Similar words :

desperate

adjectiveaidiacht 1 person, act, etcbaothdhána adj3 cmu her parents were desperate bhí a tuismitheoirí i mbarr a gcéille I was getting desperate bhí mé ag dul as mo mheabhair, bhí mé réidh le mé féin a chaitheamh i bhfarraige he looked desperate bhí cuma an éadóchais air, dhealraigh sé go raibh sé ar anchaoi, bhí cuma air go raibh drochdhóigh air a desperate act gníomh baothdhána, beart baothdhána a desperate plea achainí ó chroí, achainí thruamhéalach 2 violent, dangerousainsrianta adj3 cmu they were desperate criminals ba choirpigh iad nach raibh aird ar Dhia ná ar dhuine acu, ba choirpigh iad nach ligfeadh do rud ar bith bac a chur orthu 3 attempt , measures, etc he made a desperate attempt to rescue her rinne sé tréaniarracht í a tharrtháil the school is engaged in a desperate fight for pupils tá an scoil ag troid go dian chun daltaí a mhealladh we had to take desperate measures bhí orainn céimeanna éigeandála a ghlacadh I was forced to do something desperate cuireadh orm rud éigin uafásach a dhéanamh 4 need, desire for sth give us a fag - I'm desperate tabhair dom toitín - tá cíocras tobac orm they're desperate for food tá siad marbh ag an ocras, tá siad stiúgtha leis an ocras, tá slabhra ocrais orthu he was desperate for the toilet bhí sé réidh le pléascadh, bhí leatra air she was desperate to see him again bhí sí ar bís chun é a fheiceáil arís, bhí sí i mbroid le hé a fheiceáil arís both sides are desperate to avoid war tá an dá thaobh ag iarraidh cogadh a sheachaint ar ais nó ar éigean he's in desperate need of help tá géarghá aige le cúnamh, tá cabhair ag teastáil go géar uaidh, tá cuidiú de dhíth go crua air 5 situationuafásach adj1 cmumillteanach adj1 cmu it's a desperate situation is uafásach an scéal é, is bocht an scéal é, tá cúrsaí go hainnis they're living in desperate poverty tá siad beo bocht, níl acu ach ón lámh go dtí an béal the country is in a desperate state tá an tír ar anchaoi, tá drochdhóigh amach ar an tír 6 informalneamhfhoirmeálta bad, unpleasantuafásach adj1 cmumillteanach adj1 cmu this kitchen looks desperate tá cuma uafásach ar an gcistin seo, tá an-drochbhail ar an gcistin seo it was a desperate film scannán millteanach a bhí ann, ní raibh aon dealramh leis mar scannán, bhí sé lofa mar scannán there's a desperate smell in this room tá boladh uafásach sa seomra seo, tá boladh damanta sa seomra seo that's desperate altogether tá sé sin uafásach amach is amach!, tá sé sin millteanach ar fad! 7 informalneamhfhoirmeálta person: annoying he's a desperate man tá an diabhal amach air, ní féidir a bheith leis
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...