Similar words :

with

prepositionréamhfhocal 1 accompanied by, accompanyingle prep cmu she came with me to the shop tháinig sí chun an tsiopa liom, tháinig sí go dtí an siopa in éineacht liom, tháinig sí chuig an siopa i mo chuideachta, bhí sí chun an tsiopa liom come with me tar liom I'll be with you in a minute beidh mé leat ar ball he was travelling with them bhí sé ag taisteal ina gcomhluadar, bhí sé ag taisteal in éineacht leo he had a sandwich with a glass of orange juice bhí ceapaire agus gloine sú oráiste aige, bhí ceapaire aige mar aon le gloine sú oráiste it comes with the job cuid den phost atá ann, cuid den obair ébe with sb 2 meeting, discussingle prep cmu she had a meeting with the staff bhí cruinniú aici leis an bhfoireann he spoke with them this morning labhair sé leo ar maidin we entered into negotiations with them chuamar i mbun idirbheartaíochta leo 3 sharing, exchangingle prep cmu we shared it with other people roinneamar le daoine eile é 4 in support of the TD voted with the government vótáil an TD leis an rialtas I'm with you on the first point but not on the second tá mé ag teacht leat ar an gcéad phointe ach ní ar an dara pointe, aontaím leat ar an gcéad phointe ach ní aontaím leat ar an bpointe eile their supporters have been with them all the way thug a lucht leanúna tacaíocht dóibh i rith an bhealaigh, bhí a lucht leanúna leo ón tosach 5 and also; plusle cois cmuchomh maith le cmu they were fined €300 with costs gearradh fíneáil €300 orthu agus costais lena chois there were twenty people there on Friday with a further ten on Saturday bhí fiche duine ansin Dé hAoine agus deichniúr eile Dé Sathairn it was snowing overnight, with more snow on the way today bhí sé ag cur sneachta thar oíche agus tá tuilleadh le teacht inniu 6 having as feature, characteristic people with asthma daoine a bhfuil asma orthu people with learning difficulties daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a woman with blue eyes bean a bhfuil súile gorma aici who's the man with the ginger hair? cé hé an fear a bhfuil an ghruaig rua air?, cé hé an fear rua? people with a sense of humour daoine a bhfuil acmhainn grinn acu, daoine a bhfuil féith an ghrinn iontu somebody with experience duine a bhfuil taithí aige a black dress with long sleeves gúna dubh a bhfuil muinchillí fada air, gúna dubh le muinchillí fada a house with five bedrooms teach a bhfuil cúig sheomra leapa ann 7 wearing, carrying, etc he sat there with a book in his hand bhí sé ina shuí ansin agus leabhar ina lámh she came into the room with a tray of food tháinig sí isteach sa seomra agus tráidire bia ar iompar aici we stood with our coats over our shoulders sheasamar agus ár gcótaí thar ár nguaillí againn 8 in possession of a man with a car fear a bhfuil carr aige she graduated with a degree in music bhain sé céim sa cheol amach he left school with no qualifications d'fhág sé an scoil gan aon cháilíochtaí aigewith it 9 on your person have you got it with you? ar thug tú leat é?, an bhfuil sé leat? have you any money with you? an bhfuil airgead ar bith leat? 10 as responsibility of leave it with me and I'll get back to you fág agam é agus beidh mé ar ais i dteagmháil leat, fág faoi mo chúram é agus rachaidh mé i dteagmháil leat arís the blame lies with me mise is ciontaí, tá an milleán ormsa, ormsa atá an locht 11 working for he's working as a reporter with a local paper tá sé ag obair mar thuairisceoir ag nuachtán áitiúil, tá sé ina thuairisceoir le nuachtán áitiúil he does some work with various charities déanann sé roinnt oibre ar son carthanais éagsúla 12 indicating relationshiple prep cmu he became friendly with her at college d'éirigh sé mór léi agus iad ar an gcoláiste she's been with him for years tá sí leis le blianta fada the country's relations with their neighbours aren't great níl caidreamh na tíre leis na comharsana ró-iontach 13 againstle prep cmu schools often compete with each other is minic a théann scoileanna in iomaíocht le chéile she was arguing with her father bhí sí ag argóint lena hathair he fell out with the manager thit sé amach leis an mbainisteoir 14 usingle prep cmu she ate it with a spoon d'ith sí le spúnóg é he walks with a stick siúlann sé le bata, bíonn maide aige agus é ag siúl, bíonn maide leis ag siúl he threatened her with a knife bhagair sé scian uirthi he made us laugh with his stories chuir a chuid scéalta ag gáire sinn, bhain a chuid scéalta gáire asainn 15 referring to contents, coveringle prep cmu she filled the bottles with water líon sí na buidéil le huisce the garden was surrounded with a wall bhí balla timpeall an ghairdín the room was furnished with a couple of chairs ba é an troscán a bhí sa seomra ná cúpla cathaoir, cúpla cathaoir an troscán a bhí sa seomra the ground was covered with snow bhí an talamh faoi bhrat sneachta 16 indicating cause he was weak with hunger bhí sé lag leis an ocras, bhí sé ag titim leis an ocras she's off with a cold tá sí as láthair toisc slaghdán a bheith uirthi she was shivering with the cold bhí sí ar crith leis an bhfuacht, bhí creatha fuachta uirthi I was sick with worry bhí mé breoite le teann imní, bhí mé cráite ag an mbuaireamh the grass was wet with dew bhí drúcht ar bharr an fhéir, bhí an féar fliuch mar gheall ar an drúcht 17 with regard to, in relation tole prep cmu I don't know what's wrong with me níl a fhios agam cad é atá cearr liom, níl a fhios agam cad é atá ag teacht orm how are things with you? conas atá cúrsaí leatsa?, cén chaoi a bhfuil cúrsaí leatsa? there was a mechanical problem with the plane bhí fadhb mheicniúil ag baint leis an eitleán it's all to do with global warming téamh domhanda is cúis leis ar fad, téamh domhanda is údar dó go léirwhat's with 18 indicating attitude, mannerle prep cmu I'm pleased with myself tá mé sásta liom féin they were very patient with me bhí siad an-fhoighneach liom she helped us with a smile chuidigh sí linn faoi chroí mór maith I'll do it with pleasure déanfaidh mé é agus fáilte he answered with difficulty d'fhreagair sé le dua 19 indicating position it's right on the border with France tá sé díreach ar theorainn na Fraince she stood with her back to the wall sheas sí agus a droim le balla aici 20 indicating event in sequence the concert began with two songs cuireadh tús leis an gceolchoirm le dhá amhrán, dhá amhrán a chuir ceann ar an gceolchoirm and with that, she left agus leis sin, d'imigh sí the action continues with three championship games leanann an t-aicsean ar aghaidh le trí chluiche craoibhe 21 indicating particular time it's nearly the end of our holiday with only a week to go tá an tsaoire beagnach thart gan ach seachtain fágtha we're two points behind with a game still to play táimid dhá phointe ar gcúl agus cluiche le himirt fós 22 as consequence of the nights are cool with winter approaching tá na hoícheanta fionnuar anois go bhfuil an geimhreadh ag teacht, tá na hoícheanta fionnuar anois le teacht an gheimhridh with the fall of the capital the war ended le titim na príomhchathrach bhí deireadh leis an gcogadh, nuair a thit an phríomhchathair bhí an cogadh thart with time, the healing began le himeacht ama thosaigh an cneasú with luck I'll be home on Friday má éiríonn an t-ádh liom beidh mé sa bhaile Dé hAoine 23 in spite ofainneoin cmu with all his faults he has done a great job ainneoin a chuid lochtanna tá scoth oibre déanta aige she's very innocent even with all her experience tá sí an-soineanta ainneoin a cuid taithí uile 24 including, counting with just the five of us, we could still do it cé nach bhfuil ach cúigear againn ann, d'fhéadfaimis é a dhéanamh fós; ainneoin nach bhfuilimid ach cúigear ann, thiocfadh linn é a dhéanamh go fóill 25 in same direction asle prep cmu they drifted with the tide d'imigh siad leis an taoide 26 indicating separation, endingle prep cmu I wouldn't like to part with it níor mhaith liom scaradh leis, níor mhaith liom é a thabhairt uaim they want to do away with that service is mian leo deireadh a chur leis an tseirbhís sin 27 in order, request away with you, it's getting late imigh leat, tá sé ag éirí déanach come on, out with it anois, abair amach é PhrasesNathanna to be with sb are you with me? an dtuigeann tú leat mé, an bhfuil tú liom? what's with ...? 1 what's wrong with ...? what's with Seán these days? céard atá cearr le Seán ar an aimsir seo?, cad é atá ag cur as do Sheán le tamall anuas? 2 why ...?cad chuige ...?cén fáth ...? what's with the new coat? cad chuige an cóta nua? with it informalneamhfhoirmeálta 1 sharp-wittedgéarchúiseach cmu when she spoke we knew she was very with it nuair a labhair sí, ba léir dúinn go raibh sí an-ghéarchúiseach 2 fashionablesan fhaisean cmufaiseanta cmu 3 in addition it's very funny, and clever with it tá sé an-ghreannmhar agus cliste, leis; tá sé an-ghreannmhar agus cliste lena chois
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...