Focail chosúla :

certainly

adverbdobhriathar 1 undoubtedly they certainly enjoyed it is cinnte gur thaitin sé leo, níl aon amhras ach gur thaitin sé leo, níl dabht ar bith ach gur bhain siad sult as you've certainly made your point is cinnte go bhfuil do phointe déanta agat, níl aon dabht ach go bhfuil do phointe déanta agat it's certainly a major problem fadhb mhór atá ann, cinnte; níl aon dabht ach gur fadhb mhór é; fadhb mhór is ea é, gan aon agó 2 giving emphatic reply 'Would you help me?' 'Certainly!' 'An gcuideofá liom?' 'Cinnte!', 'An gcabhrófá liom?' 'Siúráilte!' 'Did you eat one?' 'Certainly not!' 'Ar ith tú ceann?' 'Is cinnte nár ith!', 'Ar ith tú ceann?' 'Níor ith go deimhin!' PhrasesNathanna most certainly it was most certainly a mistake cinnte dearfa is botún a bhí ann, botún a bhí ann gan aon agó, níl amhras ar bith ach gur botún a bhí ann I most certainly won't go is ríchinnte nach rachaidh mé, m'anam nach rachaidh mé
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...