Similar words :

into

prepositionréamhfhocal 1 towards interior ofisteach i cmu she went into the house chuaigh sí isteach sa teach we moved into the new offices bhogamar isteach sna hoifigí nua she crammed the money into her pocket dhing sí an t-airgead isteach ina póca he was digging deeper into the sand bhí sé ag tochailt níos doimhne isteach sa ghaineamh he put the potatoes into a saucepan chuir sé na prátaí i sáspan► (within boundaries of) they crossed the Boyne and into County Meath chuaigh siad trasna na Bóinne agus isteach go Contae na Mí► (enveloped by) the boat vanished into the mist d'imigh an bád as radharc isteach sa cheo he disappeared into the night chuaigh sé as radharc i nduibheagán na hoíche► (under the surface of) she dived into the lake thum sí isteach sa loch► (in entrance to) that doorway brings you into the building is é an doras sin an bealach isteach chun an fhoirgnimh, an doras sin a thugann isteach san fhoirgneamh thú she saw him on her way into the city chonaic sí é ar a slí isteach chun na cathrach 2 destination the bus gets into Galway at one baineann an bus Gaillimh amach ar a haon, sroicheann an bus Gaillimh ar a haon the plane flew into Cork tháinig an t-eitleán isteach go Corcaigh 3 island etcisteach go we went into Tory on Tuesday chuamar isteach go Toraigh Dé Máirt 4 towards a microphone was thrust into my face sádh micreafón isteach san aghaidh orm, sádh micreafón faoi mo smig she sat staring into space bhí sí ina suí ag stánadh roimpi we looked down into the well d'fhéachamar síos isteach sa tobar 5 institution, association, etc she was accepted into university d'éirigh léi áit a fháil ar an ollscoil we're trying to get more players into the club táimid ag iarraidh níos mó imreoirí a mhealladh isteach sa chlub 6 indicating contact the cars bumped into each other bhuail na carranna in aghaidh a chéile, bhuail na carranna faoi chéile she kicked the ball into the net chiceáil sí an liathróid isteach san eangach 7 in combining, mixing mix it into the water measc leis an uisce é, cuir tríd an uisce é dirt got into the water supply bhí salachar sa soláthar uisce 8 activity, interest the soldiers went into battle chuaigh na saighdiúirí i mbun troda, chuaigh na saighdiúirí i mbun catha she decided to go into business for herself chinn sí dul i mbun gnó di féin, shocraigh sí ar dhul i gceann a gnó féin she was into drugs for three years bhí sí gafa ag na drugaí ar feadh trí bliana, bhí sí tógtha leis na drugaí ar feadh trí bliana that guy's into his literature fear mór litríochta é an boc sin I got into music when I was fifteen d'éirigh mé tógtha leis an gceol nuair a bhí mé cúig bliana déag, chuir mé suim sa cheol nuair a bhí mé cúig bliana déag they were pressed into service as soldiers tugadh orthu dul isteach san arm, cuireadh brú orthu dul i mbun na saighdiúireachta, preasáladh i mbun seirbhíse mar shaighdiúirí iad they burst into song thosaigh siad ag gabháil cheoil, thosaigh siad ag amhrán she's big into sport tá sí sáite i gcúrsaí spóirt, tá sí iontach tugtha don spórt, bean mhór spóirt í she never really got into travelling níor éirigh sí róthógtha riamh leis an taisteal, ní raibh sí riamh róthugtha don taisteal he wants to leave college and go into work is mian leis an coláiste a fhágáil agus post a fháil, ba mhaith leis éirí as an gcoláiste agus dul i mbun oibre he threw himself into his work luigh sé isteach go hiomlán ar a chuid oibre, chrom sé ar an obair 9 classification she doesn't fall into that category níl sí sa chatagóir sin, ní bhaineann sí leis an gcatagóir sin 10 order, arrangement the chairs were arranged into a semi-circle socraíodh na cathaoireacha ina leathchiorcal the colleges were combined into one university cónascadh na coláistí mar aon ollscoil amháin, tugadh na coláistí i gceann a chéile in aon ollscoil amháin cut the material into triangles gearr an t-ábhar ina thriantáin they were divided into three groups of six rinneadh trí ghrúpa seisir díobh, roinneadh iad ina dtrí ghrúpa seisir the glass broke into tiny pieces briseadh an ghloine ina píosaí beaga bídeacha, rinneadh smidiríní den ghloine 11 particular situation she fell into arrears thit sí ar gcúl ina cuid íocaíochtaí the theatre was plunged into darkness thit brat dorchadais anuas ar an amharclann, níor fhan dé sholais san amharclann he got into debt chuaigh sé i bhfiacha our plans ran into trouble chuaigh na pleananna s'againne i sáinn, chuaigh ár gcuid pleananna in aimhréidh 12 changed state she matured into an independent young woman d'fhás sí aníos ina bean óg neamhspleách the heavy rain turned the camp into a lake rinne an bháisteach throm loch den champa she fell into a deep sleep tháinig tromchodladh uirthi she burst into tears tháinig na deora go fras léi, tháinig racht caointe uirthi, bhris an gol uirthi 13 emotional state she flew into a panic tháinig scaoll fúithi, chuaigh sí i scaoll he was getting into a state bhí sé an-oibrithe, bhí sé ag éirí iontach tógtha, bhí sé ag éirí go mór trí chéile 14 clothing he changed into his football kit chuir sé air a chuid éadaí peile 15 language she translated it into Irish chuir sí Gaeilge air, d'aistrigh sí go Gaeilge é we exported the data into XML rinneamar na sonraí a aistriú go XML 16 sth being investigatedfaoi prep cmui dtaobh cmumar gheall ar cmu this story gives an insight into the business tugann an scéal seo léargas ar an ngnó the committee looked into the matter d'fhiosraigh an coiste an cheist police started an investigation into the shooting bhunaigh na póilíní fiosrúchán faoin scaoileadh 17 continuing in time she was still working well into old age bhí sí ag obair léi agus í anonn go maith sna blianta 18 indicating duration into the afternoon however, the weather will get worse i rith an tráthnóna, áfach, éireoidh an aimsir níos measa; amach san iarnóin, áfach, rachaidh an aimsir chun donais they were working late into the night bhí siad ag obair leo go mall san oíche, bhí siad ag obair leo go déanach san oíche the sides were level going into the second half bhí na foirne ar comhscór ag tús an dara leath 19 mathematicsmatamaitic as divisor seven into fifty-six is eight caoga a sé roinnte ar a seacht, sin a hocht
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...