Focail chosúla :

and

conjunctioncónasc 1 joining, linking, etcagus cmu► (joining nouns, clauses, etc) bacon and cabbage bagún agus cabáiste my father and mother m'athair agus mo mháthair don't waste your time and money ná cuir do chuid ama agus airgid amú he doesn't like hurling and football ní thaitníonn iománaíocht agus peil leis she looked at me and laughed d'fhéach sí orm agus rinne sí gáire we tried again and it worked thriaileamar arís agus d'oibrigh sé she turned around and sat down chas sí timpeall agus shuigh sí síos I made dinner and watched the television rinne mé mo dhinnéar agus d'fhéach mé ar an teilifís► (introducing parenthetical phrase) and like all fools, he's impatient agus ar nós gach amadán, is beag foighne atá aige he's a sneaky man and not to be trusted fear cam cleasach atá ann agus ní ceart iontaoibh a chur ann► (expressing continuity over time) she rang day and night for a week ghlaoigh sí de lá agus d'oíche ar feadh seachtaine► (with repetition, for emphasis) it's getting better and better tá sé ag fáil níos fearr agus níos fearr, tá sé ag dul i bhfeabhas an t-am ar fad he ran faster and faster rith sé níos tapúla agus níos tapúla, d'éirigh sé níos tapúla de réir a chéile more and more people are getting sick tá níos mó agus níos mó daoine ag éirí tinn we were there for hours and hours bhíomar ann ar feadh uaireanta fada she went on and on about it chuaigh sí ar aghaidh agus ar aghaidh faoi► (linking an action with consequence) let him go and he'll do it again scaoil leis agus déanfaidh sé arís é, déanfaidh sé arís é má scaoileann tú leis do that again and I'll kill you déan é sin arís agus maróidh mé thú, maróidh mé thú má dhéanann tú é sin arís► (with repetition, to distinguish similar things) there are ways and ways of getting things done tá slite agus slite ann le rudaí a dhéanamh there's love and love tá grá agus grá ann► (plus, with numbers) two and two a dó agus a dó► (introducing new remark, question, etc) and how is himself? agus conas atá sé féin? and the question is, who did it? agus is é an cheist ná, cé a rinne é?► (asking sb to add more) and then what happens? agus cad a tharlaíonn ansin? and how will you do that if you're still here? agus conas a dhéanfaidh tú é sin agus tú fós anseo? 'We'll do it the old-fashioned way.' 'And how exactly is that?' 'Déanfaimid sa tseanslí é,' 'Agus cén tslí go díreach í sin?'► (expressing 'when', 'although', or 'because') she won and she barely able to stand bhuaigh sí agus gan í ábalta seasamh ach ar éigean what would he know and he only a child? cá bhfios dó siúd agus gan ann ach leanbh? how would you go and you sick? conas a rachfása agus tú breoite? 2 with adjectives for emphasis I was nice and warm in there bhí mé breá te istigh ann the water was lovely and cold bhí an t-uisce deas fuar 3 with adjectives for contrast we saw it all, good and bad chonaiceamar an t-iomlán, idir mhaith agus olc we'll all suffer, rich and poor alike beimid ar fad thíos leis, bímis saibhir nó bocht 4 before infinitive, instead of 'to' I went and sat down shuigh mé síos come over and meet him tar anall agus buail leis, tar anall chun go mbuailfidh tú leis come and see me in the show tar ag féachaint orm sa léiriú you'll have to wait and see caithfidh tú fanacht go bhfeicfidh tú try and help me féach le cabhrú liom tell him to go and stuff himself abair leis é féin a shá 5 in fractions and time expressions two and a half hours dhá uair go leith five and a half years cúig bliana go leith two hours and three quarters dhá uair agus trí cheathrú three and a quarter per cent trí agus aon cheathrú faoin gcéad 6 with numbers over 100 one hundred and fifty euro céad caoga euro two hundred and fourteen days dhá chéad a ceathair déag lá three hundred and sixty five days trí chéad seasca a cúig lá fifteen thousand, six hundred and nine kilometres cúig mhíle dhéag sé chéad a naoi ciliméadar PhrasesNathanna and all that informalneamhfhoirmeálta agus é sin ar fadagus é sin uileagus a leithéidagus mar sin de he never liked sports: sweat, grunting and all that níor thaitin spóirt riamh leis: an t-allas, an ghnúsacht agus é sin ar fad I did my best: honour, loyalty and all that rinne mé mo dhícheall: onóir, dílseacht agus mar sin de and that very informalan-neamhfhoirmeálta agus mar sin deagus a leithéidagus araile cmu we sit around, talk about films and that suímid timpeall, ag caint faoi scannáin agus mar sin de you have to mind plants, water them and that caitear aire a thabhairt do phlandaí, uisce a thabhairt dóibh agus a leithéid and so on agus mar sin deagus a leithéidagus araile cmu you shouldn't eat burgers, chips and so on níor cheart duit burgair, sceallóga agus mar sin de a ithe and/or agus/nó you can spend it on books and/or music is féidir é a chaitheamh ar leabhair agus/nó ar cheol
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...