Similar words :

deny

verbbriathar 1 allegation etc transitiveaistreachséan verb cmu he has denied the allegations tá na líomhaintí séanta aige she denied any wrongdoing shéan sí go ndearna sí aon rud as bealach she repeatedly denied killing them shéan sí arís agus arís eile gur mharaigh sí iad the minister has strongly denied rumours that he's about to retire tá na ráflaí go bhfuil sé ar tí éirí as séanta go láidir ag an aire 2 access, facility, etc transitiveaistreach he was denied access to a lawyer séanadh dlíodóir air, níor ligeadh dó dul i gcomhairle le dlíodóir they're denying care to sick people tá siad ag ceilt cúraim ar dhaoine tinne they were denied boarding níor ligeadh dóibh dul ar bord to deny yourself sth rud a cheilt ort féin he denied himself food for a few days staon sé ó bhia ar feadh cúpla lá 3 feelings, problems, etc transitiveaistreachséan verb cmu she's denying the problem tá sí ag séanadh go bhfuil an fhadhb ann, tá sí ag diúltú glacadh leis go bhfuil an fhadhb ann 4 disavow transitiveaistreachséan verb cmu he denied his parents shéan sé a thuismitheoirí they denied their faith shéan siad a gcreideamh PhrasesNathanna I can't deny sth I can't deny that I was there ní féidir liom a shéanadh go raibh mé ann nobody can deny sth (also no one can deny sth) nobody can deny that he has made progress ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun cinn déanta aige, caithfear a rá go bhfuil dul chun cinn déanta aige there's no denying sth there's no denying that it was a mistake ní féidir a shéanadh gur botún a bhí ann, botún a bhí ann agus níl séanadh air sin, caithfear glacadh leis gur botún a bhí ann
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...