Similar words :

do

verbbriathar 1 perform activitydo as you're tolddo your bestwhat can I do for you?what is sb/sth doing here/there etc? transitiveaistreachdéan verb cmu who did this? cé a rinne é seo? I've done nothing ní dhearna mise dada, ní dhearna mise aon ní what are you doing there? cad atá á dhéanamh ansin agat?, cad é atá tú a dhéanamh ansin? you can't do everything for them ní féidir leat gach rud a dhéanamh dóibh do what you're told! déan an rud a deirtear leat! let them do what they want lig dóibh a rogha rud a dhéanamh, tabhair cead a gcinn dóibh she has nothing to do níl aon rud le déanamh aici, níl dada le déanamh aici there's little we can do about it now níl mórán is féidir linn a dhéanamh faoi anois, is beag a thig linn a dhéanamh faoi anois I need to do some work caithfidh mé roinnt oibre a dhéanamh she gave them some sums to do thug sí roinnt suimeanna le déanamh dóibh we're doing an experiment táimid ag déanamh turgnaimh, tá turgnamh á dhéanamh againn he does the cooking déanann seisean an chócaireacht by the time the shopping is done faoin am a mbíonn an tsiopadóireacht déanta can you do me a favour? an ndéanfá gar dom? they did her an injustice rinne siad éagóir uirthi 2 achieve (sth) transitiveaistreachdéan verb cmu I wasn't able to do much ní raibh mé in ann mórán a dhéanamh they did nothing for the language ní dhearna siad faic ar son na teanga 3 perform, progressdo well for yourselfhow are you doing?sb would do well to... intransitiveneamhaistreachdéan verb cmu how is the business doing? cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an ngnó?, cad é mar atá an gnó ag déanamh? he did ok in his exams rinne sé maith go leor ina chuid scrúduithe they didn't do too well ní dhearna siad rómhaith 4 produce effect transitiveaistreachdéan verb cmu it did more harm than good is mó de dhochar ná de mhaitheas a rinne sé a few days' holiday will do you good déanfaidh cúpla lá saoire maitheas duit it didn't do me any harm ní dhearna sé aon dochar dom, ní dhearna sé aon díobháil dom there was damage done to the house rinneadh damáiste don teach 5 have function transitiveaistreachdéan verb cmu what does this button do? céard a dhéanann an cnaipe seo? 6 theatreamharclannaíocht perform (act, scene, play) transitiveaistreachdéan verb cmucuir i láthair VP cmu we did four scenes rinneamar ceithre radharc 7 with 'what': work at transitiveaistreachdéan verb cmu what's he doing these days? cad atá á dhéanamh aige na laethanta seo?, cad é atá sé a dhéanamh na laethanta seo?, céard atá ar siúl aige na laethanta seo?, cad é atá ar bun aige na laethanta seo? what will you do when you finish university? céard a dhéanfaidh tú nuair a bheidh tú réidh leis an ollscoil? what do you do for a living? cén tslí bheatha atá agat? 8 educationoideachas study (subject, course) transitiveaistreachdéan verb cmu he's doing his Leaving tá sé ag déanamh na hArdteiste what subjects did you do for your A-Levels? cad iad na hábhair a rinne tú don A-Leibhéal? he's doing French and History at university tá sé ag déanamh Fraincise agus Staire ar an ollscoil she did a degree in botany rinne sí céim sa luibheolaíocht 9 cover (topic) transitiveaistreachdéan verb cmu have you done the genitive? an bhfuil an ginideach déanta agaibh? they're doing algebra tá siad ag déanamh ailgéabair 10 engage in sport etc transitiveaistreachdéan verb cmu have you ever done yoga? an ndearna tú ióga riamh? I do a lot of cycling déanaim a lán rothaíochta he does swimming on Tuesdays téann sé ag snámh ar an Máirt do you do any other sports? an imríonn tú aon spórt eile?, an nglacann tú páirt i spórt ar bith eile? 11 clean, maintain room, teeth, etc transitiveaistreach I have to do the lawn tomorrow caithfidh mé an léana a dhéanamh amárach he did his bedroom chuir sé caoi ar a sheomra, chóirigh sé a sheomra she's doing her hair tá sí ag réiteach a cuid gruaige, tá sí ag cóiriú a cuid gruaige she had her nails done fuair sí cóiriú ingne have you done your teeth? an bhfuil d'fhiacla déanta agat?, ar scuab tú do chuid fiacla? 12 create (work, document etc) transitiveaistreachdéan verb cmu they're doing a programme about 1916 tá siad ag déanamh clár faoi 1916 could you do me a photocopy? an bhféadfá fótachóip de a dhéanamh dom? he wanted to do my portrait theastaigh uaidh mo phortráid a tharraingt she's doing a book on the Famine tá leabhar ar an nGorta Mór á scríobh aici, tá sí i mbun leabhar ar an nGorta Mór 13 write report, essay, etc transitiveaistreachscríobh verb cmudéan verb cmu she did a thesis on the abstract noun scríobh sí tráchtas ar an ainm teibí he's doing a piece for the paper tá píosa á chur le chéile don nuachtán aige, tá sé ag scríobh píosa don nuachtán she did an essay on her holidays scríobh sí aiste ar a laethanta saoire 14 cook, prepare food transitiveaistreachdéan verb cmuréitigh verb cmu I haven't done the dinner yet níl an dinnéar déanta go fóill agam, níor réitigh mé an dinnéar go fóill will I do you an egg? an réiteoidh mé ubh duit?, an gcuirfidh mé síos ubh duit? 15 provide product, service transitiveaistreach do they do sandwiches? an ndíolann siad ceapairí?, an bhfuil ceapairí acu? I'll do you a deal tabharfaidh mé praghas maith duit, tabharfaidh mé margadh duit 16 organise (event) transitiveaistreach let's do lunch buailimis le chéile faoi choinne lóin, bíodh lón againn we did a big party for her d'eagraíomar cóisir mhór di, bhí cóisir mhór againn di 17 spend time perioddo time transitiveaistreachcuir isteach PhrV cmudéan verb cmucaith verb cmu I did three years in that job chaith mé trí bliana sa phost sin, chuir mé trí bliana isteach sa phost sin he's doing ten years for drug dealing tá sé ag déanamh deich mbliana sa phríosún as mangaireacht drugaí 18 travel distance, speed transitiveaistreachdéan verb cmutéigh verb cmu we did 30 km a day rinneamar 30 km in aghaidh an lae he was doing eighty kilometres an hour bhí sé ag déanamh ochtó ciliméadar san uair, bhí sé ag dul ochtó ciliméadar san uair 19 visit (place) transitiveaistreachtéigh go dtícuairt a thabhairt ar cmu there's a tour doing all the historic sites tá turas ann a théann go dtí na láithreacha stairiúla go léir we did Greece last year chuamar go dtí an Ghréig anuraidh 20 charge or punish sb transitiveaistreachan dlí a chur ar cmutabhair chun cúirtetabhair os comhair na cúirte no one was ever done for the robbery níor tugadh aon duine os comhair na cúirte riamh as an ngadaíocht, níor tógadh aon duine riamh as an robáil they did him for speeding chuir siad an dlí air as bheith ag tiomáint róthapa 21 very informalan-neamhfhoirmeálta kill sb transitiveaistreachtreascair verb cmucnag verb cmu shut up or I'll do you! éist do bhéal nó cnagfaidh mé thú!, dún do chlab nó dúnfaidh mise duit é! the full back tried to do him rinne an lánchúlaí iarracht é a threascairt 22 cheat, trick transitiveaistreachbob a bhualadh ar cmudallamullóg a chur ar cmu you've been done there buaileadh bob ansin ort 23 sterilise (animal) transitiveaistreachcoill verb cmugearr verb cmu 24 impersonate transitiveaistreachaithris a dhéanamh ar cmu he's good at doing Elvis tá sé go maith ag déanamh aithrise ar Elvis I can't do his accent ní féidir liom aithris a dhéanamh ar a chanúint, ní féidir liom a chanúint a dhéanamh 25 informalneamhfhoirmeálta take drug transitiveaistreachtóg verb cmuglac verb cmucaith verb cmu he doesn't do drugs ní ghlacann sé drugaí, ní thógann sé drugaí 26 very informalan-neamhfhoirmeálta have sex with transitiveaistreach my mate says he'd do her deir mo chara go dtabharfadh sé ceann di auxiliary verbbriathar cúnta 27 to form negatives► (present tense) I don't drink ní ólaim he doesn't see you ní fheiceann sé thú you don't know níl a fhios agat I don't like cheese ní maith liom cáis, ní thaitníonn cáis liom she doesn't live there now ní chónaíonn sí ansin anois, níl sí ina cónaí ansin anois they don't do any work ní dhéanann siad aon obair► (past tense) I didn't drink níor ól mé he didn't see you ní fhaca sé thú you didn't know ní raibh a fhios agat I didn't like cheese níor mhaith liom cáis, níor thaitin cáis liom she didn't live there at the time níor chónaigh sí ansin san am, ní raibh sí ina cónaí ansin san am they didn't do any work ní dhearna siad aon obair 28 to form questions► (present tense) does he play football? an imríonn sé peil? do you need help? an dteastaíonn cabhair uait?, an bhfuil cúnamh de dhíth ort? does it scare them? an scanraíonn sé iad?, an gcuireann sé eagla orthu? does she know? an bhfuil a fhios aici? do you know him? an bhfuil aithne agat air?► (past tense) did he play football? ar imir sé peil? did you need help? ar theastaigh cabhair uait?, an raibh cúnamh de dhíth ort? did it scare them? ar scanraigh sé iad?, ar chuir sé eagla orthu? did she know? an raibh a fhios aici? did you know him? an raibh aithne agat air? 29 to form negative imperatives don't fall ná tit don't be silly, lads ná bígí amaideach, a bhuachaillí don't drop your plate ná lig do do phláta titim don't forget to sign your forms ná déanaigí dearmad bhur bhfoirmeacha a shíniú 30 to form question tags they don't sell bicycles, do they? ní dhíolann siad rothair, an ndíolann? she told you, didn't she? d'inis sí duit, nár inis? you don't mind, do you? ní miste leat, an miste? it finished in a draw, didn't it? chríochnaigh sé ar comhscór, nár chríochnaigh? they did it to annoy us, didn't they? rinne siad é le cur isteach orainn, nach ndearna? 31 to form short answers 'Did he fix the door?' 'He did.' 'Ar dheisigh sé an doras?' 'Dheisigh.'; 'Ar chuir sé caoi ar an doras?' 'Chuir.' 'Do you see them?' 'I do.' 'An bhfeiceann tú iad?' 'Feicim.' 'Do they like drama?' 'They do.' 'An maith leo an drámaíocht?' 'Is maith.' 'Does she read much?' 'She doesn't.' 'An léann sí mórán?' 'Ní léann.' 'Did you go?' 'I didn't.' 'An ndeachaigh tú?' 'Ní dheachaigh.' 32 to avoid repeating verb I spend more in a week than she does in a month caithimse níos mó i seachtain ná a chaitheann sise i mí I thought he wouldn't finish it but he did cheap mé nach gcríochnódh sé é ach chríochnaigh she knows more than I do tá níos mó ar eolas aici ná mar atá agamsa, tá a fhios aici níos mó ná atá a fhios agamsa don't worry about falling; we all do occasionally ná bíodh imní ort faoi thitim; titimid go léir ó am go ham I didn't leave and neither did he níor fhág mise agus níor fhág seisean ach oiread I rang him and so did she ghlaoigh mise air agus ghlaoigh sise air freisin, scairt mise air agus rinne sise amhlaidh 33 used for emphasis some people do complain déanann daoine áirithe gearán we did make a lot of noise rinneamar a lán torainn ceart go leor he certainly does like to show off is cinnte gur maith leis a bheith ag déanamh gaisce they do at least acknowledge your contribution ar a laghad ar bith tugann siad aitheantas don mhéid a rinne tú 34 in polite request do sit down bí i do shuí do keep in touch now coinnigh i dteagmháil anois 35 in impatient request oh, do shut up! ó, dún do bhéal, in ainm Dé!; ó, dún do chlab, as ucht Dé! do stop interrupting, dear stop ag briseadh isteach mura miste leat, a stór 36 used when negative adverbial phrase begins clause not only does it rain, it snows too ní hamháin go mbíonn sé ag cur báistí, bíonn sé ag cur sneachta chomh maith at no point did she say it was ready ní dúirt sí in am ar bith go raibh sé réidh they didn't sing, nor did they play níor chan siad ná níor sheinn siad ach an oiread nounAinmfhocal 37 informalneamhfhoirmeálta party, social eventócáid fem2 cmucóisir fem2 cmupáirtí masc4 cmu they have a family do tomorrow beidh ócáid teaghlaigh acu amárach there's no Christmas do this year ní bheidh aon chóisir Nollag ann i mbliana 38 musicceol in tonic sol-fa masc4 cmu 39 musicceol note C masc4 cmu PhrasesNathanna could do without sth we could do without this níl sé seo ag teastáil uainn, ní haon chabhair dúinn é seo she can do without lectures from a fool like you níl léachtaí ó amadán mar tusa ag teastáil uaithi can't be doing with sth informalneamhfhoirmeálta I can't be doing with all this arguing ní féidir liom cur suas leis an argóint seo ar fad, ní bheinn gafa leis an argóint seo uilig, níl aon fhoighne agam don argóint seo go léir sb could do with sth he could do with a hand tá lámh chúnta ag teastáil uaidh, tá lámh chuidithe de dhíth air I could do with a cup of tea níor mhiste liom cupán tae to do something about sth you need to do something about your weight caithfidh tú rud éigin a dhéanamh faoi do mheáchan he couldn't do anything about the smell ní raibh sé in ann aon ní a dhéanamh faoin mboladh, ní raibh sé ábalta a dhath a dhéanamh faoin mboladh, ní raibh aon neart aige ar an mboladh they did nothing about the report ní dhearna siad dada faoin tuairisc do as you would be done by proverbseanfhocal de réir mar ab áil leat daoine a dhéanamh duit, déan dóibh sin mar an gcéanna proverbseanfhocalcaith le daoine eile mar ba mhaith leat go gcaithfidís leat féin to do ... for sb/sth 1 bring benefit bad publicity does nothing for us ní dhéanann drochphoiblíocht aon mhaitheas dúinn, ní cuidiú ar bith againn an drochphoiblíocht a hammering like that won't do much for their confidence ní chabhróidh greadadh mar sin mórán lena muinín the show did a lot for her reputation chuir an seó go mór lena clú 2 flatter that dress does nothing for her ní haon mhaise uirthi an gúna sin, is gann an slacht a chuireann an gúna sin uirthi the tattoo didn't do much for him níor fheil an tatú dó mórán, níor fhóir an tatú beag ná mór dó, níor oiriúnaigh an tatú go rómhaith é 3 please, attract presents don't do much for her níl spéis rómhór aici i mbronntanais, níl mórán airde aici ar bhronntanais she did nothing for him ní raibh aon dúil aige inti, ní raibh sé tógtha léi beag ná mór, ní raibh aird ar bith aige uirthi to do it very informalan-neamhfhoirmeálta are they doing it? an bhfuil siad ag bualadh craicinn?, an bhfuil siad ag bualadh leathair? to do it for sb informalneamhfhoirmeálta Italian cuisine does it for him is breá leis bia na hIodáile, tá sé an-tógtha le bia na hIodáile to do as you're told they never do as they're told ní dhéanann siad mar a deirtear leo riamh, ní dhéanann siad riamh an rud a deirtear leo sb doesn't do ... informalneamhfhoirmeálta he doesn't do humble ní nós leis a bheith umhal, níl sé tugtha don mhodhúlacht she doesn't do cheerful ní bean mhór ghealgháire í I don't really do weddings níl mé róthugtha do bhainiseacha, níl mórán airde agam ar bhainiseacha to do one very informalan-neamhfhoirmeálta tell him to do one abair leis imeacht i dteach an diabhail, abair leis greadadh leis dos and don'ts rudaí is ceart agus nach ceart a dhéanamh to do time informalneamhfhoirmeáltabheith sa phríosún to do well for yourself déanamh go maith duit féin they're doing well for themselves tá siad ag déanamh go maith dóibh féin, tá ag éirí go maith leo to do well out of sth usually pejorativedíspeagúildéanamh go maith as rud pejorativedíspeagúilgnóthú ar rud pejorativedíspeagúil she did well out of the will rinne sí go maith as an uacht he did well out of the divorce is maith a chuaigh an colscaradh dó to be done (also to have done) bheith réidh cmubheith críochnaithedeireadh a bheith déanta agat I'm done tá mé críochnaithe, tá mé réidh are you done with the phone? an bhfuil tú réidh leis an nguthán? we haven't done talking yet nílimid críochnaithe ag caint fós, níl deireadh ráite go fóill againn I'm done with that sort of work tá mé réidh leis an gcineál sin oibre, ní bhainim lena leithéid d'obair a thuilleadh to get sth done rud a dhéanamhrud a fháil déantarud a chur i gcrích have you got the homework done? an bhfuil an obair bhaile déanta agat? I hadn't time to get everything done ní raibh an t-am agam gach rud a chur díom he can get it done cheaply is féidir leis é a fháil déanta go saor to have (sth) to do with sth (also to be (sth) to do with sth) 1 be related to, involvebaint a bheith agat le rudbheith bainteach le rud it's mainly to do with equality issues is le ceisteanna comhionannais a bhaineann sé go príomha, ceisteanna comhionannais go príomha atá i gceist leis the letter has something to do with his contract baineann an litir lena chonradh ar bhealach éigin, tá baint éigin ag an litir lena chonradh history has a lot to do with the conflict tá baint mhór ag an stair leis an gcoimhlint 2 concern, be about it has to do with a friend of mine baineann sé le cara liom to have nothing to do with sb/sth (also to be nothing to do with sb/sth) 1 not be involved with he has nothing to do with the Church ní bhacann sé leis an Eaglais, ní bhíonn aon phlé aige leis an Eaglais she wanted nothing to do with that crowd ní raibh sí ag iarraidh aon bhaint a bheith aici leis an dream sin 2 not be related, linked to it had nothing to do with money ní raibh aon bhaint aige le hairgead, níor bhain sé le hairgead beag ná mór, ní raibh airgead i gceist what has that got to do with it? cén bhaint atá aige sin leis? that's nothing to do with anything níl baint aige sin le rud ar bith, scéal thairis is ea é sin we have nothing to do with those Burkes níl gaol ná ceangal againn leis na Búrcaigh sin 3 have no part in the argument was nothing to do with me ní raibh aon bhaint agamsa leis an argóint, ní raibh ladhar ná lámh agamsa san argóint, ní raibh baint ná páirt agamsa leis an argóint 4 not be sb's business stay out of this, it has nothing to do with you fan amach as seo, ní bhaineann sé leat what has this got to do with you? cén bhaint atá aige seo leatsa?, cad é de do ghnósa é seo?, cén chaoi a mbaineann sé seo leatsa? if I had it to do over (also if I could do it over) (especially USSAM) dá mbeadh breith ar m'aiféala agamdá mbeinn á dhéanamh arís how are you doing? informalneamhfhoirmeálta cén chaoi a bhfuil tú?cad é mar atá tú?conas atá tú? how do you do? Dia duit cmu it doesn't do to ... (also it won't do to ...) ní ceart ...níl sé indéanta ... it doesn't do to be so cynical ní ceart a bheith chomh soiniciúil sin it won't do to play like that on the big day ní dhéanfaidh sé cúis imirt mar sin ar an lá mór, ní bheidh sé maith go leor imirt mar sin ar an lá mór it wouldn't have done to be late ní bheadh sé ceart a bheith mall it's the ... that does it is é ... faoi deara éis é ... is cúis leisis é ... is bun leis it's the drink that does it is í an deoch is cúis leis, is í an deoch faoi deara é nothing doing informalneamhfhoirmeálta 1 nothing happening there's nothing doing here níl dada ag tarlú anseo, níl a dhath ag tarlú anseo, níl faic na ngrást ag tarlú anseo 2 nothing available I looked everywhere but nothing doing chuardaigh mé gach áit ach ní raibh dada le fáil, chuardaigh mé gach áit ach b'fhánach an mhaise dom é 3 used as firm refusalseans dá laghadseans ar bith (oh) no you don't informalneamhfhoirmeáltaseans dá laghadseans ar bith a poor/rum do informalneamhfhoirmeáltais bocht an scéal é to tell sb what to do with sth informalneamhfhoirmeáltaa rá le duine céard a dhéanfaidh sé le rud I told him what to do with his offer dúirt mise leis cad a dhéanfadh sé lena thairiscint, d'inis mise dó cén áit ar cheart dó a thairiscint a chur sb knows what they can do with sth informalneamhfhoirmeálta the solicitor knows what he can do with his bill tá a fhios ag an dlíodóir céard a dhéanfaidh sé lena bhille, tá a fhios ag an dlíodóir cá gcuirfidh sé a bhille that does it informalneamhfhoirmeáltasin é you've done it now (also you've done it this time) informalneamhfhoirmeáltatá sé déanta anois agattá an diabhal déanta anois informalneamhfhoirmeáltatá an súiche sa phota anois informalneamhfhoirmeáltatá do chac anois agat very informalan-neamhfhoirmeálta that will do is leor sin what can I do for you? an bhféadfainn cuidiú leat?an dtig liom cuidiú ar bith a thabhairt duit?an féidir liom cabhrú leat?céard is féidir liom a dhéanamh duit? what can I do you for? used humorouslyúsáid ghreannmhar anois, más ea!anois, a dhuine uasail! what am I going to do with you? cad é a dhéanfaidh mé leat ar chor ar bith?tá mo chroí briste leattá mo chroí briste agat sth will do that will do déanfaidh sé sin cúis, déanfaidh sé sin an beart, déanfaidh sé sin an gnó, déanfaidh sé sin an jab that'll do! is leor sin! tea would do very nicely dhéanfadh tae cúis bhreá, ní bheadh aon chaill ar chupán tae ten euro each will do is leor deich euro an duine, déanfaidh deich euro an duine cúis that old bucket will do for the ashes déanfaidh an seanbhuicéad sin cúis don luaithreach sth will do sb it'll do me as it is déanfaidh sé cúis dom mar atá, déanfaidh sé an beart dom mar atá will that do you? an ndéanfaidh sé sin cúis duit?, an leor sin duit? that cheque will do him for a month or two déanfaidh an seic sin cúis dó ar feadh míosa nó dhó, coinneoidh an seic sin ag gabháil é ar feadh míosa nó dhó sth won't do 1 not adequate anything other than a full apology won't do for the family ní dhéanfaidh aon rud ach leithscéal iomlán cúis don teaghlach, ní bheidh an teaghlach sásta le haon rud ach leithscéal iomlán you'll need plates (paper plates won't do) beidh plátaí ag teastáil (ní leor plátaí páipéir), beidh plátaí de dhíth (ní dhéanfaidh plátaí páipéir an beart) the hall won't do for a crowd that big ní bheidh an halla in ann ag slua chomh mór sin, níl an halla mór go leor do shlua chomh mór sin 2 not acceptable this lack of attention won't do níl an easpa aire seo maith go leor, níl an easpa aire seo sásúil, níl an easpa aire seo sách maith what does sb do for ...? what do you do for money? cá bhfaigheann tú do chuid airgid?, cad é a dhéanann tú i dtaca le hairgead de? what'll we do for drink when the pub closes? cá bhfaighimid deoch agus an teach tábhairne dúnta?, cad a dhéanfaimid i dtaobh dí agus an teach ósta dúnta? what have you done to your ...? what have you done to your hand? céard a rinne tú le do lámh?, céard a tharla do do lámh?, cad é a tháinig ar do lámh? what have you done with sth/sb? what have I done with the money? cár chuir mé an t-airgead?, cad a rinne mé leis an airgead? what have you done with the kids? cad a rinne tú leis na páistí?, cár fhág tú na páistí? what is sb/sth doing here? what is that idiot doing here? céard atá an t-amadán sin a dhéanamh anseo?, cad a thug an t-amadán sin anseo? what is he doing on the committee? cad atá seisean a dhéanamh ar an gcoiste?, cén fáth a bhfuil seisean ar an gcoiste? what is sb doing ...? what is he doing digging in the garden? cad atá ar bun aige ag tochailt sa ghairdín?, cén gnó atá aige ag tochailt sa ghairdín?, céard atá á dhéanamh aige ag tochailt sa ghairdín? what's done is done níl neart air anoisan rud atá thart bíodh sé thart sb would do well to do sth Mary would do well to stay away from her níor chás do Mháire fanacht uaithi, fanadh Máire ar shiúl uaithi má tá fios a leasa aici John would do better to shut his gob b'fhearr do Sheán a chlab a dhúnadh, b'fhearr an mhaise do Sheán a bheith ina thost Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ do away with→ do down→ do for→ do in→ do out→ do out of→ do over→ do to→ do up→ do with→ do without
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...
do - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for do by Foras na Gaeilge