Focail chosúla :

before

prepositionréamhfhocal 1 earlier thanroimh prep cmu a few days before Christmas cúpla lá roimh Nollaig before the First World War roimh an gCéad Chogadh Domhanda she'd seen it before that bhí sé feicthe aici roimhe sin the manager came before long tháinig an bainisteoir sula i bhfad, tháinig an bainisteoir roimh i bhfad, níorbh fhada gur tháinig an bainisteoir his father before him played the fiddle bhíodh a athair roimhe ag casadh ar an bhfidil he worked as a teacher before deciding upon a career in nursing bhí sé ag obair mar mhúinteoir sular shocraigh sé dul le haltranas just before the game díreach roimh an gcluiche before and after that date roimh an dáta sin agus ina dhiaidh well before the meal i bhfad roimh an mbéile that happened well before your time tharla sé sin i bhfad roimh d'amsa on or before 31 December ar an 31 Nollaig nó roimhe sin, faoin 31 Nollaig I haven't seen Liam since before the summer ní fhaca mé Liam ó bhí an samhradh ann, ní fhaca mé Liam ó tháinig an samhradh 2 until she had a long wait before her most difficult examination bhí feitheamh fada uirthi go dtí an scrúdú ba dheacra a bhí le déanamh aici they had a meal before continuing to walk bhí béile acu sular lean siad orthu ag siúl we talked for hours before going our separate ways bhíomar ag comhrá ar feadh uaireanta fada sular imigh gach duine againn ár mbealach féin 3 earlier on routeroimh prep cmu you'll see the pub just before the bridge feicfidh tú an pub direach roimh an droichead the hotel is on the left before the crossroads tá an t-óstán ar chlé roimh an gcrosbhóthar, tá an t-óstán ar chlé sula dtiocfaidh tú a fhad leis an gcrosbhóthar 4 in sequence or priorityroimh prep cmuchun tosaigh ar she put work before health chuir sí an obair roimh a sláinte, chuir sí an obair chun tosaigh ar a sláinte, thug sí tús áite don obair ar a sláinte profit comes before quality tugtar tús áite don bhrabús ar an gcaighdeán, tugtar tús áite don bhrabús de rogha ar an gcaighdeán 5 in front of in space or timeos comhair cmuos coinne cmu she stood before the house sheas sí os comhair an tí, sheas sí os coinne an tí, sheas sí ar aghaidh an tí amach my whole life stretched out before me bhí mo shaol go léir os mo chomhair amach, bhí mo shaol go léir amach romham the match was played before 80,000 people imríodh an cluiche os comhair 80,000 duine; imríodh an cluiche i láthair 80,000 duine 6 lawdlí, business administrationgnó & riarachán for considerationfaoi bhráid cmuos comhair cmu the bill came before the government tháinig an bille faoi bhráid an rialtais, cuireadh an bille os comhair an rialtais conjunctioncónasc 7 earlier than whensula cmu I need to see the details before I agree caithfidh mé na sonraí a fheiceáil sula n-aontóidh mé leis he came home a week before she died tháinig sé abhaile seachtain sular bhásaigh sí, d'fhill sé abhaile seachtain sula bhfuair sí bás stop that nonsense before you go too far éirigh as an amaidí sin sula dtéann tú thar fóir she finished just before the teacher came in chríochnaigh sí díreach sular tháinig an múinteoir isteach this plate was in the house long before I came here bhí an pláta seo sa teach i bhfad sular tháinig mise anseo 8 untilsula cmugo dtí go cmugo cmu it was a long time before he came back bhí sé tamall fada sular tháinig sé ar ais, bhí tamall fada ann go dtí gur tháinig sé ar ais, níor fhill sé go ceann i bhfad it won't be long before you're an expert ní fada go mbeidh tú i do shaineolaí it wasn't long before they were dancing níorbh fhada go raibh siad ag rince people often wait a long time before they see a doctor is minic a fhanann daoine tamall fada sula dtéann siad chuig dochtúir, is minic a fhanann daoine tamall fada nó go dtéann siad chuig dochtúir adverbdobhriathar 9 earliercheana cmuroimhe sin cmu this had all happened before bhí sé seo ar fad tar éis tarlú cheana he'd never seen her before ní fhaca sé riamh cheana í, ní fhaca sé riamh roimhe sin í she tried to learn it a couple of times before thriail sí é a fhoghlaim cúpla uair cheana, thriail sí é a fhoghlaim cúpla uair roimhe sin we'd finished the work the day before bhí an obair críochnaithe againn an lá roimhe sin she went there a week before chuaigh sí ann seachtain roimh ré, chuaigh sí ann seachtain roimhe sin it's cheaper now than before tá sé níos saoire anois ná a bhí roimhe seo never before was there such a crowd there ní raibh a leithéid de shlua riamh ann, ní raibh a leithéid de shlua ann riamh roimhe sin things will continue as before leanfaidh cúrsaí ar aghaidh mar a bhí go dtí seo, leanfaidh cúrsaí ar aghaidh mar a bhí roimhe seo we'll be ready in December if not before beimid réidh faoi Nollaig nó roimhe sin, beimid réidh faoi Nollaig mura mbímid réidh roimhe sin
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...