Similar words :

like

verbbriathar 1 be fond of sb transitiveaistreach she likes children is maith léi páistí, taitníonn páistí léi I like you a lot is maith liom go mór thú, taitníonn tú go mór liom, tá dúil mhór agam ionat 2 appreciate, prefer thing transitiveaistreachtaitin le PhrV cmuis maith le cmu how do you like the new car? cad a cheapann tú den charr nua?, an dtaitníonn an carr nua leat?, cad a déarfá leis an gcarr nua? if you don't like it you can leave mura dtaitníonn sé leat féadfaidh tú imeacht, mura bhfuil tú sásta leis féadfaidh tú imeacht I'd like that very much ba bhreá liom é sin, thaitneodh sé sin thar cionn liom what I like about him is his humour is í a acmhainn grinn an rud a thaitníonn liom faoi I like my tea black is maith liom tae dubh, ólaim tae dubh she doesn't like the look of him ní maith léi an chuma atá air how do you like the sound of that? cad a déarfá leis sin?, cad a déarfá faoi sin?, céard a cheapfá faoi sin?, cad é do bharúil faoi sin? he likes a drink tá dúil san ól aige, tá sé ceanúil ar an deoch 3 enjoy activity transitiveaistreachtaitin le PhrV cmuis maith le cmu I like playing football is maith liom a bheith ag imirt peile, taitníonn sé liom a bheith ag imirt peile she likes reading is maith léi a bheith ag léamh, taitníonn an léitheoireacht léi she likes to sing is maith léi amhrán a rá, bean mhór amhránaíochta í she doesn't like it when we argue ní maith léi é nuair a bhímid ag argóint, ní thaitníonn sé léi muid a bheith ag argóint, níl dúil aici ann nuair a bhímid ag argóint 4 approve of transitiveaistreachtaitin le PhrV cmuis maith le cmu I don't like his attitude ní maith liom an dearcadh atá aige, ní thaitníonn an dearcadh atá aige liom I don't like the idea of emigrating níor mhaith liom go mbeadh orm dul ar imirce she doesn't like other people using her computer ní maith léi daoine eile a bheith ag úsáid a ríomhairese like it or not we're in a recession tá cúlú eacnamaíochta ann, taitníodh sé linn nó ná taitníodh; tá cúlú eacnamaíochta ann, pé olc maith é I like his nerve in calling you used ironicallyúsáid íorónta nach dána an mhaise dó glaoch ort, nach aige a bhí an muineál ag glaoch ort 5 want transitiveaistreach I'd like a cup of tea, please ba mhaith liom cupán tae, le do thoil he'd like to join the army ba mhaith leis dul san arm sit down wherever you like suigh síos áit ar bith is maith leat, suigh síos pé áit is mian leat take as much as you like tóg oiread agus is mian leat you can do it however you like is féidir leat é a dhéanamh ar do rogha slí, tig leat é a dhéanamh cibé dóigh atá tú féin ag iarraidh do whatever you like déan do rogha rud, déan mar a thograíonn tú, déan cibé rud atá tú féin ag iarraidh say what you like about him, he's very kind abair do rogha rud faoi, tá sé an-chineálta 6 expressing reluctance transitiveaistreach I don't like to bother you ní maith liom a bheith ag cur isteach ort, níl mé ag iarraidh a bheith ag cur as duit 7 in polite offer or request transitiveaistreach would you like a coffee? ar mhaith leat caife?, an mbeidh caife agat?, an bhfuil tú ag iarraidh caife? would you like to say anything? ar mhaith leat aon rud a rá?, an bhfuil tú ag iarraidh rud ar bith a rá? I'd like to go home, please ba mhaith liom dul abhaile, le do thoil; teastaíonn uaim dul abhaile, más é do thoil é 8 in polite instruction transitiveaistreach I'd like for her to stay ba mhaith liom go bhfanfadh sí, ba mhian liom go bhfanfadh sí 9 consider important transitiveaistreach he likes to be in control is maith leis a bheith i gceannas, taitníonn sé leis a bheith i gceannas 10 do regularly transitiveaistreachis maith le cmu she likes to read is maith léi a bheith ag léamh 11 on social media transitiveaistreach'is maith liom' a thabhairt do prepositionréamhfhocal 12 in same way asar nós cmuamhail cmufearachtar aon dul le your eye works like a camera oibríonn do shúil ar nós ceamara, oibríonn do shúil mar a bheadh ceamara ann he doesn't think like other people ní fearacht daoine eile a bhíonn sé ag smaoineamh, ní bhíonn sé ag smaoineamh an dóigh a mbíonn daoine eile they treated us like children chaith siad linn amhail dá mba leanaí a bhí ionainn 13 emphasising manner, way don't speak like that ná bí ag caint mar sin it doesn't work like that ní mar sin a oibríonn sé it's like this seo é an chaoi a bhfuil sé, seo an dóigh a bhfuil sé, is mar seo atá sé 14 with similar qualities to the car looks like new shílfeá gur carr nua as an bpíosa é, tá an chuma ar an gcarr go bhfuil sé úrnua what does it look like? cén chuma atá air? we need more people like her teastaíonn tuilleadh dá macasamhail siúd uainn, tá níos mó daoine cosúil léise de dhíth I never saw anything like it ní fhaca mé a leithéid riamh it's like what happened last night is é dála an ruda a thit amach aréir é Spain or somewhere like that an Spáinn nó áit éigin mar sin, an Spáinn nó áit éigin dá leithéid there's nothing like a hot meal ní féidir béile te a shárú, níl aon rud chomh maith le béile te she looks just like him tá sí díreach cosúil leis, tá an-dealramh aici leis just like Seán, he's a teacher fearacht Sheáin, is múinteoir é; dála Sheáin, is múinteoir é cats, like dogs, are demanding bíonn cait, dála madraí, éilitheach 15 such asleithéid cmumar cmuamhail cmu people say things like 'sorry' deir daoine rudaí mar 'gabh mo leithscéal' root vegetables like carrots and parsnips glasraí fréimhe, leithéidí cairéad agus meacan bán 16 asking about sb/sth what did it look like? cén chuma a bhí air?, cad leis a raibh sé cosúil? what was it like in Africa? cén cineál áite a bhí san Afraic? what was she like when she was young? cén cineál duine a bhí inti nuair a bhí sí óg? 17 in similes, comparisons he cried like a baby bhí sé ag gol mar a bheadh babaí ann, chaoin sé uisce a chinn she speaks French like a native labhraíonn sí Fraincis mar a bheadh cainteoir dúchais ann 18 typical of it's not like her to be crying ní hí an saghas duine í a bhíonn ag caoineadh, ní minic léise a bheith ag caoineadh, is mór an t-iontas ise a bheith ag caoineadh we know what he's like tá a fhios againn cén sórt é 19 expressing probability it looks like rain tá an chuma air go mbeidh báisteach ann, tá fearthainn air, tá sé ag tórmach báistí 20 approximating, close to the shed was something like a small house bhí an bothán mar a bheadh teach beag ann, bhí an bothán cosúil le teach beag nounAinmfhocal 21 similar thing or person to compare like with like comparáid a dhéanamh idir rudaí atá cosúil le chéile it was a sound the like of which I'd never heard fuaim a bhí ann nár chuala mé a leithéid riamh cheana the shop sold candles and the like bhí coinnle agus a leithéid ar díol sa siopa did you ever see the likes of that? an bhfaca tú a leithéid riamh? we'll never see their likes again ní bheidh a leithéidí arís ann 22 on social media'is maith liom' it got 100 likes fuair sé 100 'is maith liom' adjectiveaidiacht 23 similar they grouped students of like ability together chuir siad mic léinn a raibh an cumas céanna iontu le chéile they were all of like mind about it bhí siad ar fad ar aon intinn faoi, bhí siad ar fad den tuairim chéanna faoi, bhí an bharúil chéanna acu ar fad faoi adverbdobhriathar 24 akin to, close to it's nothing like as painful as I expected níl sé aon phioc chomh pianmhar agus a cheap mé a bheadh, níl sé chomh pianmhar agus a shíl mé a bheadh ná baol air he's tired, or lazy more like! tá sé tuirseach, nó leisciúil b'fhéidir! 25 informalneamhfhoirmeálta filler in speech we were there for like a week bhíomar ann ar feadh seachtaine nó rud éigin it's not so bad, like dhera níl sé chomh holc sin; níl sé chomh dona sin, muise they were, like, totally blown away ba ea é an chaoi a raibh ionadh an domhain orthu, is amhlaidh a bhí alltacht orthu 26 informalneamhfhoirmeálta say or describe a reaction I was like, 'Really'? 'I ndáiríre?' arsa mise, 'Muise?' a dúirt mise conjunctioncónasc 27 informalneamhfhoirmeálta as if it was like nobody cared cheapfá gur chuma le gach duine it's not like you're going to die ní ag dul ag fáil bháis atá tú ná dada mar é; ní hé go bhfuil tú ag dul a fháil bháis ná a dhath; ar ndóigh, ní ag fáil bháis atá tú 28 in same way as like I said, I'm not going mar a dúirt mé, nílim ag dul ann will you send that e-mail like you promised? an seolfaidh tú an ríomhphost sin, mar a gheall tú? it was like this mar seo a bhí sé, is mar seo a bhí SubformsSainfhoirmeacha → -like→ likes PhrasesNathanna as like as not (also like as not) chomh dócha lena athrachchomh dealraitheach lena athrach as like as not he won't come chomh dócha lena athrach ní thiocfaidh sé as like as two peas in a pod (also as like as two peas) they're as like as two peas in a pod is iad pictiúr a chéile iad, tá siad chomh cosúil le dhá scadán, diabhal aithne orthu nach cúpla iad be like that then informalneamhfhoirmeálta bíodh agat mar sincead agat mar sin don't be like that! informalneamhfhoirmeálta éirigh as!stad! don't be like that, I was only joking éirigh as, ní raibh mé ach ag magadh; ná bí mar sin, ní raibh mé ach ag magadh if you like 1 so to speakmás maith leat bullying, if you like, happens in all schools tarlaíonn bulaíocht, más maith leat, i ngach scoil; d'fhéadfá a rá go dtarlaíonn bulaíocht i ngach scoil 2 offering choicemás maith leatmás áil leat you can stay here if you like féadfaidh tú fanacht anseo más maith leat, tig leat fanacht anseo má tá tú ag iarraidh how do you like that? informalneamhfhoirmeálta 1 expressing outragecad a déarfá leis sin?cad é do bharúil de sin?cén chaoi a dtaitníonn sé sin leat? 2 expressing surprisean gcreidfeá éar chuala tú a leithéid riamh! his mother paid for it, how do you like that! an gcreidfeá é, a mháthair a d'íoc as!; a mháthair a d'íoc as - ar chuala tú a leithéid riamh! he's resigning, how do you like that? tá sé chun éirí as, anois céard a déarfá? just like that 1 identical I have one just like that tá ceann agamsa atá díreach cosúil leis sin, tá a leathcheann sin díreach agamsa 2 of particular character Máire is just like that sin é an chaoi a bhfuil Máire, sin é an cineál duine Máire, sin mar atá Máire, sin í Máire agat 3 very easilyar an toirt cmuar an bpointe boise cmu they fell in love just like that thit siad i ngrá ar an toirt, thit siad i ngrá ar an bpointe boise 4 suddenlygo tobann cmu the film ended just like that chríochnaigh an scannán go tobann, chríochnaigh an scannán gan choinne like anything informalneamhfhoirmeálta he's drinking like anything tá sé ag ól go trom, níl stop ar bith leis ach ag ól, tá sé ag ól mar a bheadh Dia á rá leis like blazes informalneamhfhoirmeálta ar nós an diabhail they were working like blazes bhí siad ag obair ar nós an diabhail, bhí siad á marú féin ag obair, bhí siad ag cur a gcraicinn díobh ag obair like mad informalneamhfhoirmeálta (also like crazy) ar nós an diabhail they were arguing like crazy bhí siad ag argóint ar nós an diabhail, bhí siad i gcíríní a chéile like enough like enough there won't be any problem déarfainn nach mbeidh aon fhadhb ann like father like son proverbseanfhocal cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú like it or lump it informalneamhfhoirmeálta olc nó maith that's all we have, like it or lump it sin a bhfuil againn, más olc nó maith é; sin a bhfuil againn, bíodh dúil agat ann nó ná bíodh tell it like it is informalneamhfhoirmeálta abair amach éná cuir fiacail ann 'Just tell it like it is,' he said. 'Abair amach é,' a dúirt sé.; 'Ná cuir fiacail ann,' a dúirt sé. that's more like it (also this is more like it) sin é anoissin agat anois ésin an dóigh slow down a bit, that's more like it moilligh beagán, sin agat anois é; moilligh beagán, maith thú well, I like that! used ironicallyúsáid íorónta 'Well, I like that,' he said when he saw the bill. 'Go hiontach ar fad!' a dúirt sé nuair a chonaic sé an bille.; 'Féach air sin!' a dúirt sé nuair a chonaic sé an bille.; 'Scrios Fia!' a dúirt sé nuair a chonaic sé an bille. informalneamhfhoirmeálta what is sb like informalneamhfhoirmeálta what are you like? tá an diabhal ort!
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...