Similar words :
in is a grammatical form of: in-law

in

prepositionréamhfhocal 1 inside, withini prep cmuistigh i cmu► (container, vehicle, room) it's in a box tá sé i mbosca the woman in the car an bhean atá sa charr he's in the house tá sé istigh sa teach what else is in those cupboards? cad é eile atá sna cófraí sin? the dog isn't allowed in here níl cead ag an madra a bheith istigh anseo, níl cead ag an madra teacht isteach anseo he's in there now tá sé istigh ansin anois the drawer that had the money in it an tarraiceán a raibh an t-airgead ann, an tarraiceán ina raibh an t-airgead► (town, country or other area) I met him in town casadh orm ar an mbaile mór é, bhuail mé leis sa bhaile mór he was in Spain bhí sé sa Spáinn in Belfast i mBéal Feirste she's in Dublin tá sí i mBaile Átha Cliath in Limerick i Luimneach in Knock ar an gCnoc in Strabane ar an Srath Bán► (institution) she's in hospital tá sí san ospidéal he's in school at the moment tá sé ar scoil san am i láthair she's in prison tá sí sa phríosún► (object, space, substance) the sun was high in the sky bhí an ghrian go hard sa spéir he put some oil in the water chuir sé roinnt ola san uisce he asked for a whiskey with a little water in it d'iarr sé uisce beatha agus deoir uisce tríd► (book, document, film, etc) that's in the next chapter tá sé sin sa chéad chaibidil eile was he in that film? an raibh sé sa scannán sin? she read it in the newspaper léigh sí ar an nuachtán é, léigh sí sa pháipéar é► (held in, enclosed by) it was in his hand bhí sé ina lámh 2 intoisteach i cmu she put it in her bag chuir sí isteach ina mála é 3 activity, occupation, etci prep cmu she has a diploma in journalism tá dioplóma san iriseoireacht aici they discussed developments in medicine phléigh siad forbairtí i gcúrsaí leighis he's in publishing tá sé ag obair i gcúrsaí foilsitheoireachta, tá sé ag gabháil don fhoilsitheoireacht she's in the Civil Service tá sí sa Státseirbhís, tá sí ag obair sa Státseirbhís 4 people, animals etci prep cmui measc cmui gcás cmu what's the cause of this disease in humans? cad is cúis leis an ngalar seo i measc daoine?, cad is cúis leis an ngalar seo sa duine? she hated to see suffering in animals b'fhuath léi ainmhithe a fheiceáil ag fulaingt 5 person with particular qualities he has a good friend in Seán is maith an cara dó Seán, is cara mór leis é Seán they picked a good forward in de Paor roghnaigh siad tosaí maith, mar atá, an Paorach 6 with expressions of time► (month, year, season, etc) he was here in April bhí sé anseo i mí Aibreáin she died in 2003 fuair sí bás in 2003, d'éag sí sa bhliain 2003 I get up at eight in the morning éirím ar a hocht ar maidin they'll be back in the winter beidh siad ar ais sa gheimhreadh► (period of time in future) faoi cheann cmui gceann cmu I'll see you in a week's time feicfidh mé faoi cheann seachtaine thú he'll be here in a few days beidh sé anseo i gceann cúpla lá► (within period of time) he managed to do it in an hour d'éirigh leis é a dhéanamh taobh istigh d'uair an chloig, d'éirigh leis é a dhéanamh laistigh d'uair an chloig, níor ghlac sé ach uair an chloig air lena dhéanamh she hasn't seen him much in the last two months ní fhaca sí mórán de le dhá mhí anuas► (indicating lapse of time) le prep cmu I haven't seen you in years ní fhaca mé thú leis na blianta that's the best film I've seen in ages sin é an scannán is fearr dá bhfaca mé le fada an lá► (during) le linn cmui gcaitheamh cmui rith cmu more than a million people died in the famine fuair breis agus milliún duine bás le linn an ghorta, cailleadh breis agus milliún duine i gcaitheamh an drochshaoil never in all my life riamh i mo shaol, le mo bheo 7 within particular rangei prep cmu the temperature was in the 20s bhí an teocht sna 20idí a woman in her early forties bean sna luathdhaichidí he's still only in his teens níl sé ach sna déaga fós 8 state, condition, situation the company's in a bind because of its debts tá an comhlacht i bponc mar gheall ar na fiacha atá air her hair's in good condition tá dea-bhail ar a cuid gruaige, tá dóigh mhaith ar a cuid gruaige in all the fuss I lost my purse sa ruaille buaille ar fad chaill mé mo sparán in my haste I forgot my bag mar gheall ar an deifir a bhí orm a bhí orm, rinne mé dearmad ar mo mhála; de bharr an deabhaidh a bhí orm, rinne mé dearmad ar mo mhála; rinne mé dearmad de mo mhála ar mhéad a bhí de dheifir orm she was injured in the panic gortaíodh í sa tamhach táisc he was in the prime of life bhí sé i mbláth a mhaitheasa he was in tears when they lost the match bhris an gol air nuair a chaill siad an cluiche, nuair a chaill siad an cluiche bhí na deora leis he's in trouble, isn't he? tá sé i dtrioblóid, nach bhfuil? I'm so busy that my brain is in a turmoil tá mé chomh gnóthach sin go bhfuil mé go hiomlán trí chéile 'Was anyone following you?' he asked in a whisper. 'An raibh duine ar bith do do leanúint?' ar seisean de chogar. 9 of relationshipi prep cmu the classes are run in association with the university eagraítear na ranganna i gcomhar leis an ollscoil we work in partnership with other agencies oibrímid i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí eile he was falling in love with her bhí sé ag titim i ngrá léi 10 clothing a man in a suit was at the door bhí fear a raibh culaith air ag an doras the children were dressed in sailor suits bhí cultacha mairnéalaigh ar na páistí ask the lady in green cuir ceist ar an mbean a bhfuil na héadaí glasa uirthi 11 colour the words were written in red le litreacha dearga a bhí na focail scríofa do you have this jumper in blue? an bhfuil an geansaí seo agaibh i ngorm?, an bhfuil an geansaí seo agaibh agus dath gorm air? 12 material, substance curtains in white silk cuirtíní de shíoda bán 13 method, style, medium they're paid in cash íoctar iad le hairgead tirim, is in airgead tirim a íoctar iad we can print in colour is féidir linn priontáil dhaite a dhéanamh the form should be completed in black ink ba chóir an fhoirm a chomhlánú le dúch dubh, ba chóir dúch dubh a úsáid chun an fhoirm a chomhlánú 14 order, arrangementi prep cmu they're in chronological order tá siad in ord croineolaíoch the pupils stood in twos bhí na daltaí ina seasamh ina mbeirteanna 15 languagei prep cmuas prep cmu say that in French abair é sin i bhFraincis she spoke to me in Irish labhair sí liom i nGaeilge, labhair sí liom as Gaeilge, as Gaeilge a labhair sí liom 16 group, organisation she's in the Gardaí tá sí sna Gardaí, tá sí leis na Gardaí you're not in the team níl tú ar an bhfoireann 17 as regards there's a difference in their attitude to clothes ní hionann an dearcadh atá acu ar éadaí, tá tuairimí éagsúla acu faoi éadaí there was an improvement in the quality of their work tháinig feabhas ar chaighdeán a gcuid oibre there has been a rise in student numbers tá méadú tagtha ar líon na mac léinn 18 measurement this insect is one centimetre in length tá an fheithid seo aon cheintiméadar ar fad a fish of more than four kilograms in weight iasc a bhfuil breis agus ceithre chileagram meáchain ann it comes in half-litres or pints tá sé ar fáil ina leathlítir nó ina phiontaí 19 doing sth the council was right in refusing planning permission bhí an ceart ag an gcomhairle cead pleanála a dhiúltú she spoke publicly about it and in doing so was criticised labhair sí go poiblí faoi agus cáineadh í dá bharr 20 quantity, numberi prep cmu how many cents are there in three euro? cá mhéad cent atá i dtrí euro? 21 ratiosas prep cmuin aghaidh cmu there's a one in four chance we'll reach the final tá seans as ceathair againn an cluiche ceannais a bhaint amach adverbdobhriathar 22 into room, container, etcisteach cmu bring him in tabhair isteach é he went in chuaigh sé isteach, isteach leis the man followed her in lean an fear isteach í the manager asked him to come in for an interview d'iarr an bainisteoir air teacht isteach le haghaidh agallaimh it was raining so she asked him in bhí sé ag cur báistí agus d'iarr sí air teacht isteach 23 within institutionistigh cmu to keep sb in duine a choinneáil istigh, duine a choimeád istigh 24 at home, place of work, etcistigh cmu to stay in fanacht istigh drop in any time buail isteach am ar bith is your mother in? an bhfuil do mháthair istigh?, an bhfuil do mháthair sa bhaile? I'll be in at nine tomorrow beidh mé istigh ar a naoi amárach, tiocfaidh mé isteach ar a naoi amárach what time did you get in last night? cad é an t-am ar tháinig tusa isteach aréir 25 submitted the form has to be in by Friday ní mór an fhoirm a chur isteach faoin Aoine, caithfidh an fhoirm a bheith istigh Dé hAoine ar a mhoille 26 available in shopar fáil cmuistigh cmu they're getting more in tomorrow beidh níos mó istigh acu amárach, beidh níos mó ar fáil uathu amárach he wants to buy it but the shop has none in is mian leis é a cheannach ach níl sé ar fáil sa siopa 27 to destination what time does the flight get in? cén t-am a dtiocfaidh an t-eitleán isteach?, cén t-am a mbeidh an eitilt istigh? the seven o'clock train is in tá traein a seacht a chlog tagtha isteach, tá traein a seacht a chlog istigh 28 sportspórt within area of playistigh cmu 29 sportspórt in cricketistigh cmu 30 polpol in office, electedi réim cmui gcumhacht cmuistigh cmu the party was in for four years bhí an páirtí i gcumhacht ar feadh ceithre bliana he stood in the election and got in sheas sé sa toghchán agus toghadh é, sheas sé sa toghchán agus d'éirigh leis 31 onto form etcisteach cmu fill the form in líon isteach an fhoirm type in the product you're looking for scríobh isteach an táirge atá uait, clóscríobh an táirge atá de dhíth ort 32 inwardsisteach cmu the roof fell in thit an díon isteach, thug an díon uaidh she kicked the door in chiceáil sí an doras isteach, chiceáil sí síos an doras 33 tide the tide is coming in tá sé ag líonadh, tá an taoide ag teacht isteach, tá sé ag tuile the tide is in tá sé ina lán mara, tá sé ina bharr láin, tá an taoide istigh, tá sé ina thuile adjectiveaidiacht 34 informalneamhfhoirmeáltasan fhaisean cmufaiseanta adj3 cmu mini skirts are in at the moment tá mionsciortaí san fhaisean faoi láthair the in thing an nós atá i réim anois, an rud a bhfuil tóir air faoi láthair the in place an áit a dtéann gach duine, an áit atá san fhaisean SubformsSainfhoirmeacha → -in PhrasesNathanna to be in at sth bheith i láthair ag rudbheith ar an láthair le linn ruda I was in at the start of it bhí mé ann ag a thús to be in for it informalneamhfhoirmeálta you're in for it tá tú i dtrioblóid, tá do chosa nite, beidh daor ort, tá d'anam ar an tsnáthaid to be in for sth informalneamhfhoirmeálta rud a bheith romhatrud a bheith i ndán duit we're in for a long night tá oíche fhada romhainn we're in for a great game today tá cluiche iontach i ndán dúinn inniu to be in on sth baint a bheith agat le rudpáirt a bheith agat i rudbheith istigh ar rud to be in with sb informalneamhfhoirmeálta bheith mór le duine in all (also in total) san iomlánar fad cmu in all, he was off school for seven days bhí sé as láthair ón scoil seacht lá san iomlán she raised five children in all thóg sí cúigear páistí ar fad in that sa mhéid go PE is a good idea for children in that it promotes a healthy life tá an corpoideachas go maith do pháistí sa mhéid go gcuireann sé saol folláin chun cinn to have it in for sb informalneamhfhoirmeálta cloch sa mhuinchille a bheith agat do dhuinenimh san fheoil a bheith agat do dhuinebior sa tine a bheith agat do dhuine I think he has it in for me ceapaim go bhfuil cloch sa mhuinchille aige dom, sílim go bhfuil an nimh san fheoil aige dom to have it in you an mianach a bheith ionaté a bheith ionat she has it in her to win the race tá an mianach inti an rás a bhuachan, tá sé inti an rás a bhaint the ins and outs of sth informalneamhfhoirmeálta bun agus barr rudana mionsonraí a bhaineann le rud he knows all the ins and outs of it tá bun agus barr an scéil aige, tá fios fátha an scéil ar fad aige
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...