so
1 for emphasischomh cmu► (with adjective) I've never felt so close to resigning ní raibh mé riamh chomh gar d'éirí as she was so small and weak bhí sí chomh beag agus chomh lag sin sorry it took so long tá brón orm gur thóg sé chomh fada, tá brón orm gur thóg sé an fad sin I'm ever so grateful to you táim fíorbhuíoch díot she was oh so elegant bhí sí fíorghalánta, bhí sí thar a bheith galánta► (with adverb) they worked so hard d'oibrigh siad chomh crua sin she opened it ever so slightly d'oscail sí é oiread na fríde, d'oscail sí é beagán beag bídeach it happened ever so long ago tharla sé na blianta fada ó shin► (with quantifier) why do so few men apply for it? cén fáth a gcuireann a laghad sin fear isteach air?, cén fáth nach gcuireann níos mó fear isteach air? I had so little time and so much to do bhí a laghad sin ama agam agus an oiread sin le déanamh I, like so many others, had never heard of it dála go leor eile, níor chuala mise riamh faoi there are so many things to do tá an oiread sin rudaí le déanamh, tá a liacht rud le déanamh there are oh so many ways to make this easier tá an oiread sin slite ann chun é seo a dhéanamh níos fusa it looks like so much work tá an chuma air go bhfuil go leor oibre ag baint leis► (with negative) I was not so much frightened as curious ba mhó den fhiosracht ná den eagla a bhí orm, fiosracht níos mó ná eagla a bhí orm it was not so much a revolution but rather an evolution ba mhó d'éabhlóid ná de réabhlóid a bhí ann, bhain níos mó den éabhlóid ná den réabhlóid leis, éabhlóid níos mó ná réabhlóid a bhí ann 17 similarly, also 'I'll go!' 'So will I!' 'Rachaidh mise!' 'Rachaidh mise freisin!'; 'Rachaidh mise!' 'Mise leis!'; Rachaidh mise!' 'Rachaidh, agus mise!' I've been here for years and so have my family before me táimse anseo le blianta agus mo mhuintir romham chomh maith he works hard and so do his friends oibríonn sé go crua agus déanann a chairde amhlaidh, oibríonn sé go crua agus is amhlaidh dá chairde if air can escape so can water más féidir le haer éalú is amhlaidh don uisce, má thig le haer éalú tig le huisce chomh maith the young children liked it and so will the teenagers thaitin sé leis na leanaí óga agus taitneoidh sé leis na déagóirí freisin not only were we late but so too were the teachers ní hamháin go rabhamarna mall ach bhí na múinteoirí fosta, ní hamháin go rabhamarna deireanach ach b'amhlaidh do na múinteoirí é and so on (also nó and so forth) agus mar sin deagus araile cmuagus a leithéid he asked me about my friends, school and so on d'fhiafraigh sé díom faoi mo chuid cairde, faoin scoil agus mar sin de you need a driving licence, birth certificate and so on teastaíonn ceadúnas tiomána, teastas breithe agus a leithéid sin uait or so nó mar sinnó thart faoi sin I was there for ten minutes or so chaith mé deich nóiméad nó mar sin ann so as to chun cmuionas cmu drink water so as not to get thirsty ól uisce ionas nach mbeidh tart ort, ól uisce sa chaoi nach mbeidh tart ort I get up early so as to go for a run éirím go moch chun dul ag rith, éirím luath le dul ag rith so much as she didn't so much as speak to me níor labhair sí liom, fiú amháin; ní fiú gur labhair sí liom; an focal amháin féin níor labhair sí liom; níor labhair sí oiread is focal amháin féin liom he never so much as laughed an gáire féin ní dhearna sé, ní dhearna sé gáire féin we haven't had so much as a phone call níor tháinig oiread is glaoch gutháin féin chugainn, ní bhfuaireamar an glaoch gutháin féin I'll kill you if you so much as open your mouth maróidh mé thú má osclaíonn tú do bhéal féin, maróidh mé thú má dhéanann tú oiread agus do bhéal a oscailt, maróidh mé thú má tá i ndán is go dtagann oiread is focal as do bhéal so much for 1 changing topic so much for business, now, tell me, how are the kids? caithimis uainn é mar ghnó, anois, inis dom, conas atá na leanaí?; sin é ár ndóthain faoi chúrsaí gnó, anois, inis dom, cén chaoi a bhfuil na gasúir? so there! sin sinsin a bhfuil le rá faoi I'll do it myself, so there! déanfaidh mé féin é, agus sin sin!; déanfaidh mé féin é, bíodh agat! so to speak (also nó so to say) mar a déarfámar a dúirt an té a dúirt he looked after me, so to speak thug sé aire dom, mar a déarfá that dog is my baby, so to speak is é an madra sin mo leanbh, mar a dúirt an té a dúirt so what? is cumanach cuma so what if you're tired nach cuma má tá tuirse ort she's famous, so what? tá sí cáiliúil, nach cuma? Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...