Focail chosúla :

effort

nounAinmfhocal 1 attemptiarracht fem3 cmu to make an effort to do sth iarracht a dhéanamh rud a dhéanamh, iarraidh a thabhairt ar rud a dhéanamh it was a poor effort drochiarracht a bhí ann all their efforts were in vain obair in aisce a bhí ina gcuid iarrachtaí uilig, bhí a gcuid iarrachtaí go léir in aisce, ní raibh aon toradh ar a gcuid iarrachtaí they made a concerted effort rinne siad a míle dícheall, bhí siad ar theann a ndíchill a joint effort comhiarracht fem3 it was a team effort iarracht foirne a bhí ann they made every effort to help rinne siad a ndícheall cúnamh a thabhairt she made no effort at all ní dhearna sí iarracht ar bith he didn't make much of an effort níor chuir sé dua rómhór air féin, níor chuir sé mórán anró air féin he apologised in an effort to make peace ghabh sé a leithscéal ar mhaithe le síocháin a dhéanamh, ghabh sé a leithscéal d'fhonn síocháin a dhéanamh, ghabh sé a leithscéal de ghrá na síochána 2 strength, energydua masc4 cmustró masc4 cmusaothar masc1 cmu she put a lot of effort into it chuir sí go leor dua uirthi féin leis, chuir sí an-stró uirthi féin leis the last mile took a huge effort bhí saothar nach beag ag baint leis an míle deireanach it was a waste of effort to prepare all that food obair in aisce a bhí ann an oiread sin bia a réiteach, obair amú a bhí ann an bia sin ar fad a ullmhú this is a complete waste of effort níl ann seo ach cur amú ama amach is amach 3 difficultydua masc4 cmustró masc4 cmu he was only able to walk with great effort chuir sé an-stró air siúl, chuaigh an siúl an-dian air he won without any great effort bhuaigh sé gan stró, bhuaigh sé go héasca 4 activities to achieve goaliarracht fem3 cmu thank you for your efforts in raising money míle buíochas as ucht bhur gcuid iarrachtaí le hairgead a chruinniú aid effort feachtas cabhrach 5 outcomeiarracht fem3 cmu his early efforts weren't much good ní raibh na hiarrachtaí tosaigh aige rómhaith 6 soccersacar attempt to scoreiarracht fem3 cmu 7 physphys force acting against inertiaiarracht fem3 cmu steering effort iarracht stiúrtha PhrasesNathanna an effort of will dúthracht cmudíograis cmu it took a great effort of will to beat her illness is le dúthracht thar na bearta a sháraigh sí an galar, is le díograis nach beag a fuair sí an ceann is fearr ar an ngalar to go to the effort of doing sth (also to make the effort to do sth) he went to the effort of doing the homework chuir sé de dhua air féin an obair bhaile a dhéanamh, chuir sé d'anró air féin an obair bhaile a dhéanamh she went to the effort of writing a letter chuir sí de dhua uirthi féin litir a scríobh to go to all that effort she deserved the prize after going to all that effort bhí an duais tuillte aici tar éis di an oiread sin dua a chur uirthi féin to be worth the effort the party was worth the effort b'fhiú an tairbhe an trioblóid leis an gcóisir, b'fhiú go mór an obair a bhain leis an gcóisir
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...