ina thaobh? how come you didn't call? cén fáth nár ghlaoigh tú?, cad chuige nár scairt tú?, cad ina thaobh nár ghlaoigh tú? how do you do? cén chaoi a bhfuil tú?cad é mar atá tú?conas atá tú? how so? (also how's that?) cén chaoi é sin?cad chuige sin?cén dóigh?conas sin? how's that again? (USSAM), informalneamhfhoirmeálta céard é sin arís?cad é sin arís?conas é sin arís?abair é sin arís how's that for ...? cad a déarfá leis sin mar ...?sin ... agat how's that for preparation? cad a déarfá leis sin mar ullmhúchán?, sin ullmhúchán agat the how and why of sth fios fátha rudaan t-údar atá le rudbun agus barr ruda
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...