Similar words :

down

adverbdobhriathar 1 to lower placesíos cmu he fell down in front of me thit sé os mo chomhair amach go down to that shop first téigh síos go dtí an siopa sin ar dtús she wound down the window chuir sí síos an fhuinneog she went straight down there chuaigh sí síos díreach ann, chuaigh sí síos ann caol díreachdown to 2 in lower placethíos cmu down in the basement thíos san íoslach two doors down from us dhá dhoras síos uainn, sa dara doras againn the blinds were down bhí na dallóga tarraingthe anuas, bhí na dallóga dúnta down below us thíos fúinn from down below ón áit thíos down at the bottom of sth thíos ag bun ruda, thíos in íochtar ruda, thíos ag tóin ruda we have to be down for dinner at nine caithfimid a bheith thíos i gcomhair an dinnéir ar a naoidown in the dumpsdown in the mouthdown on your luckdown on sblet your hair downwin hands down 3 from higher placeanuas cmu down from the sky anuas ón spéir, anuas as an spéir she got down off the horse tháinig sí anuas den chapall she fell down from the wall thit sí anuas den bhalla he came down from the roof tháinig sé anuas den díon they went down with the ship chuaigh siad féin agus an long go tóin poill they had just come down to breakfast bhí siad díreach tagtha anuas chun an bhricfeastadown to 4 onto surfacesíos cmuanuas cmu he put it down on the floor leag sé síos ar an urlár é the helicopter touched down outside the house thuirling an héileacaptar lasmuigh den teach, tháinig an héileacaptar anuas go talamh taobh amuigh den teach 5 to ground after damage, injurygo talamh cmuchun talún cmu the house was knocked down leagadh an teach go talamh the restaurant burned down before Christmas dódh an bhialann go talamh roimh an Nollaig the Berlin Wall came down in 1989 thit Balla Bheirlín in 1989, leagadh Balla Bheirlín in 1989 the wolf came and blew down the straw house tháinig an mac tíre agus shéid sé an teach tuí chun siúil to knock sb down duine a leagan go talamh, duine a threascairt he was cut down in his prime maraíodh é agus é i mbláth a mhaitheasa 6 in(to) sitting or lying position to lie down luí síos, luí siar to sit down suí síos, bualadh fút she was sitting down bhí sí ina suí, bhí sí ag suí fúithi to go down to sleep dul a chodladh, dul a luí to put sb down to sleep duine a chur a chodladh he's gone down for the night tá sé imithe a chodladh don oíche 7 in(to) fixed positionsíos cmu tie it down ceangail síos é hold the key down coinnigh síos an eochair 8 below horizon► (direction, movement) the sun goes down early téann an ghrian faoi go luath, téann an ghrian a luí go luath the moon went down d'imigh an ghealach as amharc► (position) the sun was down bhí an ghrian imithe faoi 9 from top to bottom wash down the walls with detergent nigh na ballaí le glantach 10 in direction of sth lowersíos cmu her skirt came down to her knees bhí a sciorta síos go dtí a glúine, bhí a sciorta go dtí na glúine uirthi he stood looking down at the fish sheas sé ag féachaint síos ar an iasc eyes down breathnaígí síos, amharcaigí síosdown to 11 towards ground he was face down on the floor bhí sé béal faoi ar an urlár, bhí sé ar a bhéal agus ar a shrón ar an urlár the toast fell buttered side down thit an tósta agus an t-im faoi, thit an tósta agus taobh an ime faoi 12 from north or central place they stopped at a pub on the way down stop siad ag teach tábhairne ar an tslí síos to go down to the country dul síos faoin tír, dul amach faoin tír when are you coming down to the country again? cén uair a bheidh sibh ag teacht anuas faoin tír arís? to come down from the city teacht anuas ón gcathair we'll go down to Dublin next week rachaimid suas go Baile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn, rachaimid síos go Baile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn down south thíos ó dheas, sa deisceart down here thíos anseo to go down there dul síos ansin to be down there bheith thíos ansindown to 13 in south or away from capitalthíos cmu down on the south coast thíos ar an gcósta theas he was down in Cork recently bhí sé thíos i gCorcaigh le déanaí 14 to stomachsiar cmu get it down you! caith siar é! to gulp down food bia a shlogadh siar I could keep nothing down ní fhanfadh aon rud i mo ghoile, ní thiocfadh liom rud ar bith a choinneáil thíos 15 medicineleigheas ill to go down with bheith buailte ag he was down with the flu bhí sé buailte ag an bhfliú she came down with a cold bhuail slaghdán í, tháinig slaghdán uirthi 16 to next generationanuas cmu it was handed down from generation to generation tháinig sé anuas ó ghlúin go glúin, cuireadh ar aghaidh é ó ghlúin go glúin 17 in direction of flow to sail down with the current seoladh síos le sruth, seoladh le sruth we came down with the current thángamar anuas leis an sruthdown to 18 informalneamhfhoirmeálta at or to nearby place► (motion towards) síos cmu I'll run down to the shop rithfidh mé síos chuig an siopa, rithfidh mé síos go dtí an siopa► (position) thíos cmu she's down at the graveyard tá sí thíos ag an reiligdown to 19 at or to lower level, amount they made a great effort to bring unemployment down rinne siad an-iarracht an dífhostaíocht a laghdú it's hard to keep the weight down is deacair an meáchan a choinneáil síos the clock was counting down bhí an clog ag comhaireamh síos income was down six billion from December bhí laghdú sé bhilliún ar ioncam ó mhí na Nollag prices came down by 6 percent d'ísligh praghsanna 6 faoin gcéad match attendance is well down tá laghdú mór ar fhreastal ar chluichí, tá an líon daoine a bhíonn ag freastal ar chluichí tite go mór the vote was down in comparison with last year bhí an vóta tite i gcomparáid leis an mbliain seo caitedown to 20 lower in range, scale, etc from the top down ón mbarr anuas, ón mbarr síos Cork went down to Division 2 this year chuaigh Corcaigh síos go dtí Roinn 2 i mbliana down to the present day anuas go dtí an lá inniudown to 21 lower in intensity to turn the volume down an fhuaim a ísliú the wind has died down tá an ghaoth ciúnaithe, tá an ghaoth i ndiaidh síothlú 22 on papersíos cmu to write sth down rud a scríobh síos this is laid down in law tá sé seo leagtha amach sa dlí to put sth down on paper rud a scríobh síos, rud a chur ar pár 23 information technologyteicneolaíocht faisnéise, telecommunicationsteileachumarsáid not working the network went down chlis ar an líonra, theip ar an líonra 24 sportspórt behind in scorechun deiridh cmuar gcúl cmu they're a goal down to Armagh tá siad cúl chun deiridh ar Ard Mhacha we came back from being eight points down thángamar ar ais tar éis a bheith ocht bpointe ar gcúl, thángamar ar ais tar éis a bheith ocht gcúilín chun deiridh 25 completed I have two down, three to go tá péire curtha díom agam agus trí cinn fágtha 26 financeairgeadas as deposit, paymentsíos cmu she had to put €50 down bhí uirthi €50 a chur síos, bhí uirthi €50 a íoc roimh ré 27 financeairgeadas out of pocketas póca cmu he's been winning recently but he's still a couple of hundred euro down tá sé ag baint le tamall ach tá sé fós cúpla céad euro gann 28 financeairgeadas short, lackinggann cmu we only need a thousand euro but we're still a couple of hundred euro down níl uainn ach míle euro ach táimid fós cúpla céad euro gann adjectiveaidiacht 29 on the ground after damage, defeatleagtha go talamhar an talamhsínte adj3 cmu power lines are down all over tá línte cumhachta leagtha go talamh ar fud na háite his friend was down and he couldn't do anything about it bhí a chara sínte agus níor fhéad sé aon ní a dhéanamh faoi 30 fallen in value the euro is down tá luach an euro tite, tá luach an euro síos the market is down by 10% tá an margadh laghdaithe 10%, tá an margadh síos 10%down to 31 unhappyin ísle brí cmu you're a bit down these days tá tú in ísle brí na laethanta seo he had a down day bhí lá léin aige, bhí lá duairc aige to get sb down duine a chur in ísle brí, gruaim a chur ar dhuine 32 information technologyteicneolaíocht faisnéise, telecommunicationsteileachumarsáid not working to be down bheith as feidhm the system was down bhí an córas as feidhm, bhí cliste ar an gcóras 33 pointing, travelling down the down arrow an tsaighead síos prepositionréamhfhocal 34 from top to bottom of tears were rolling down her cheeks bhí na deora anuas léi, bhí na deora ag sileadh anuas lena grua move the cursor down the page bog an cúrsóir síos an leathanach he fell down the stairs thit sé anuas an staighre 35 at foot of stairs the fire exit is down the stairs tá an bealach éalaithe dóiteáin ag bun an staighre 36 from higher to lower along she had long hair down her back bhí gruaig fhada uirthi síos lena droim I spilt the drink down my shirt dhoirt mé an deoch anuas ar mo léine 37 inside, covered bythíos cmu he had a gun down his jeans bhí gunna thíos ina jíons aige 38 towards lower direction in► (away from observer) síos cmu he was looking down the microscope bhí sé ag breathnú síos an micreascóp► (towards observer) anuas cmu to put sth down your throat rud a chur siar i do scornach, rud a chur síos i do scornach 39 in lower position in/onthíos cmuin íochtar cmu down the valley thíos sa ghleann, in íochtar an ghleanna half way down the hill leath bealaigh síos an cnoc down the road from the house síos an bóthar ón teach up and down the country ó cheann ceann na tíre, ar fud na tíre, fud fad na tíre, i ngach coirnéal den tír 40 into stomach of I need to get some food down me is gá dom roinnt bia a ithe, is gá dom roinnt bia a chur i mo bholg, caithfidh mé greim bia a fháil 41 from one end to other of (sth)síos cmu she ran down the path rith sí síos an cosán 42 further along (sth)síos cmu they live down the road from me cónaíonn siad síos an bóthar uaim 43 with flow of (stream etc)síos cmu further down the river níos faide síos an abhainn 44 informalneamhfhoirmeálta at or to (nearby place) to go down the church dul síos chuig teach an phobail he went down the town chuaigh sé síos an baile mór, chuaigh sé síos chuig an mbaile mór 45 throughout time period down the years it's been the same story is é an scéal céanna é leis na blianta, is é an scéal céanna é i gcaitheamh na mblianta a discussion of art down the centuries plé ar an ealaín leis na céadta bliain anuas nounAinmfhocal 46 zoologyzó-eolaíocht soft feathersclúmh masc1 cmuclúmh mín cmucluimhreach fem2 cmumodifierclúimh gs as adj cmu down sleeping bag mála codlata clúimh 47 soft hairclúmh masc1 cmufionnadh masc1 cmu 48 informalneamhfhoirmeálta disadvantage, bad situationseal thíos cmu ups and downs thuas seal agus thíos seal, só agus anó it all ended on a down bhí droch-chríoch leis an rud ar fadhave a down on sb/sth 49 informalneamhfhoirmeálta depressed periodtaom duaircis cmudroim dubhach cmu everyone has a down now and again buaileann taom duaircis gach duine ó am go chéile, bíonn gach duine in ísle brí ó am go ham, titeann gach duine i ndroim dubhach ó am go chéile 50 geographytíreolaíocht low hillmínchnoc masc1 cmu 51 information technologyteicneolaíocht faisnéise on keyboard press ALT + down brúigh ALT + síos verbbriathar 52 bring to ground transitiveaistreachtabhair anuas cmuleag chun talúnleag go talamh cmu they downed an enemy plane thug siad anuas eitleán de chuid an namhad many trees were downed leagadh mórchuid crann the goalie was downed leagadh an cúl báire chun talún, baineadh an cúl báire dá bhoinndown tools 53 defeat transitiveaistreachbuaigh ar PhrV cmubuail verb cmu she was downed 7-5 in the first game buadh uirthi 7-5 sa chéad chluiche 54 informalneamhfhoirmeálta eat, drink all of transitiveaistreach he downed it in a few seconds chaith sé siar an t-iomlán laistigh de chúpla soicind SubformsSainfhoirmeacha → downed PhrasesNathanna to be down for sth I'm down for Friday táimse luaite leis an Aoine, táimse thíos don Aoine to put sb down for sth ainm duine a chur síos le haghaidh ruda, focal a chur ar rud do dhuine, rud a chur in áirithe do dhuine she put her name down for 200 euro chuir sí a hainm síos le 200 euro a thabhairt to be down in the dumps informalneamhfhoirmeáltabheith in ísle brílionn dubh a bheith ort the country was down in the dumps bhí an tír in ísle brí to be down in the mouth informalneamhfhoirmeáltabheith in ísle brígruaim a bheith ort to be down on your luck informalneamhfhoirmeáltaan mí-ádh a bheith ag siúl leatbheith in umar na haimléisebheith i lúb an angair to be down on sb informalneamhfhoirmeáltabheith anuas ar dhuinebheith anuas sa mhullach ar dhuine the kids would be down on me for selling it bheadh na leanaí anuas sa mhullach orm as é a dhíol down to 1 including everyone is affected down to the child baineann sé le gach duine idir shean agus óg; baineann sé le gach duine, an páiste san áireamh everything must go, right down to the spoon caithfear gach rud a dhíol go fiú an spúnóg féin 2 because of the tiredness was put down to lack of exercise leagadh an tuirse ar easpa aclaíochta, maíodh gurbh easpa aclaíochta ba shiocair leis an tuirse it's all down to personal taste is é do rogha féin bun agus barr an scéil, tá sé uile ag brath ar a dtaitníonn leatsa, braitheann sé ar an rud a bhfuil dúil agat féin ann 3 responsibility it's down to parents to make the rules faoi thuismitheoirí atá sé rialacha a leagan síos, is é cúram tuismitheoirí é rialacha a leagan síos, is ar chrann tuismitheoirí a thiteann sé rialacha a leagan síos 4 reduced to he was down to his last five euro ní raibh fágtha aige ach cúig euro I was down to one meal a day ní raibh mé in acmhainn ach béile amháin sa lá a ithe down to the ground informalneamhfhoirmeáltago hiontach cmugo paiteanta cmu it suits you down to the ground feileann sé go paiteanta duit, feileann sé go breá thú, oireann sé go seoigh duit, tá sé fóirsteanach i gceart duit to down tools informalneamhfhoirmeáltastopadh den obairdul ar stailcstailc a chur suasan spád a shá down with down with slavery! deireadh leis an sclábhaíocht!, go hifreann leis an sclábhaíocht!, scrios ar an sclábhaíocht, bascadh is brú ar an sclábhaíocht! to have a down on sb informalneamhfhoirmeáltabheith anuas ar dhuinedroch-chroí a bheith agat do dhuine to kick a man when he's down (also to hit a man when he's down) cos a bhualadh ar an té a bhíonn thíossatailt ar dhuine agus é thíosna bróga a thabhairt do dhuine agus é ar an talamh to have sb down as (also put sb down as) informalneamhfhoirmeálta they have me down as a lunatic ceapann siadsan gur gealt mé, dar leosan gur gealt mé, feictear dóibhsean go bhfuil mé as mo mheabhair to win hands down informalneamhfhoirmeáltabuachan gan duabaint gan stró down country (USSAM), informalneamhfhoirmeálta thíos faoin tírsíos faoin tír to be sent down country bheith curtha síos faoin tír from up and down country ó uachtar agus íochtar tíre, ó gach cearn den tír

Down

geographytíreolaíocht
nounAinmfhocal an Dún masc1 cmuContae an Dúin she lives in Down tá sí ina cónaí sa Dún, tá sí ina cónaí i gContae an Dúin they're going to Down tá siad ag dul go Contae an Dúin he's from Down is as an Dún é she has a Down accent tá blas an Dúin ar a cuid cainte a Down artist ealaíontóir as Contae an Dúin County Down Contae an Dúin the Down team foireann an Dúin
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...