Similar words :

-se

Emphatic suffix, 1st person singularIarmhír threise, 1ú pearsa uatha 1. Úsáideann tú an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur tusa atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'mo' rompu chun a threisiú gur leatsa an rud atá i gceist nó gur leatsa a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'mo shráidse', 'mo chuntas baincse'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do mo' roimhe chun a threisiú gur ortsa atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do mo chosaintse', 'do m'fhairese'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar san 1ú pearsa uatha chun a threisiú gur tusa atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'bheinnse', 'ceapaimse'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'mo' an bhfuil m'uimhirse agat? is i mo gharáistese atá sé tá mo thraeinse déanach tá mo cháipéis-se níos cuimsithí tá mo shonraíse acu bhí mo pháipéirse sa charr clúdach mo leabhairse d'ainneoin mo thairiscintese meáchan mo mhálaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'mo' dath mo bhríste gairidese sin mo spéaclaí gréinese tá mo chur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do mo' Seán atá do mo thabhairtse ann an do mo sheachaintse a bhí sí? ní do m'ionsaíse a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar san 1ú pearsa uatha bímse ag caint léi gach lá feicimse é, an bhfuil tusa dall? léinnse gach lá é ní íosfainnse é ar aon nós Emphatic suffix, 2nd person singularIarmhír threise, 2ú pearsa uatha 2. Úsáideann tú an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad an duine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'do' rompu chun a threisiú gur leis an duine sin an rud atá i gceist nó gur leis an duine sin a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'do shráidse', 'do chuntas baincse'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do do' roimhe chun a threisiú gur ar an duine sin atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do do chosaintse', 'do d'fhairese'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha chun a threisiú gurb iad an duine sin atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'seinnse', 'glaoighse'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'do' an bhfuil d'uimhirse acu? is i do gharáistese atá sé tá do thraeinse déanach tá do cháipéis-se níos cuimsithí tá do shonraíse acu bhí do pháipéirse sa charr clúdach do leabhairse d'ainneoin do thairiscintese meáchan do mhálaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'do' dath do bhríste gairidese sin do spéaclaí gréinese tá do chur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do do' Seán atá do do thabhairtse ann an do do sheachaintse a bhí sí? ní do d'ionsaíse a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa uatha seinnse an fonn agus seinnfidh mise na cordaí bris-se an seic ó tharla ann thú Emphatic suffix, 3rd person singular feminineIarmhír threise, 3ú pearsa uatha baininscneach 3. Cuirtear an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur bean nó cailín ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'a' (sa 3ú pearsa uatha baininscneach) rompu chun a threisiú gur léise an rud atá i gceist nó gur léise a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'a sráidse', 'a cuntas baincse'; nó (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'á' (an 3ú pearsa uatha baininscneach) roimhe chun a threisiú gur uirthise atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'á cosaintse', 'á fairese'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'a' an bhfuil a huimhirse agat? is ina garáistese atá sé tá a traeinse déanach tá a cáipéis-se níos cuimsithí tá a sonraíse acu bhí a páipéirse sa charr d'ainneoin a tairiscintese meáchan a málaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'a' dath a brístí gairidese sin a spéaclaí gréinese tá a cur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'á' Seán atá á tabhairtse ann an á seachaintse a bhí sé? ní á hionsaíse a bhíothas 4. Cuirtear an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmhí baineann ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. 5. Cuirtear an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gur ainmfhocal baininscneach ar leith atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí a léirítear in (A) go (B) thuas. tóg an chasóg eile, tá a pócaíse níos mó Emphatic suffix, 2nd person pluralIarmhír threise, 2ú pearsa iolra 6. Úsáideann tú an iarmhír -se ag deireadh focail chun a threisiú gurb iad na daoine a bhfuil tú ag caint leo nó ag scríobh chucu atá i gceist sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas: (A) ag deireadh focal nó frása ainmfhoclach a bhfuil an aidiacht shealbhach 'bhur' rompu chun a threisiú gur leosan an rud atá i gceist nó gur leosan a bhaineann an duine nó rud atá i gceist, msh 'bhur sráidse', 'bhur gcuntas baincse'; (B) ag deireadh ainm briathartha a bhfuil an fhoirm chuspóireach 'do bhur' roimhe chun a threisiú gur orthusan atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm, msh 'do bhur gcosaintse', 'do bhur bhfairese'; nó (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa iolra chun a threisiú gurb iadsan atá mar ainmní ag an mbriathar atá i gceist, msh 'seinnigíse', 'fanaigíse'. Le focail a chríochnaíonn ar chonsan caol nó ar ghuta caol a úsáideann tú -se. (A)(i) ag deireadh ainmfhocal aonair i ndiaidh 'bhur' an bhfuil bhur n-uimhirse acu? is in bhur ngaráistese atá sé tá bhur dtraeinse déanach tá bhur gcáipéis-se níos cuimsithí tá bhur sonraíse acu bhí bhur bpáipéirse sa charr d'ainneoin bhur dtairiscintese meáchan bhur málaíse (A)(ii) ag deireadh frása ainmfhoclach i ndiaidh 'bhur' dath bhur mbrístí gairidese sin bhur spéaclaí gréinese tá bhur gcur chuigese níos fearr (B) ag deireadh ainm briathartha i ndiaidh 'do bhur' Seán atá do bhur dtabhairtse ann an do bhur seachaintse a bhí sí? ní do bhur n-ionsaíse a bhíothas (C) ag deireadh foirm tháite de bhriathar sa 2ú pearsa iolra seinnigíse an fonn agus seinnfidh mise na cordaí abraigíse bhur rogha rud
Loading phrases and examples...