Focail chosúla :

have

verbbriathar 1 (also have got) possess, be keeper of transitiveaistreach have you any money? an bhfuil aon airgead agat? he wants to have a big car ba mhaith leis carr mór a bheith aige have you any money? an bhfuil aon airgead agat? I hadn't any food ní raibh aon bhia agam if I had a million euro dá mbeadh milliún euro agam she's got two dogs and a cat tá dhá mhadra agus cat aiciand what have yoube hadhave had ithave ithave to oneselfto be hadhave back 2 (also have got) be endowed with transitiveaistreach we have a good education system tá córas maith oideachais againn Donegal had no government ministers ní raibh aon aire rialtais ag Dún na nGall every area has its own problems tá a dheacrachtaí féin ag gach ceantar he's got his own company tá a chomhlacht féin aigelet's be having youyou have me there 3 (also have got) physical, genetic characteristic transitiveaistreach she has red hair tá gruaig rua uirthi he's got brown eyes tá súile donna aige it has red spots over its body tá spotaí dearga ar a chorp, tá a cholainn breactha le spotaí dearga 4 (also have got) as character trait transitiveaistreach she has no sense of humour níl aon acmhainn grinn aici, níl féith an ghrinn inti they have great courage tá an-mhisneach acu they haven't got the courage to tell me níl de mhisneach acu a rá liom he's got all the qualities that are required tá na tréithe ar fad atá ag teastáil aige they had little in common ba bheag a bhí i bpáirt acu he had no nerves ní raibh aon neirbhís air have no fear! ná bíodh aon eagla ort!, ná bíodh faitíos ar bith ort! she has no Irish níl aon Ghaeilge aici he has what it takes tá an mianach ceart ann Áine had it in her to be a brilliant pianist bhí an mianach in Áine le bheith ina pianódóir den scoth 5 (also have got) have attained transitiveaistreach he doesn't have enough experience níl go leor taithí aige, níl a dhóthain taithí aige she has a degree in economics tá céim san eacnamaíocht aici have you got any qualifications? an bhfuil aon cháilíochtaí agat? Sligo have 10 points tá 10 bpointe ag Sligeach they've got 57% of the market tá 57% den mhargadh acu 6 (also have got) have received transitiveaistreach they have no new information níl aon eolas nua acu you have a new message tá teachtaireacht nua agat 7 (also have got) as integral part transitiveaistreach her hat had two blue ribbons bhí dhá ribín gorm ar a hata has it got a private bathroom? an bhfuil seomra folctha príobháideach ann? the concerto has three movements tá trí ghluaiseacht sa choinséartó which system has the better tools? cén córas a bhfuil na huirlisí is fearr aige? Lisburn has plenty to offer tá neart le déanamh i Lios na gCearrbhach 8 (also have got) possess inherently transitiveaistreach you have no right to say that níl aon cheart agat é sin a rá skin has the ability to repair itself tá an craiceann in ann é féin a dheisiú 9 (also have got) possess as part of integral character transitiveaistreach it has a spicy flavour tá blas spíosraí air the shop had a smell all of its own bhí boladh ar leith sa siopa viscose has a cotton feel to it mothaíonn vioscós mar a bheadh cadás ann 10 (also have got) be wearing transitiveaistreach none of them had gloves ní raibh miotóga ar aon duine acu, ní raibh aon duine acu ag caitheamh lámhainní she had a pair of pink slippers on her feet bhí péire slipéir bhándearga ar a cosahave on 11 (also have got) have to hand transitiveaistreach do you have a pen? an bhfuil peann agat? she had a knife bhí scian aici I don't have any money on me níl airgead ar bith liom, níl pingin ar iompar agamhave on 12 (also have got) in stock, for sale transitiveaistreach the shop had no postcards ní raibh aon chártaí poist ag an siopa, ní raibh cárta poist ar bith sa siopa do you have any twin rooms? an bhfuil aon seomraí dhá leaba agaibh? they have two for sale tá dhá cheann ar díol acu, tá péire le díol acu we don't have it in stock currently níl sé sa siopa againn faoi láthair we have all televisions on special offer tá tairiscint speisialta againn ar na teilifíseáin go léirhave in 13 (also have got) wife, children, etc transitiveaistreach he has a wife and four kids tá bean agus ceathrar páistí aige she has a new partner tá páirtí nua aici I've got a lot of cousins tá a lán col ceathracha agam 14 (also have got) friends etc transitiveaistreach does she have many friends? an bhfuil mórán cairde aici? he hasn't got a girlfriend at the moment níl cailín aige faoi láthairhave to oneself 15 eat, drink, choose to eat, drink transitiveaistreach we had a few drinks bhí cúpla deoch againn, d'ólamar cúpla deoch have you had lunch yet? an raibh lón agat fós?, ar ith tú lón go fóill? I'll have the chicken beidh an sicín agamsa what will you have? cad a bheidh agat? we stopped to have a bite to eat stopamar le haghaidh greim le hithe, stopamar chun greim bia a ithe 16 cigarette etc transitiveaistreach he went out to have a cigarette chuaigh sé amach le toitín a bheith aige, chuaigh sé amach chun toitín a chaitheamh I haven't had a smoke in a long time níor chaith mé le fada, ní raibh toit agam le fada, ní raibh gal agam le fada 17 physiologyfiseolaíocht, zoologyzó-eolaíocht give birth, life to transitiveaistreach she had a little girl last night bhí cailín beag aici aréir, saolaíodh cailín beag di aréir, rugadh girseach bheag di aréir I think she's having a baby sílim go bhfuil sí ag iompar clainne, sílim go bhfuil sí ag iompar, sílim go bhfuil sí ag súil my cat had kittens bhí piscíní ag mo chat 18 (also have got) have as charge, guest, etc transitiveaistreach my mother has the kids today tá na páistí ag mo mháthair inniu, tá mo mháthair ag tabhairt aire do na páistí inniu we've got visitors tá cuairteoirí againn he has someone with him at the moment tá duine éigin leis faoi láthair we had a few friends round bhí roinnt cairde ar cuairt againn we have my uncle staying with us tá m'uncail ag fanacht linn, tá m'uncail ag stopadh againnhave in 19 (also have got) happen to be in particular situation transitiveaistreach have you got much snow? an bhfuil mórán sneachta agaibh? we have a high unemployment rate tá ráta ard dífhostaíochta againn they had hens running around in the kitchen bhí cearca ag rith thart sa chistin acu we have houses lying empty tá tithe ina luí folamh againn, tá tithe againn nach bhfuil duine ná deoraí iontu we've got visitors coming later tá cuairteoirí ag teacht chugainn níos déanaí you always have people opposing any reforms bíonn daoine i gcónaí ag cur i gcoinne aon leasuithe here we have the original letter seo í an bhunlitir what have we here? cad atá anseo againn?, céard é seo? she had her hands in her pockets bhí a lámha ina pócaí aici the water had salt in it bhí salann san uisce you have crumbs on your sleeve tá grabhróga ar do mhuinchille I had something to aim for bhí rud éigin agam le díriú air she had nobody to look after ní raibh aon duine aici le haire a thabhairt dó I had my back to her bhí mo dhroim léi he wanted to have us visit theastaigh uaidh go dtiocfaimis ar cuairthave on 20 (also have got) be knowingly in particular situation transitiveaistreach I have an appointment tá coinne agam she has lectures until two tá léachtaí aici go dtí a dó I have a lot of work to do tá a lán oibre le déanamh agam this is what she had to say seo an méid a bhí le rá aici she had everything ready bhí gach rud réidh aici they'll have it finished soon beidh sé críochnaithe acu gan mhoill I'd rather have it done by a professional b'fhearr liom gur duine gairmiúil a dhéanfadh é she had her hair dyed black fuair sí dath dubh ina cuid gruaige we're having the house painted tá an teach s'againn á phéinteáil, táimid ag fáil an tí péinteáilte they enjoy having stories read to them is maith leo go léifí scéalta dóibhhave it in for sbhave it offhave backhave inhave offhave onhave outhave up 21 informalneamhfhoirmeálta tolerate, allow transitiveaistreach I'm not having this nonsense! ní chuirfidh mé suas leis an tseafóid seo! she won't have it ní ghlacfaidh sí leis, ní chuirfidh sí suas leis we can't have a system which favours the rich ní féidir linn glacadh le córas ina bhfuil buntáiste ag lucht an rachmais he said he was sick but she was having none of it dúirt sé go raibh sé tinn ach is í an chluas bhodhar a fuair sé uaithi, dúirt sé go raibh sé tinn ach níor thug sí aon aird air it's hard, but I wouldn't have it any other way tá sé deacair, ach ní iarrfainn a mhalairt; tá sé deacair, ach is mar sin is fearr liom é she wouldn't have him any other way tá sí lánsásta leis mar atá sé we won't have anybody bullied here ní chuirfimid suas le bulaíocht ar aon duine anseo you can't have people freezing to death ní féidir ligean do dhaoine bás a fháil den fhuacht I won't have people telling me what to do ní chuirfidh mé suas le daoine ag rá liom cad ba chóir dom a dhéanamh I wouldn't have them face the same injustice ní ligfinn go mbeadh an éagóir chéanna rompusan we can't have him say that ní thig linn ligean dó é sin a rá, ní féidir linn cead a thabhairt dó é sin a rá 22 cause, result in transitiveaistreach this will have an impact on our plans beidh tionchar aige seo ar ár bpleananna, rachaidh sé seo i bhfeidhm ar ár bpleananna our efforts had no result ní raibh aon toradh ar ár n-iarrachtaí, ba shaothar in aisce againn é you had me scared there bhí mé scanraithe agat ansin, chuir tú eagla orm ansin she has us killed with work táimid maraithe leis an obair aici this question had me puzzled bhí mé trí chéile ag an gceist seo, bhí mearbhall orm leis an gceist seo he had them tipped off bhí leid tugtha aige dóibh, bhí siad curtha ar an eolas aige they had the blaze out in minutes bhí an dóiteán múchta acu laistigh de chúpla nóiméad she had us all on the edge of our seats bhíomar ar fad ar bís aici he had them in stitches bhí siad sna trithí gáire aige they had everybody out dancing bhí gach duine amuigh ag rince acu I'll have someone bring you a drink gheobhaidh mé duine éigin chun deoch a fháil duit he had us write out every poem chuir sé orainn gach dán a scríobh amach, chuir sé iallach orainn gach uile dhán a scríobh amach he'd have you running ten miles a day bheifeá ag rith deich míle sa lá aigesean, chuirfeadh seisean ag rith deich míle sa lá thú children aren't as gullible as some people would have us believe níl páistí chomh saonta agus a thabharfadh daoine áirithe le tuiscint I would have you know that ... bíodh a fhios agat go ...; tabhair do d'aire go ... 23 (also have got) feeling, idea, etc transitiveaistreach Peadar has an idea tá smaoineamh ag Peadar she had a slight suspicion bhí amhras áirithe uirthi do you have a suggestion? an bhfuil moladh agat? I've got a feeling he won't be too happy mothaím nach mbeidh sé róshásta, tá barúil agam nach mó ná sásta a bheidh sé 24 (also have got) interest, respect, etc transitiveaistreach they have no interest in the job níl aon suim acu sa phost, níl aon spéis acu sa phost have you any respect for her? an bhfuil meas ar bith agat uirthi? I had pity for him bhí trua agam dó 25 experience, enjoy, endure transitiveaistreach we had great crack bhí craic iontach againn, bhí an-spórt againn he has an easy life tá saol bog aige, tá an saol go réidh aige you'll have a long wait beidh feitheamh fada ort they had no luck ní raibh aon rath orthu, ní raibh an t-ádh leo they've had enough of studying tá siad tinn tuirseach den staidéar, tá siad bréan den staidéar, tá siad dubh dóite den staidéar I've had enough! tá mo sháith agam!, tá mo dhóthain agam! have a nice day bíodh lá deas agaibh, lá maith anois agaibh have a good Christmas bíodh Nollaig mhaith agaibh, Nollaig mhaith daoibh little sleep was had ní mór an codladh a rinneadh an enjoyable evening was had by everybody bhí oíche phléisiúrtha ag gach duine, bhain gach duine taitneamh as an oíche 26 experience as event transitiveaistreach he had an accident bhain timpiste dó, tharla taisme dó she has to have an operation caithfidh sí dul faoi scian I nearly had a heart attack ba bheag nár bhuail taom croí mé you had a similar experience bhí eispéireas den chineál céanna agatsa, tharla mórán an rud céanna duit féin 27 (also have got) receive transitiveaistreachfaigh verb cmu as soon as we have your order a luaithe a bheidh d'ordú faighte againn we've had a lot of complaints tá a lán gearán faighte againn I've just had a phone call from the Gardaí tá mé díreach i ndiaidh glao gutháin a fháil ó na Gardaí 28 (also have got) experience, receive from external source transitiveaistreach he's having problems with the house tá deacrachtaí aige leis an teach they had no help ní raibh cuidiú ar bith acu, ní raibh aon chabhair acu I never had any trouble with it ní raibh aon trioblóid agamsa leis riamh she's got no reason to complain níl aon chúis ghearáin aici, níl aon chás casaoide aici 29 (also have got) experience as pressure or necessity transitiveaistreach he has family responsibilities tá cúraimí teaghlaigh air we've got an obligation to help them tá sé d'oibleagáid orainn cabhrú leo, tá dualgas orainn cuidiú leo 30 organise, hold transitiveaistreach they had a big party bhí cóisir mhór acu we had a memorial service bhí seirbhís chuimhneacháin againn we have regular conferences and art exhibitions bíonn comhdhálacha agus taispeántais ealaíne againn go rialta they have a competition every year bíonn comórtas acu gach bliain 31 engage in transitiveaistreach we had a long conversation bhí comhrá fada againn he had an argument with the manager bhí argóint aige leis an mbainisteoir have you ever had any dealings with them? an raibh aon phlé agatsa leo riamh? 32 (also have got) be employed at/in transitiveaistreach he has a part time job tá post páirtaimseartha aige they haven't got any work at the moment níl aon obair acu faoi láthair there's no work to be had these days níl aon obair le fáil na laethanta seo 33 perform action, take transitiveaistreach do you want to have a look round? ar mhaith leat breathnú timpeall?, ar mhaith leat amharc thart? they had a fight bhí troid eatarthu, bhí siad ag troid we can have a walk by the seaside is féidir linn dul ar siúlóid cois farraige, féadfaimid siúl le cladach they have a rest this week tá sos acu an tseachtain seo he had a shave bhearr sé é féin I'll have a bath beidh folcadh agam she had a word with them about the noise bhí focal aici leo maidir leis an torann, labhair sí leo faoin torann he had his say dúirt sé an méid a bhí le rá aige if you have unprotected sex má bhíonn gnéas gan chosaint agat we soon had sight of the coast ba ghearr go raibh radharc ar an gcósta againn, ba ghearr go raibh an cósta le feiceáil againnhave-a-go 34 (also have got) medicineleigheas, veterinary sciencetréidliacht be suffering from transitiveaistreach she has a bad cold tá drochshlaghdán uirthi I've got a headache tá tinneas cinn orm he has a sprained ankle tá a rúitín leonta, tá rúitín leis leonta it had a broken wing bhí sciathán briste air 35 (also have got) be damaged in way specified transitiveaistreach some houses have broken slates tá sclátaí briste ar roinnt tithe it had marks on it bhí marcanna air it's got a hole in it tá poll ann 36 (also have got) benefit from transitiveaistreach you have a great opportunity here tá an-deis agaibh anseo we've got no chance níl aon seans againn, níl seans ar bith againn, níl seans dá laghad againn 37 (also have got) hold physically transitiveaistreach let it go now, I have it lig leis anois, tá sé agam I've got hold of his hand tá greim láimhe agam air he had me by the throat bhí greim scornaí aige orm, bhí sé i ngreim píobáin ionam he had a glass in his hand bhí gloine ina lámh aige 38 (also have got) informalneamhfhoirmeálta be in position of power over (sb) transitiveaistreach I've got you now! tá tú agam anois!, tá tú gafa anois agam!, tá tú sáinnithe anois agam! 39 have sex with (sb) transitiveaistreachluigh le PhrV cmugnéas a bheith agat le cmu 40 (also have got) have available (space, etc) transitiveaistreach have you enough room? an bhfuil do dhóthain spáis agat?, an bhfuil do sháith fairsinge agat? you've got loads of space there tá neart spáis ansin agat, tá fuílleach spáis ansin agat, tá dalladh áite agat ansin 41 (also have got) have available (time) transitiveaistreach you've 20 minutes to finish it tá 20 nóiméad agat chun é a chríochnú he didn't have enough time ní raibh go leor ama aige, ní raibh a dhóthain ama aige 42 (also have got) be able to provide (explanation etc) transitiveaistreach they have no explanation for it níl aon mhíniú acu air he's got a good excuse tá leithscéal maith aige 43 (also have got) be forced, obliged to do sth transitiveaistreach she has to stay caithfidh sí fanacht, ní mór di fanacht, is gá di fanacht, tá uirthi fanacht, ní foláir di fanacht, tá aici le fanacht what do I have to do? cad is gá dom a dhéanamh?, céard é a chaithfidh mé a dhéanamh?, cad atá orm a dhéanamh? they had to cancel the trip bhí orthu an turas a chur ar ceal, b'éigean dóibh an turas a chur ar ceal she'd have to be up at six bheadh uirthi a bheith ina suí ar a sé, chaithfeadh sí a bheith ina suí ar a sé do I have to go? an gá dom dul?, an gcaithfidh mé dul? the bill will have to be paid beidh an bille le híoc, caithfear an bille a íoc I'll buy one if I have to ceannóidh mé ceann más gá dom, ceannóidh mé ceann má chaithfidh mé 44 (also have got) need, be obliged to do sth transitiveaistreach you have to admit he's good caithfidh tú a admháil go bhfuil sé go maith you have to think before you speak caithfidh tú smaoineamh sula labhraíonn tú, ní mór duit cuimhneamh sula labhraíonn tú you only have to look around you ní gá duit ach breathnú timpeall ort, níl ort ach féachaint i do thimpeall, níl le déanamh agat ach amharc thart ort we've got to be careful caithfimid a bheith cúramach, ní mór dúinn a bheith aireach you'll have to bring your own drinks beidh oraibh bhur ndeochanna féin a bhreith libh I'd have to agree with her chaithfinn aontú léi 45 expressing that sth must be the case transitiveaistreach this has got to stop caithfidh sé seo stopadh things have to get better caithfidh cúrsaí dul i bhfeabhas, caithfidh cúrsaí éirí níos fearr this has got to be the longest film ever made caithfidh sé gurb é seo an scannán is faide dá ndearnadh riamh auxiliary verbbriathar cúnta 46 used to form present perfect tense► (active voice) they've already gone tá siad imithe cheana, tá siad i ndiaidh imeacht cheana féin I've been there twice bhí mé ann faoi dhó how long have I been asleep? cá fhad a bhí mé i mo chodladh? I've been ill for a few days tá mé tinn le cúpla lá he's been looking for work for a while tá sé ag lorg oibre le tamall they haven't done it yet níl sé déanta acu go fóill, ní dhearna siad fós é have you hurt yourself? ar ghortaigh tú thú féin? we haven't forgotten what happened níl dearmad déanta againn ar an rud a tharla what changes have they made? cad iad na hathruithe atá déanta acu? he hasn't seen her ní fhaca sé í they've called for an enquiry tá siad tar éis fiosrúchán a iarraidh► (passive voice) none of them have been fixed yet níor deisíodh aon cheann acu go fóill, níl aon cheann acu deisithe fós, níor cuireadh caoi ar aon cheann acu fós have there been any threats made? an ndearnadh aon bhagairt? her keys have been lost by the children tá a heochracha caillte ag na páistí, chaill na páistí a heochracha they had their house repossessed athshealbhaíodh a dteach, athshealbhaíodh an teach orthu, tógadh an teach uathu the car had its windows broken briseadh na fuinneoga sa charr, briseadh fuinneoga an chairr► (with original verb not repeated) you say you've never thought about it, but I think you have deir tú nár smaoinigh tú riamh faoi, ach ceapaimse gur smaoinigh she doesn't drink coffee, and never has ní ólann sí caife, agus níor ól riamh apparently she's seen it, but I don't care whether she has or not is cosúil go bhfaca sí é, ach is cuma liom cé acu a chonaic nó nach bhfaca► (in tag questions) she hasn't seen it, has she? ní fhaca sí é, an bhfaca?; níl sé feicthe aici, an bhfuil? the plan hasn't worked, has it? níor oibrigh an plean, ar oibrigh? you've got children, haven't you? tá páistí agatsa, nach bhfuil? he's had his car stolen, hasn't he? goideadh an carr air, nár goideadh?► (rhetorical, with inversion) never has the challenge to amateurism been greater ní raibh riamh dúshlán chomh mór roimh an amaitéarachas only once have they been beaten níor buaileadh ach uair amháin iad 47 used to form past perfect tense► (active voice) they had already gone bhí siad imithe cheana, bhí siad i ndiaidh imeacht cheana féin, bhí siad tar éis imeacht cheana I'd been there twice bhí mé tar éis a bheith ann faoi dhó she'd fainted bhí sí i ndiaidh titim i laige, bhí sí tar éis titim i bhfanntais I'd been ill for a few days bhí mé i ndiaidh a bheith tinn le cúpla lá he'd been looking for work for a while bhí sé tar éis a bheith ag lorg oibre le tamall they hadn't done it yet ní raibh sé déanta acu go fóill we hadn't forgotten what had happened ní raibh dearmad déanta againn ar an rud a tharla he hadn't seen her ní raibh sí feicthe aige► (passive voice) none had been fixed yet ní raibh aon cheann acu deisithe fós her keys had been lost by the children bhí a heochracha caillte ag na páistí, bhí na páistí tar éis a heochracha a chailleadh► (with original verb not repeated) he said he hadn't read it, but I think he had dúirt sé nach raibh sé léite aige, ach ceapaimse go raibh it was rumoured that we had resigned, but we hadn't bhí ráflaí ann go rabhamar tar éis éirí as, ach ní raibh she said she'd heard it, but I didn't care whether she had or not dúirt sí go raibh sé cloiste aici, ach ba chuma liom cé acu a bhí nó nach raibh► (in tag questions) she hadn't seen it, had she? ní raibh sé feicthe aici, an raibh? the plan hadn't been working, had it? ní raibh ag éirí leis an bplean, an raibh? you hadn't any children at the time, had you? ní raibh aon pháistí agaibh ag an am, an raibh? he'd had his car stolen, hadn't he? bhíothas tar éis an carr a ghoid air, nach rabhthas?► (rhetorical, with inversion) seldom had I seen so many priests together b'annamh a bhí an oiread sin sagart feicthe le chéile agam never had the challenge to amateurism been greater ní raibh riamh dúshlán chomh mór roimh an amaitéarachas only once before then had they been beaten níor buaileadh ach uair amháin roimhe sin 48 used to form future perfect tense► (active voice) they'll have gone by then beidh siad imithe faoin am sin I'll have been there twice beidh mé dhá thuras tugtha agam air he'll have been practising for a year beidh cleachtadh bliana déanta aige they'll have done it beidh sé déanta acu we won't have forgotten what happened ní bheidh dearmad déanta againn ar an rud a tharla he'll have spoken to her beidh labhartha aige léi, beidh sé tar éis labhairt léi► (passive voice) none will have been fixed yet ní bheidh aon cheann acu deisithe fós her money will have been spent by the children beidh a cuid airgid caite ag na páistí► (rhetorical, with inversion) never will they have seen so many priests together ní bheidh an oiread sin sagart feicthe le chéile riamh acu only then will they have qualified is ansin amháin a bheidh siad cáilithe 49 used in conditional sentences and other modes, also after 'if' or 'whether' phone her, if she hasn't left glaoigh uirthi, mura bhfuil sí imithe he asked if I had any gloves d'fhiafraigh sé an raibh aon lámhainní agam if I hadn't met him murach gur bhuail mé leis, ach ab é gur chas mé leis had you won, you'd be rich dá mba rud é gur bhuaigh tú, bheifeá saibhir had I known, I'd have stayed at home dá mbeadh a fhios agam, d'fhanfainn sa bhaile you'd have thought he'd have better things to do cheapfá go mbeadh rudaí níos fiúntaí le déanamh aige, nach beag a bhí le déanamh aige write down anything that may have been stolen scríobh síos aon rud a d'fhéadfadh a bheith goidte I shouldn't have asked you níor cheart dom a iarraidh ort she'll call soon, if she hasn't already glaofaidh sí gan mhoill, murar ghlaoigh sí cheana SubformsSainfhoirmeacha → having PhrasesNathanna and what have you informalneamhfhoirmeáltaagus a leithéidagus mar sin deagus araile cmu had better (also had best) we had better stay away, hadn't we? b'fhearr dúinn fanacht ar shiúl, nárbh fhearr? 'I'll pay you back.' ' You had better.' 'Íocfaidh mé ar ais leat é.' 'B'fhearr duit é.' it had better be a good excuse tá súil agam gur leithscéal maith atá ann you had better be quick b'fhearr duit deifir a dhéanamh I had better go b'fhearr dom imeacht, tá sé chomh maith dom imeacht to be had informalneamhfhoirmeálta you've been had buaileadh bob ort, cuireadh dallamullóg ort, rinneadh amadán díot to have had it 1 informalneamhfhoirmeálta have become unusablebheith ó mhaith if the zip breaks the whole case has had it má bhriseann an zip beidh an cás ar fad ó mhaith the battery has had it tá an cadhnra caite 2 informalneamhfhoirmeálta be in serious trouble we've had it now táimid i bponc anois, tá ár bport seinnte anois, tá ár gcosa nite anois 3 informalneamhfhoirmeálta be exhausted I've had it tá mé tugtha traochta, tá mé spíonta, tá mé scriosta, tá mé marbh 4 informalneamhfhoirmeálta have run out of patience with sth/sb that's it - I've had it! sin é - tá mo dhóthain agam!, sin é - tá mo sháith agam! he's had it with the complaining tá a dhóthain aige den ghearán, tá sé dubh dóite den ghearán, níl sé in ann cur suas leis an ngearán níos mó I've had it up to here with excuses táim bréan bailithe de leithscéalta, tá mé tinn tuirseach de leithscéalta to have it 1 claim, report rumour has it that you're leaving tá ráflaí ann go bhfuil tú ag imeacht, tá an scéala thart go bhfuil tú ag fágáil another version has it that it was lost deir leagan eile gur cailleadh é, tá sé ráite freisin gurb é an chaoi gur cailleadh é 2 win vote it looks like the independents have it dealraíonn sé go bhfuil an lá leis na neamhspleáigh, tá cuma air go bhfuil an beart déanta ag na neamhspleáigh 3 (also to have got it) have found solution, understand I've got it! tá sé agam! I think I have it now sílim go bhfuil sé agam anois to have it in for sb (also to have got it in for sb) informalneamhfhoirmeáltanimh san fheoil a bheith agat do dhuinecloch sa mhuinchille a bheith agat do dhuine to have it off vulgargáirsiúilbheith ag bualadh craicinn informalneamhfhoirmeáltabheith ag dromaíocht informalneamhfhoirmeálta to have it off with sb gnéas a bheith agat le duine, é a dhéanamh le duine informalneamhfhoirmeáltahave off to have sth to yourself (also to have got sth to yourself) rud a bheith fút féinrud a bheith agat duit féin I had the house to myself for the week bhí an teach fúm féin agam ar feadh na seachtaine, bhí an teach agam dom féin ar feadh na seachtaine she wanted to have him all to herself ba mhian léi é a bheith aici di féin amháin let's be having you seo linnar aghaidh linn the haves and the have-nots an saibhir agus an daibhiruasal agus íseal to be had bheith le fáil cmubheith ar fáil cmu there was no work to be had anywhere ní raibh aon obair le fáil in aon áit there are excellent deals to be had tá margaí iontacha le fáil you have me there (also you've got me there) tá beirthe ansin agat ormtá mé buailte ansin agattá a fhios ag an lá ach níl a fhios agamsa Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ have at→ have back→ have in→ have off→ have on→ have out→ have up
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...