just
1 exactlydíreach cmugo díreach cmu to do sth just right rud a dhéanamh díreach i gceart she's just like you tá sí díreach cosúil leat, is í do leathbhreac féin í it's just the same size tá sé an méid céanna go díreach, tá sé díreach ar cóimhéid she's just the sort of person who'd help you is ise díreach an cineál duine a chabhródh leat just how many I don't know níl a fhios agam go díreach cá mhéad that's just what I thought sin go díreach an rud a shíl mé féin, rith an rud ceannann céanna liomsa that's just what I wanted is é sin go díreach an rud a bhí uaim, sin díreach an rud a bhí ag teastáil uaim 14 person, decision, etccóir adj cmu a just society sochaí chóir → the just just as 1 every bit aslán chomhgach pioc chomh she's just as good as you tá sí lán chomh maith leatsa, tá sí gach pioc chomh maith leatsa you can be just as foolish d'fhéadfása a bheith gach pioc chomh hamaideach they left again just as quickly d'imigh siad arís chomh gasta céanna to be just about to do sth (also nó to be just going to do sth) bheith díreach ar tí rud a dhéanamh I was just going to call you bhí mé díreach ar tí glaoch ort, bhí mé díreach ag dul a chur scairte ort, bhí mé díreach ag bordáil le glaoch ort to be just as well it's just as well that ... is maith an rud é go ...; is mór an gar go ... it'd be just as well if you spoke to her níorbh aon díobháil é dá labhrófá léi, níor dhochar duit labhairt léi sb can't just do sth you can't just up sticks and head for America! ní thig leat do chuid seolta a chrochadh agus aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá mar sin! you can't just give up ní féidir leat díreach éirí as isn't he (etc) just? (also nó isn't she just?; weren't they just?; didn't you just?) 'She's a great girl.' 'Isn't she just?' 'Is iontach an cailín í.' 'M'anam gurb ea!'; 'Is iontach an cailín í.' 'Abairse é!' 'Does it bring back painful memories?' 'Doesn't it just?' 'An dtugann sé droch-chuimhní ar ais chugat?' 'Tugann, cinnte!' 'Wouldn't you like to be there?' 'Wouldn't I just?' 'Nár bhreá leat a bheith ansin?' 'Ba bhreá, leoga!' it's just that ... níl ann ach go ... it's just that he goes overboard sometimes níl ann ach go dtéann sé thar fóir uaireanta just about beagnach cmunach mór cmuchóir a bheith cmu just about everyone beagnach gach duine; nach mór gach duine; gach duine, a bheag nó a mhór just a minute (also nó just one minute; just a second; just a moment; just a sec informalneamhfhoirmeálta) 1 asking sb to waitnóiméad amháinfóill ortfan bomaite just because ... díreach de bhrí go ...díreach toisc go ... just because you have the wind, don't think it's going to be easy díreach de bhrí go bhfuil cóir na gaoithe libh, ní hin le rá go mbeidh sé éasca just because she's here doesn't mean she can stay díreach toisc go bhfuil sí anseo ní hionann sin agus a rá gur féidir léi fanacht, ní hionann í a bheith anseo agus cead a bheith aici fanacht just folks (USSAM), informalneamhfhoirmeálta gnáthdhaoine cmu sb just has to do sth (also nó sb will just have to do sth) we'll just have to accept it níl an dara rogha againn ach glacadh leis, níl an dara suí sa bhuaile againn ach cur suas leis, níl aon dul as againn ach a bheith beo leis we'll just have to turn back níl aon dul as againn ach casadh ar ais; ní foláir dúinn casadh ar ais, sin a bhfuil faoi just in case ar eagla na heaglaar fhaitíos na bhfaitíos I made two copies just in case rinne mé dhá chóip ar eagla na heagla, rinne mé dhá chóip ar fhaitíos na bhfaitíos just in case you're going out ar eagla go mbeifeá ag dul amach, ar fhaitíos go mbeifeá ag dul amach just today (also nó just last year; just this week) we returned just today d'fhilleamar díreach inniu, inniu féin a d'fhilleamar I saw her just this past Friday chonaic mé í an Aoine seo caite go díreach, Dé hAoine seo a chuaigh thart féin a chonaic mé í just this morning maidin inniu féin, díreach ar maidin just yesterday inné féin just like that díreach mar sini bhfaiteadh na súlar an bpointe boise cmu we fell in love just like that thiteamar i ngrá le chéile díreach mar sin, thiteamar i ngrá le chéile ar an bpointe boise just like you! ní dhéanfainn dabht díot!ní chuirfinn tharat é! just my luck nach orm a bhíonn an mí-ádh i gcónaíbaineann mí-ádh domsa i gcónaí just now 1 right nowfaoi láthair cmui láthair na huaire cmu houses are cheap just now tá na tithe saor faoi láthair just so everything is just so tá gach rud in ord is in eagar, tá gach uile rud ar dóigh his suit was just so ní raibh bunchleite amach ná barrchleite isteach ar a chulaith that fish is just so tá an t-iasc sin díreach mar a d'iarrfadh do bhéal é a bheith just the thing that's just the thing! sin é go díreach an rud atá ag teastáil!, déanfaidh sé sin an beart! that's just the thing I want to hear sin é go díreach an rud atá mé ag iarraidh a chloisteáil just what ...? (also nó just who ... ?; just where ... ?; just when ... ?; just how ... ?) just what's going on here? cad go díreach atá ag tarlú anseo?, cad é faoi Dhia atá ar siúl anseo? just where do you think you're going? cá háit sa diabhal a bhfuil tusa ag dul? just who will pay for it? cé go díreach a íocfaidh as? just who does he think he is? nach air atá an mustar?, nach ard mar a chacann sé! informalneamhfhoirmeálta just how will ...? cén chaoi go díreach a ...?; conas go díreach a ...?; cén dóigh go díreach a ...? sb might just as well do sth (also nó sb could just as well do sth) you might just as well stay there bheadh sé chomh maith agat fanacht ann might just do sth (also nó could just do sth; may just do sth) it might just be the easiest way out of it b'fhéidir gurb é an bealach is fusa amach as é it might just be what they need seans gur sin go díreach a rud atá ag teastáil uathu not just any I'll buy her not just any bike, but the bike she wants ceannóidh mé an rothar atá uaithi di, ní dhéanfaidh rothar ar bith eile cúis it would be impossible for just any man to do it ní gach duine a bheadh ábalta é a dhéanamh not just yet ní go fóill beagchan díreach go fóill it's not time to leave, not just yet anyway níl sé in am imeachta, ní go fóill beag ar aon chuma the sleep of the just codladh na bhfíréancodladh an traonaighcodladh gan bhuaireamh sb would just as soon do sth he'd just as soon pay bheadh sé lán chomh sásta íoc, bheadh sé chomh sásta céanna íoc I'd just as soon not go b'fhearr liom gan dul Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...