intention
rún masc1 cmucuspóir masc3 cmu their intention was clear ba léir cén rún a bhí acu, ba léir céard a bhí ar intinn acu, ba léir cén cuspóir a bhí acu I started the course full of good intentions thosaigh mé an cúrsa lán le dea-rúin he's doing it with good intentions tá sé á dhéanamh le dea-thoil, tá sé á dhéanamh le dea-rún despite the best intentions of the doctors in ainneoin dhícheall na ndochtúirí her intention was to become a teacher bhí fúithi a bheith ina múinteoir, bhí i gceist aici dul le múinteoireacht it's my intention to come back tá rún agam filleadh, tá sé i gceist agam filleadh he announced his intention to step down d'fhógair sé go bhfuil faoi éirí as, d'fhógair sé go bhfuil sé i gceist aige éirí as, d'fhógair sé go bhfuil sé faoi choinne éirí as I had no intention of marrying ní raibh lá rúin agam pósadh, ní raibh aon chuimhneamh agam ar phósadh, ní raibh i gceist agam beag ná mór pósadh I have no intention of missing the concert níl baol ar bith nach mbeidh mé ann don cheolchoirm she has every intention of running it tá rún daingean aici é a rith, tá sí meáite ar é a rith we went there with the sole intention of winning ní raibh ar ár n-aigne ag dul ann dúinn ach buachan, chuamar ann agus sinn meáite ar bhuachan, chuamar ann le buachan agus sin uile the poem was written with the intention that it be read aloud scríobhadh an dán chun go léifí os ard é, scríobhadh an dán lena léamh os ard Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...