Similar words :

live

1
verbbriathar 1 conduct life transitiveaistreach he was forced to live his life like that b'éigean dó a shaol a chaitheamh mar sin they're living normal lives tá gnáthshaol á chaitheamh acu people live longer lives now maireann daoine níos faide anois, is faide a mhaireann daoine anois he wants to live his own life now tá sé ag iarraidh saol dá chuid féin a bheith aige anois if I could live my life over, I'd change a couple of things dá mbeadh breith ar m'aiféala agam d'athróinn cúpla rud 2 live according to belief etc transitiveaistreach she no longer wants to live a lie níl sí ag iarraidh go mbeadh a saol ina bhréag a thuilleadh they live the gospel maireann siad de réir an tsoiscéil you have to live your faith caithfidh tú an beart a dhéanamh de réir do bhriathair maidir le do chreideamh, caithfidh tú do chreideamh a chur i bhfeidhm sa saollive and breathe sth 3 experience time, war, etc intransitiveneamhaistreach to live through sth rud a chur díot they lived through turbulent times chuir siad am corrach díobh he lived through his fair share of hard times d'fhulaing sé a sháith de chruatan an tsaoillive downlive out 4 exist intransitiveneamhaistreachmair verb cmu she's one of the greatest singers who ever lived tá sí ar dhuine de na hamhránaithe ab fhearr a bhí riamh ann, tá sí ar na hamhránaithe ab fhearr dá raibh riamh annas I live and breathe 5 enjoy life intransitiveneamhaistreach I lived a bit after the exams bhain mé beagán spraoi as an saol i ndiaidh na scrúduithe they live like lords tá saol na bhfuíoll acube living on borrowed time 6 dwell intransitiveneamhaistreachcuir fút cmubheith i do chónaí cmucónaí a bheith ort she's living in Canada now tá sí ag cur fúithi i gCeanada anois, tá sí ina cónaí i gCeanada anois, tá cónaí uirthi i gCeanada anois where do you live? cá háit a bhfuil tú i do chónaí?, cá bhfuil cónaí ort?, cá bhfuil tú ag cur fút? they're living abroad now tá cónaí orthu thar sáile anois, tá siad ag cur fúthu thar lear anois the house isn't fit to live in níl an teach oiriúnach chun cónaí ann fish live underwater maireann éisc faoi uisce, maireann éisc san uisce those spiders live in hot countries maireann na damháin alla sin i dtíortha teo, bíonn na damháin alla sin i dtíortha teo they don't live under the same roof anymore níl siad in aontíos níos mólive inlive outlive together 7 informalneamhfhoirmeálta spend much time intransitiveneamhaistreach he lived in the library before the exams bhí sé sa leabharlann Domhnach is dálach roimh na scrúduithe, bhí sé sa leabharlann síoraí seasta roimh na scrúduithe he practically lives in the pub bíonn sé sa teach tábhairne Domhnach is dálach, bíonn sé sa teach tábhairne de lá is d'oíche 8 informalneamhfhoirmeálta wear sth often intransitiveneamhaistreach he virtually lives in his pyjamas bíonn a chuid pitseámaí air an t-am ar fad, maireann sé ina chuid pitseámaí, is ar éigean a bhaineann sé a chuid pitseámaí de 9 live your life intransitiveneamhaistreachmair verb cmu they live luxuriously ní cheileann siad aon só orthu féin, bíonn saol na bhfuíoll acu, tá gach só acu ina saol he lived as a bachelor ba bhaitsiléir é, baitsiléir a bhí ann they married and lived happily ever after phós siad agus bhí saol sona sásta acu he's living beyond his means tá sé ag maireachtáil thar a acmhainn, is mó a mhála ná a sholáthar she's living within her means tá sí ag maireachtáil de réir a hacmhainne, tá sí ag fuineadh de réir na mine they live in poverty tá siad beo bocht he lives in the past maireann sé san am atá thart I live in hope tá dóchas i mo chroí fós she lives in fear constantly bíonn sí i ngreim ag an eagla de shíor they live for their kids tugann siad tús áite dá gcuid páistí, maireann siad dá gcuid páistí he lives through others maireann sé trí shaol daoine eile they lived under Nazi rule mhair siad faoi réimeas na Naitsithe, bhí siad beo le linn réimeas na Naitsithe she can't live without her mobile níl sí in ann maireachtáil gan a fón póca, ní bheadh sí beo gan a fón póca they lived by the laws of that country mhair siad de réir dhlíthe na tíre sinlive high on the hoglive in sinlive it up 10 remain alive intransitiveneamhaistreachmair verb cmu I'll remember it as long as I live cuimhneoidh mé air an dá lá is a mhairfidh mé, cuimhneoidh mé air go lá mo bháis, beidh cuimhne agam go deo air how long will she live? cá fhad a mhairfidh sí? 'No bones broken. You'll live.' 'Níl aon chnámha briste agat. Mairfidh tú.' he'll live to regret this beidh caitheamh ina dhiaidh aige faoi seo amach anseo he didn't live to see the publication of the book níor mhair sé leis an leabhar a fheiceáil i gcló he lived through it tháinig sé slán as they just about lived through the winter chuir siad an geimhreadh díobh ar éigean the child lived for one year mhair an páiste ar feadh bliana large birds usually live longer than small birds is iondúil go maireann na héin mhóra níos faide ná na héin bheaga transitiveaistreachmair verb cmu some people live as many as twenty years with it maireann roinnt daoine suas le fiche bliain leisif I live to be a hundredyou lie and learnlive and let livelie to fight another daylive to tell the talelive to see the day when ... 11 subsist intransitiveneamhaistreachmair verb cmu they don't have enough food to live on níl a ndóthain bia acu le maireachtáil air, níl go leor bia acu lena gcoinneáil beo they live by preying on other animals bíonn siad beo ar ainmhithe eile she's living off her pension tá sí ag maireachtáil ar a pinsean, tá sí beo ar a pinsean the children live off charity is ar charthanacht atá na páistí beo my friends live off beer and pizza maireann mo chuid cairde ar bheoir agus pizza, tá mo chuid cairde beo ar bheoir agus pizza they're still living off their parents tá siad fós ag maireachtáil ar a dtuismitheoirí, tá siad beo ar a dtuismitheoirí fós, tá siad ag brath ar a dtuismitheoirí chun greim a chur ina mbéal fós he's living off the land tá sé ag maireachtáil ar an talamh they live from hand to mouth níl acu ach ón lámh go dtí an béallive off the fat of the landlive on fresh air 12 come to terms with intransitiveneamhaistreach to live with sth déileáil le cmu, cur suas le cmu it's not easy to live with ní furasta déileáil leis, ní furasta cur suas leis he needs to find a job he can live with ní mór dó jab a fháil a dtig leis déileáil leis she'll have to live with that problem beidh uirthi cur suas leis an bhfadhb sin she couldn't live with herself afterwards níor fhéad sí é a mhaitheamh di féin ina dhiaidh sin 13 suffer from intransitiveneamhaistreach thousands are living with AIDS tá SEIF ag gabháil do na mílte, tá na mílte ag fulaingt le SEIF 14 informalneamhfhoirmeálta (of object) belong intransitiveneamhaistreach the bag of tools lives on the shelf bíonn an mála uirlisí ar an tseilf de shíor SubformsSainfhoirmeacha → lived PhrasesNathanna as I live and breathe John, as I live and breathe! A Sheáin, an tú féin atá ann! to be living on borrowed time used figurativelyúsáid fháthchiallach bheith ar an dé deiridh the company is living on borrowed time tá an comhlacht ar an dé deiridh she's living on borrowed time tá a coinneal beagnach caite, tá sí ag éalú uainn if I live to be a hundred informalneamhfhoirmeálta I'll never understand them if I live to be a hundred dá mairfinn go dtí an céad ní thuigfinn iad, ní thuigfidh mé iad fad is a mhairfidh mé beo to live and breathe sth he lives and breathes cars níl ina cheann ach carranna, tá dúil as cuimse aige i gcarranna you live and learn is maith an chiall an chiall cheannaithetagann ciall le haois to live and let live ceart dom, ceart duitlig chugat is uaitgach duine ar a dhóigh féin to live high on the hog they're living high on the hog tá saol na bhfuíoll acu to live in sin pejorativedíspeagúil they're living in sin tá siad in aontíos ach níl siad pósta to live it up informalneamhfhoirmeálta he lived it up last year bhain sé spórt agus spraoi as an saol anuraidh, bhí sé ag imeacht le haer an tsaoil anuraidh to live off the fat of the land they're living off the fat of the land now tá saol na bhfuíoll acu anois, tá an saol ina bhainne ramhar anois acu to live on fresh air do you think you'll live on fresh air? an síleann tú go mbeidh tú beo ar an ngaoth?, an gceapann tú go mbeidh tú in ann maireachtáil ar cheol dreoilín teaspaigh?, an measann tú go dtiocfaidh do bheatha ón aer chugat? to live to fight another day (also to live to see another day) na cosa a thabhairt leat cmu the hare lived to see another day thug an giorria na cosa leis you'll live to fight another day so! beidh lá eile ag an bPaorach mar sin!, mairfidh tú mar sin! to live to tell the tale it was a miracle that they lived to tell the tale ba mhíorúilt é gur tháinig siad slán as, ba mhíorúilt é gur thug siad na cosa leo to live to see the day when I never thought I'd live to see the day when shops would be open on Sundays níor cheap mé riamh go dtiocfadh an lá a mbeadh siopaí ar oscailt ar an Domhnach Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ live down→ live in→ live on→ live out→ live together→ live up to

live

2
adjectiveaidiacht 1 alivebeo adj3 cmubeo- pref live bait baoite beo a live birth beobhreith fem2 a real live baby babaí beo beathach a real live world champion curadh domhanda ina steillbheatha live and kicking beo bríomhar, beo breabhsánta he's back live and kicking tá sé ar ais i mbarr a mhaitheasa capitalism is live and kicking in the East tá an caipitleachas faoi lánseol san Oirthear 2 scienceeolaíocht having active bacteriabeo adj3 cmu live yogurt iógart beo 3 topical it's a live subject is ábhar é atá i mbéal an phobail child abuse is still a live issue beocheist go fóill is ea mí-úsáid páistí 4 bullet, bomb, etc: unexplodedbeo adj3 cmu live bomb buama beo, buama gan phléascadh 5 electricalleictreach of wire etcbeo adj3 cmu live wire sreang bheo 6 of coal live coal aibhleog bheo, splanc fem2, sméaróid fem2 7 information technologyteicneolaíocht faisnéise operationalbeo adj3 cmu 8 tv & radioteilifís & raidió, information technologyteicneolaíocht faisnéise in real timebeo adj3 cmu it's not a live broadcast ní craoladh beo atá ann the sketches are performed before a live audience cuirtear na sceitsí i láthair lucht féachana beo 9 musicceol, theatreamharclannaíocht on stagebeo adj3 cmu live music ceol beo a live performance léiriú beo, beo-léiriú they're a superb live act tá a gcuid coirmeacha ceoil ar fheabhas, tá siad ar fheabhas beo 10 sportspórt (of ball) in playsan imirt cmu adverbdobhriathar 11 tv & radioteilifís & raidió simultaneouslybeo cmu to broadcast sth live rud a chraoladh beo the game is brought to you live from Croke Park tá an cluiche ag teacht chugaibh beo ó Pháirc an Chrócaigh let's go live now to Páirc Uí Chaoimh téimis beo anois go Páirc Uí Chaoimh 12 musicceol, theatreamharclannaíocht before audiencebeo cmu to play live seinm beo, casadh os comhair lucht féachana 13 into operation the station went live in 1959 chuaigh an stáisiún ar an aer sa bhliain 1959 the new payments system will go live in July tiocfaidh an córas íocaíochtaí nua i bhfeidhm i mí Iúil 14 alivebeo cmu to capture an animal live breith beo ar ainmhí, breith ar ainmhí agus é ina bheatha PhrasesNathanna sb is a live wire she's a real live wire tá an-bhrí go deo inti, tá sí lán fuinnimh agus anama she's the live wire of the team is í croí agus anam na foirne í watch yourself, he's a live wire! seachain thú féin, tá splanc ann!; seachain thú féin, tá an diabhal air!
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...