Similar words :

laugh

verbbriathar 1be laughing intransitiveneamhaistreachbheith ag gáiregáire a dhéanamh he laughed when he heard it rinne sé gáire nuair a chuala sé é she laughed heartily rinne sí gáire ó chroí she laughed scornfully rinne sí gáire fonóideach they were laughing their heads off bhí siad sna trithí gáire, bhí siad lagaithe ag gáire, bhí siad ag titim leis na gáirí everybody laughed at the story rinne gach duine gáire faoin scéal he laughed in their faces rinne sé gáire suas lena mbéal, rinne sé gáire suas lena bpus you may laugh, but ... cead agaibh a bheith ag gáire, ach ...; bígí ag gáire, ach ... I started laughing thosaigh mé ag gáire, chrom mé ar gháire she couldn't stop laughing ní raibh sí in ann stopadh de bheith ag gáire, ní thiocfadh léi stad den gháire it's not a matter to laugh about ní haon ábhar gáire é they burst out laughing lig siad racht gáire, phléasc siad amach ag gáire that made her laugh chuir sé sin ag gáire í, bhain sé sin gáire aisti transitiveaistreach 'Who'd believe that?' she laughed. 'Cé a chreidfeadh é sin?' ar sise de gháire. nounAinmfhocal 2 action, soundgáire masc4 cmu she heard a loud laugh behind her chuala sí gáire ard ar a cúl, chuala sí scolgháire taobh thiar di he gave a hearty laugh rinne sé gáire croíúil she recognised his laugh d'aithin sí a gháire we had a good laugh when we heard about it rinneamar ár sáith gáire nuair a chualamar faoi, bhí an-phíosa gáire againn nuair a chualamar ina thaobh 'Ok,' she said with a laugh. 'Ceart go leor,' ar sise ag déanamh gáire. 3 in reaction to sthsb is a laughgáire masc4 cmu his shirts always create laughs cuireann a chuid léinte daoine ag gáire i gcónaí the film has plenty of laughs tá go leor grinn sa scannán, tá ábhar gáirí go leor sa scannán he did it for laughs rinne sé mar phíosa grinn é, le greann a rinne sé é it'll give you a good laugh bainfidh sé gáire asat, cuirfidh sé ag gáire thú 4 good timefor a laughcraic fem2 cmuspraoi masc4 cmuspórt masc1 cmu we had a laugh last night bhí craic againn aréir, bhí spórt againn aréir, bhí spraoi againn aréir there were plenty of laughs on the tour bhí an-chraic ann le linn an turais it's only a bit of a laugh níl ann ach píosa spraoi, níl ann ach giota craice we had a laugh about it afterwards bhí beagán spraoi againn faoi ina dhiaidh they had a good laugh over the row rinne siad greann den achrann SubformsSainfhoirmeacha → laughing PhrasesNathanna sb is a laugh (also sb is a good laugh) informalneamhfhoirmeálta he's a right laugh tá an-chraic ag baint leis, tá an-spraoi ann, is mór an spórt é, is breá an chuideachta é to be good for a laugh 1 informalneamhfhoirmeálta ready to laugh they're good for a laugh bíonn an-chraic leo, bíonn an-spraoi leo, tá féith an ghrinn iontu, is dream seoigh iad 2 informalneamhfhoirmeálta amusing that programme is always good for a laugh cúis mhaith gháire an clár sin i gcónaí, bíonn an clár sin i gcónaí greannmhar a laugh a minute informalneamhfhoirmeálta it was a laugh a minute bhí craic iontach ann, bhí an-spraoi ann, bhí an-spórt ann a bundle of laughs (also a barrel of laughs) informalneamhfhoirmeálta he's a bundle of laughs tá sé lán le spraoi, tá craic ar dóigh ann she's not exactly a barrel of laughs ní déarfaí gur bean mhór spraoi í, ní hí is gealgháirí amuigh, is doiligh gáire a bhaint asti for a laugh (also for laughs) informalneamhfhoirmeálta I pushed the button just for a laugh bhrúigh mé an cnaipe díreach ar mhaithe leis an gcraic, bhrúigh mé an cnaipe díreach le teann spraoi to have the last laugh (also to get the last laugh) we stuck to football and had the last laugh chloíomar leis an bpeil agus bhí an lá linn ar deireadh to laugh at sb behind their back bheith ag magadh faoi dhuine ar chúl a chinnbheith ag magadh faoi dhuine gan fhios dólaugh at sb is having a laugh informalneamhfhoirmeálta you're having a laugh! ag magadh atá tú!; níl tú dáiríre, an bhfuil! sb will be laughing informalneamhfhoirmeálta you'll be laughing when it's done beidh leat nuair a bheidh sé déanta, beidh tú ar mhuin na muice nuair a bheidh sé déanta to be laughing all the way to the bank informalneamhfhoirmeálta they're laughing all the way to the bank tá siad ag carnadh airgid dóibh féin, tá airgead i ngach póca acu, tá siad ag déanamh na múrtha airgid to be laughed out of town (also to be laughed out of court) I'd be laughed out of town if I said that now! chuirfí an ruaig reatha orm dá ndéarfainn é sin anois!, bheinn i mo cheap magaidh dá ndéarfainn é sin anois!, bheinn i mo sheó bóthair dá ndéarfainn é sin anois! don't make me laugh informalneamhfhoirmeáltaan ag magadh atá tú?níl tú dáiríre, an bhfuil? he who laughs last laughs longest proverbseanfhocalan duine is deireanaí a dhéanfas gáire, is é is fearr a dhéanfas gáireis fada an gáire an gáire deiridh to laugh in the face of sth aghaidh a thabhairt go misniúil ar rud to laugh up your sleeve (also to laugh in your sleeve) bheith ag gáire os ísealbheith ag gáire go folaitheachbheith ag gáire i leataobh no laughing matter it's no laughing matter ní haon ábhar grinn é, ní cúis gháire ar bith é, ní haon údar gáire é to not know whether to laugh or cry he didn't know whether to laugh or cry ní raibh a fhios aige ar cheart gol nó gáire a dhéanamh, bhí sé idir gháire agus ghol sb will be laughing on the other side of their face they'll soon be laughing on the other side of their faces beidh gol a ngáire acu gan mhoill, imeoidh an straois sin díobh ar ball, titfidh an gáire astu gan mhoill you have to laugh you just have to laugh níl dul thairis ach gáire a dhéanamh; ní fhéadfá ach gáire faoi; mura mbeadh agat ach gáire amháin, chaithfeá é a dhéanamh Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ laugh at→ laugh off
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...