Similar words :

behind

prepositionréamhfhocal 1 at or to back oftaobh thiar de  cmuar chúl  cmulaistiar de  cmu he was sitting behind Tadhg bhí sé ina shuí taobh thiar de Thadhg, bhí sé ina shuí ar chúl Thaidhg, bhí sé ina shuí laistiar de Thadhg she was hiding behind the door bhí sí i bhfolach taobh thiar den doras, bhí sí i bhfolach ar chúl an dorais the players were standing one behind the other bhí na himreoirí ina seasamh duine i ndiaidh an duine eile, bhí na himreoirí ina seasamh duine ar chúl an duine eile, bhí na himreoirí ina seasamh duine i ndiaidh a chéile the cars were parked one behind the other bhí na carranna páirceáilte ceann i ndiaidh an chinn eile, bhí na carranna páirceáilte ceann i ndiaidh a chéile I saw him from behind the curtains chonaic mé é as taobh thiar de na cuirtíní, chonaic mé é ó laistiar de na cuirtíní the road behind the house an bóthar taobh thiar den teach, an bóthar ar chúl an tí, an bóthar laistiar den teach we looked behind us d'fhéachamar taobh thiar dínn, d'fhéachamar ar ár gcúl, d'fhéachamar siar laistiar dínn 2 on other side oftaobh thiar de  cmulaistiar de  cmuar chúl  cmu she was sitting behind the desk bhí sí ina suí taobh thiar den deasc, bhí sí ina suí laistiar den deasc he was listening behind the door bhí sé ag éisteacht ar chúl an dorais, bhí sé ag éisteacht taobh thiar den doras behind enemy lines taobh thiar de línte an namhad the sun came out from behind the clouds tháinig an ghrian amach as taobh thiar de na scamaill, nocht an ghrian as cúl na néalta 3 followingtaobh thiar de  cmui ndiaidh  cmuar chúl  cmulaistiar de  cmu the team walked behind the captain shiúil an fhoireann taobh thiar den chaptaen, shiúil an fhoireann i ndiaidh an chaptaein, shiúil an fhoireann ar chúl an chaptaein, shiúil an fhoireann laistiar den chaptaen 4 in sequence or timetaobh thiar de  cmui ndiaidh  cmuar chúl  cmuchun deiridh ar  cmu most of the other runners came in behind me tháinig formhór na reathaithe eile isteach i mo dhiaidh Italy finished second behind Spain chríochnaigh an Iodáil sa dara háit, i ndiaidh na Spáinne; chríochnaigh an Iodáil sa dara háit, taobh thiar den Spáinn she was six seconds behind the winner bhí sí sé shoicind taobh thiar den bhuaiteoir, bhí sí sé shoicind ar chúl an bhuaiteora 5 after departure, movement awayi ndiaidh  cmu I left my purse behind me d'fhág mé mo sparán i mo dhiaidh he closed the door behind him dhún sé an doras ina dhiaidh 6 responsible fortaobh thiar de  cmulaistiar de  cmuar chúl  cmu who's behind this attack? cé atá taobh thiar den ionsaí seo?, cé is cúis leis an ionsaí seo?, cé is cionsiocair leis an ionsaí seo? that's the reason behind the street violence sin é is cúis leis an bhforéigean sráide, sin é atá laistiar den fhoréigean sráide 7 underpinningtaobh thiar de  cmu the principles behind the design na prionsabail atá taobh thiar den dearadh, na prionsabail a bhfuil an dearadh bunaithe orthu nobody understands the thinking behind the changes ní thuigeann aon duine an smaointeoireacht atá taobh thiar de na hathruithe, ní thuigeann duine ar bith an bunús atá leis na hathruithe 8 late with regard to we were running behind time bhíomar mall, bhíomar déanach, bhí an t-am ag breith orainn the film was running behind schedule bhí moill ar an scannán, bhí an scannán mall ag tosú 9 less advanced thanchun deiridh ar  cmuar chúl  cmu Ireland was behind the other countries in research bhí Éire chun deiridh ar na tíortha eile i gcúrsaí taighde, bhí Éire ar chúl na dtíortha eile i gcúrsaí taighde the boy was falling behind his classmates bhí an buachaill ag titim chun deiridh ar a chomhscoláirí she was a year behind children of a similar age bhí sí bliain chun deiridh ar leanaí dá comhaois 10 sportspórt lower in score etc thanchun deiridh ar  cmu they went two points behind us chuaigh siad dhá phointe chun deiridh orainn 11 supportingtaobh thiar de  cmuar chúl  cmulaistiar de  cmu I'm hoping the fans will get behind me tá mé ag súil go dtiocfaidh an lucht tacaíochta taobh thiar díom, tá mé ag súil go dtacóidh an lucht leanúna liom we're one hundred per cent behind you táimid céad faoin gcéad taobh thiar díot, táimid céad faoin gcéad ar do chúl 12 no longer relevant totaobh thiar de  cmu that business is all behind me now tá an gnó sin fágtha i mo dhiaidh agam, tá an gnó sin curtha taobh thiar díom anois agam 13 in sb's favourtaobh thiar de  cmuar chúl  cmu she has five years on stage behind her tá taithí cúig bliana aici ar an ardán, tá cúig bliana ar an stáitse taobh thiar di aici adverbdobhriathar 14 position: to back, at rearthiar  cmu we were sitting in the car with a three mile queue behind bhíomar inár suí sa charr agus scuaine trí mhíle taobh thiar dínn, bhíomar inár suí sa charr agus scuaine trí mhíle ar ár gcúl, bhíomar inár suí sa charr agus scuaine trí mhíle laistiar dínn the building behind is part of the college is cuid den choláiste an foirgneamh thiar ansinfrom behind 15 direction: to rear, awaysiar  cmutaobh thiar  cmu she looked behind at the view d'fhéach sí siar ar an radharc, d'fhéach sí ar a cúl ar an radharc 16 following, further back in time or distancetaobh thiar  cmuar chúl  cmu he was walking 100 metres behind bhí sé ag siúl 100 méadar taobh thiar watch the traffic which is behind coinnigh súil ar an trácht atá taobh thiar díot 17 after sb's departure or death she leaves behind a husband and a daughter maireann a fear céile agus a hiníon 18 latear gcúl  cmuchun deiridh  cmu I was a day behind with the work bhí mé lá ar gcúl leis an obair, bhí mé lá chun deiridh leis an obair, bhí mé lá déanach leis an obair, bhí mé lá mall leis an obair he was a day behind in writing back bhí sé lá déanach ag scríobh ar ais 19 financeairgeadas in arrearsar gcúl  cmui riaráiste  cmu I was behind with the rent bhí mé ar gcúl leis an gcíos, bhí riaráiste cíosa orm she fell behind with her repayments thit sí ar gcúl lena haisíocaíochtaí, thit sí i riaráiste lena haisíocaíochtaí 20 less advancedchun deiridh  cmuar deireadh  cmuar gcúl  cmu the party is behind in the opinion polls tá an páirtí chun deiridh sna pobalbhreitheanna, tá an páirtí ar gcúl sna pobalbhreitheanna he got behind with his work thit sé chun deiridh lena chuid oibre he's two years behind in reading tá sé dhá bhliain chun deiridh sa léitheoireacht 21 sportspórt lower in score etcchun deiridh  cmu they're 10 points behind tá siad 10 bpointe chun deiridh nounAinmfhocal 22 informalneamhfhoirmeálta sb's bottomtóin fem3  cmuleath deiridh  cmu a kick up the behind cic sa tóin PhrasesNathanna from behind ón gcúl they grabbed me from behind rug siad ón gcúl orm he pushed her from behind bhrúigh sé í ón gcúl to come from behind Down came from behind to win bhuaigh an Dún tar éis dóibh a bheith ar gcúl
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...