Similar words :

must

modal verbbriathar módúil 1 expressing obligation or necessity you must leave caithfidh tú imeacht, ní mór duit imeacht, is éigean duit imeacht, tá ort imeacht, tá agat le himeacht I must wait until I'm twenty caithfidh mé fanacht go mbeidh mé fiche, is éigean dom fanacht go mbeidh an fiche bliain slánaithe agam I know what I must do tá a fhios agam cad is gá dom a dhéanamh why must I speak English? cad chuige a gcaithfidh mé Béarla a labhairt?, cén fáth nach mór dom Béarla a labhairt? don't do it because you feel you must ná déan é mar go mbraitheann tú gur gá duit, ná déan é toisc go mothaíonn tú nach bhfuil an dara rogha agat you mustn't wake the children ná dúisigh na leanaí you must be registered caithfidh tú a bheith cláraithe, ní mór duit a bheith cláraithe hats must be worn is gá hataí a chaitheamh, ní foláir hataí a chaitheamh it must not be given to anyone else ná tugtar d'aon duine eile é 'You must help us.' 'Must I?' 'Caithfidh tú cabhrú linn.' 'An gcaithfidh?'; 'Ní foláir duit cabhrú linn.' 'An é sin é?' 2 expressing certainty or likelihood he must really like you ní foláir nó go bhfuil an-chion aige ort, ní foláir nó tá an-ghean aige duit they must be used to it caithfidh sé go bhfuil taithí acu air she must have been asleep caithfidh go raibh sí ina codladh, ina codladh a bhí sí gan amhras it must have been yesterday caithfidh sé gur inné a bhí ann it mustn't have been hard caithfidh nach raibh sé deacair it mustn't have worked ní foláir nó nár oibrigh sé 3 expressing opinion, judgementcaithfidh go cmu you must be hungry caithfidh sé go bhfuil ocras ort, tá mé ag déanamh go bhfuil ocras ort it must be a relief déarfainn gur faoiseamh é you must think about it caithfidh go smaoiníonn tú air it must weigh a lot caithfidh go bhfuil meáchan mór ann, déarfainn go bhfuil meáchan mór ann he must have talked for an hour caithfidh gur thug sé uair an chloig ag caint, déarfainn gur labhair sé ar feadh uair an chloig it must have been easier then ní foláir nó go raibh sé níos fusa ansin, ní foláir nó bhí sé níos éasca ansin 4 in suggestions, advice you must try it caithfidh tú é a thriail, ba cheart duit é a thriail you must expect that kind of thing ní mór duit a bheith ag súil lena leithéid that's the question you must ask yourself is í sin an cheist nach mór duit a chur ort féin you mustn't forget it caithfidh tú gan dearmad a dhéanamh air, ná déan dearmad air 5 emphasising own intention I must get up early caithfidh mé éirí go moch I must ask that you be careful iarraim ort a bheith cúramach, ní foláir dom iarraidh ort a bheith cúramach I mustn't forget it ní mór dom gan dearmad a dhéanamh air, caithfidh mé cuimhneamh air I mustn't complain ní thig liom gearán, ní gearánta dom we mustn't waste any of it ná cuirimis aon chuid de amú SubformsSainfhoirmeacha → a must→ must- PhrasesNathanna if you must más gá duitmás éigean duitmá chaitheann tú very well, leave if you must ceart go leor, fág más gá duit if you must talk, do so quietly má chaitheann tú labhairt labhair go ciúin if you must know I was in hospital, if you must know bhí mé san ospidéal, ó tharla tú a bheith chomh fiosrach sin I must admit caithfidh mé a admháilní mór dom a admháilní foláir dom a admháil it was good, I must admit bhí sé go maith, ní mór dom a admháil; admhaím go raibh sé go maith I must admit to being disappointed ní foláir dom a admháil go raibh díomá orm I must say caithfidh mé a rání mór dom a rání foláir dom a rá I must say it's brilliant caithfidh mé a rá go bhfuil sé go hiontach it must be said it must be said that he made a good effort caithfear a rá go ndearna sé an-iarracht, ní mór a rá go ndearna sé an-iarracht sb must be mad (also sb must be crazy; sb must be out of his/her mind) you must be mad! as do mheabhair atá tú!, nach leamh atá do cheann ort! A holiday in Ireland? You must be mad! Laethanta saoire in Éirinn? Tá tú glan scuabtha as do mheabhair! I must be mad to listen to you nach mise an ghealt as éisteacht leat, nach mise atá ar mire agus a bheith ag éisteacht leat we must be crazy to put up with it caithfidh go bhfuilimid as ár meabhair agus cur suas leis, táimid craiceáilte agus a bheith ag cur suas leis must you? must you sing in the morning? an é go gcaithfidh tú canadh ar maidin? must you be such an idiot? an gá duit a bheith i d'amadán chomh mór sin? why must ...? why must you go? cén fáth a gcaithfidh tú imeacht?, cad chuige a gcaithfidh tú imeacht? why must it be so long? cén fáth a gcaithfidh sé a bheith chomh fada sin?, cad ina thaobh ar gá dó a bheith chomh fada sin?
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...